Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-06-26

Triantán suthain grá

Fágann teirce na n-úrscéalta Gaeilge (nó ar a laghad an líon bhig acu a bhfuil teacht éasca agam orthu!) go mbím ag léamh úrscéalta i nGaeilge as seánra nach ndruidfinn leo as Béarla (cé go mb'fhéidir go léifinn as Gearmáinis iad)
Is léargas mná ar chúrsaí grá atá san scéal seo. Bean atá pósta ach míshásta lena chéile; agus atá i ngrá - nó b'fhéidir i ndrúis - le fear eile, fear a bhfuil aithne acu araon air. Scéal na caidrimh seo thar líon mór blianta atá san úrscéal, agus na caidrimh eile a theagmhaíonn leo. 
Bheadh bá éigin agam don mbean ach bhí sé deacair agam aon bhá a bheith agam don fhear eile - shílfeá go raibh sé ag cur an aibíocht ar an méar fhada, ach teacht i dtír ar a leannáin agus a ngaolta siúd thar rud ar bith eile.
Ainneoin, mar a deirim, nach é seo an chineál litríochta a léim de ghnáth chuir mé spéis sa phlota agus sna carachtar - shíl mé an rud ar fad a bheith réalaíoch, intuigthe go maith.
I mBré atá mór chuid de na heachtraí, agus bhí taitneamh le baint as suímh a bhfuil cur amach agam orthu a aithint.
Tá sé go deas freisin bheith tumtha san saol comhaimseartha uirbeach as Gaeilge. Mar Ghaeilgeoir Cathrach mhothaigh mé sa bhaile, mar a déarfá, san saol a  léirítear ann (cé go mbeadh mo sheasamh ar chúrsaí collaí rud beag éagsúil,  dar ndóigh)
Mholfainn é mar lón léitheoireachta. 


Filleann Seoirse
Éilis Ní Anluain
€18.00 (crua),
176 lch,
ISBN 1 898332 59 6