Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-07-14

Cló nua?

San eagrán reatha (Iúil 2013) de Iris Comhar tá alt ag Alex Hijmans ag cur síos ar nuachtán ar líne Ollannach,  De Nieuwe Pers (An Phreas Nua). Slua-chistiú - airgead ón bpobal - a chuir an bun airgeadú ar fáil chun an fiontar a chuir ar bun. Is féidir bun síntiúis  a bhaint amach, agus freisin íoc  as saothar colúnaí ar leith ar phraghas íseal in aghaidh na míosa.

Molann sé go dtabharfaí faoina leithéid as Gaeilge freisin.

Is dóigh liom go bhfuil an ceart aige.

Ní smaoineamh iomlán nua atá ann don Ghaeilge, agus i bhfianaise na ceisteanna faoi airgeadú nuachtáin agus irisí i nGaeilge ag an Stáit is fiú tabhairt faoi arís, sílim.

Cinnte, dhíol Lá Nua scaireanna leis an bpobal. Bhí An Druma Mór ag cuir cóip chuig síntiúsóirí ach nuair  a rinneadh Nuacht24 de is airgead stáit a choinnigh ag dul arís iad. Ar leibhéal níos ginearálta, tá Fondúireacht na Gaeilge ag cnuasach airgead chun nithe a dhéanamh neamhspleách ar an Stáit. Chnuasaigh Fíbín thart ar cúig míle chun cabhrú Sétanta a chuir ar stáitse. Go bhfios dom is gan deontas atá An Timire á chuir ar fáil (ach tá acmhainní á roinnt acu le fiontair eile de chuid na nÍosánach).

Sílim áfach go mbeadh rath ar fheachtas mar a mholann Alex agus go mbeadh toradh fónta air. Cinnte bheinnse sásta íoc as colúin, mar shampla, Alan Titley, nó Áine Ní Chiaráin, nó Sean Tadhg Ó Gairbhí  - nó go deimhin an iliomad duine eile a bhfuil rud le rá acu agus cumas é a rá!

Seachnaíonn foilsiú ar líne mar seo na gnáth deacrachtaí maidir le dáileadh agus teacht air. Agus le feabhas ar litreoirí agus gramadóirí, beidh ar chumas scríbhneoirí an deasc eagarthóireacht a dhéanamh iad féin freisin. 

Tá iarrachtaí fónta á dhéanamh ag leithéidí Nuacht24 (le deontas), iGaeilge agus an Tuairisceoir (gan deontas); ach tá sé in am dul céim chun cinn.

2013-07-09

Cassandra? Nó an buachaill a scairt faolchú? Nó...?

Tharraing Dennis m'aird ar an t-agallamh seo  le Jason Lanier. Tá agallamh spéisiúil eile leis anseo: Spreag sin m'fhiosracht agus fuair mé leabhar dá chuid ón leabharlann - You are not a Gadget

Caithfidh mé rá go bhfuil cuid dá argóintí a shílim a bheith beagnach baoth. Mar shampla, a bharúil gur tháinig an suíomh Instagram in áit na comhlachta Kodak. (Tá bréagnú déanta ag eacnamaithe  ar an barúil sin anseo agus anseo) Ní slán an samhail sin in aon chor - comhlacht crua earraí don gcuid is mó is ea Kodak; níl in Instagram ach dóigh chun grianghraif digiteacha a mhaisiú agus a roinnt. Theip ar Kodak teacht i dtír i gceart ar na margaí nua do chrua earraí digiteacha - ní raibh ach baint thánaisteach ag an idirlíon leis an teip sin; agus scéal thairis is ea rath Instagram - ceann den iliomad comhlacht atá ag teacht i dtír ar chraos daoine rudaí a roinnt leis an saol mór.

Mar sin féin rinne mé treabhadh tríd an leabhair. Fear é seo a bhí agus atá in cheannródaí ríomhaireachta, baint aige le forbairtí suntasacha san réaltacht fíorúil. É anois ina shaoi ag Rannóg Taighde Microsoft.  Aithne ó thús aige ag fáithe eile an idirlín, fearacht Richard Stallman. Ach é éadóchasach faoi anois.

Seachas corr smaoineamh anseo is ansiúd bhí an dua ag baint leis an léamh agus n'fheadar ar bhain mé mórán tairbhe as.

Téis amháin dá chuid a bheadh glacadh agam leis - go bhfuil cultúr roinnt agus scaipeadh an idirlíon ag cruthú dua do cheoltóirí agus oirfidigh eile. Ach n'fheadar an raibh sé riamh éasca ag oirfidigh aitheantas agus slí beatha ceart a bhaint amach? An bhfuil rudaí dáiríre éagsúil de bharr an idirlíon? Feictear dom féin gurbh iad na doirseoirí - na lipéid ceoil, na nuachtáin, na foilsitheoirí - is mó atá thíos leis. 

Ag go bunúsach an deacracht is mó ata agam le fáithe an idirlín - pé acu an á bheannú nó á dhamnú atá siad - go bhfeictear dom go bhfuil áibhéil á dhéanamh acu ina thábhacht. Cinnte, bainimse mar innealtóir bogearraí ana thairbhe gairmiúil as mar fhoinse eolais agus is cinnte go bhfuilim níos táirgiúla dá bharr. Inneall  a chuireann le cumas an inchinn is ea ríomhaire, agus is líonra ríomhairí an idirlíon - bua atá ansin do lucht oibre inchinne.

Fós féin, don chuid is mó againn is siamsaíocht don gcuid is mó an idirlíon - é sách ard ar phirimid Maslow na riachtanais. Mar sin, níl an idirlíon ar an rud is lárnaí san saol, ná baol air. Agus dá mbeadh bunús lena théis go bhfuil an idirlíon ag scrios an meánaicme - is an idirlíon féin a bheadh thíos leis sin.

(Sa mhullach ar sin, ní raibh mé tógtha lena chuid próis - is ag treabhadh tríd an leabhar a bhí mé, ag lorg corr gráin gaoise sa bhaois fhoclach.)


2013-07-08

Na lusanna i measc na cnoic

Tá sé tamall ó chuaigh mé amach ag siúl i gceart. Mar sin, thapaigh mé an deis inné nuair  a bhí siúlóid éasca le bheith ag na Cnocadóirí. Siúlóid i lúb, bunaithe ar Slí Sléibhe Átha Cliath, a bhí le bheith ann.
Thosaigh muid amach ag Tábhairne Brady's sa tSean Chill. Bhíodh ana thaithí agam ar an mbaile úd - bhí teach ag mo shean-mhuintir trasna ón tábhairne. Teach ar leith a bhí ann; trian de "theach mór" - sciar na ngiollaí! Bhí dorchla amháin thuas staighre gan fuinneog ar bith ann seachas sa díon - i dtreo is nach bhfeadfadh lucht freastal bheith ag cúl-féachaint ar na huaisle ina ngairdín féin! Bhí díon mós ard sa chistin freisin, áit a mbíodh mo sheanmháthair ag cruthú iontaisí  fearacht éclairs seacláide. Chaith mé roinnt tréimhsí ann léi, go hairithe i ndiaidh do mo sheanathair bás a fháil ag tús na 1980í.   Bhíodh corr siúlóid againn ón teach agus bhí mé ar Charraig Uallacháin agus ag an simléir in aice leis freisin.

Damhán Alla - buí!

Sách gar do thús na siúlóide - ar bhealach atá marcáilte leis na gnáth fir buí - tháinig muid ar an gCros teorann seo - ceann de Chroiseanna an Fhásaigh Rua atá inti is cosúil ach is beag m'eolas orthu. Tá sí ag imeall Choill Ráth Mhíchíl. Shiúl muid suas isteach sa choill agus d'fhág an chonair marcáilte ar feadh seal chun súil a chaitheamh ar Ráth Mhíchíl féin - i sean reilig tá fothrach eaglaise ó na meán aoiseanna, roinnt leaca ó i bhfad níos luaithe, agus bun cloigthí.

Shiúl muid ar aghaidh ansin go Carraig Uallacháin agus go dtí an simléir a bhaineann le sean oibreacha luaidhe níos faide thíos. (Bhí tollán ann chun an deatach nimhneach a thabhairt suas ann agus a scaipeadh go hard san aer) Fán bealach thug muid cuairt gairid ar Chaisleán an Phúca - áit ar chaith Séamas a' Chaca oíche nó dhó agus é ag teitheadh ó Chath caillte na Bóinne - más fíor.
D'fhill muid mórán an bealach céanna ón simléir do Tí Brady.
Thug mé suntas don oiread bláthanna a bhí ag fás, agus a ilchineálach is a bhí siad. Fear cathrach mé, agus níl ar mo chumas ainm a chuir ar mórán acu. D'aithin mé an Méaracán púca a bhí fairsing, an feileastram, nóiníní dar ndóigh, an odhrach ballach. Sílim, tar éis dom dul i gcomhairle le Flóra Chorca Dhuibhne, go bhfaca mé Luibh an chreatha, agus an Falcaire fiáin. Cinnte chonaic mé Trom faoi bhláth.   Bhí fraocháin fairsing. Agus tuilleadh mór nach iad. 

Agus an créatúr buí úd sa ghrianghraif thuas - cineál damhán alla. Chonaic muid cinéal éigin lucha freisin - eireaball fhada agus fionnadh donnrua.

Is iontach fásach mar é a bheith ar thairseach na cathrach - agus ainneoin sin níl an áit chomh brocach bruscrach is a d'fheadfadh a bheith. Go deimhin bhí caoi maith ar na cosáin, agus roinnt mion-siúlóidí eile marcáilte go maith freisin. Bhí an cuma air go raibh cúrsa buan treodóireacht leagtha amach thart ar Charraig Uallacháin freisin. Lá taitneamhach!

2013-07-07

Téanam oraibh chuig an sorcas!

Chaith m'iníon an tráthnóna ar fad inné ag an Ark. D'fhág mé ann í ar feadh uair go leith agus í ag tabhairt faoi cheardlann cleasa sorcais - d'fhoghlaim sí conas lámh-chleasa a imirt le liathróidí agus - sílim - bolas, i. meall trom ar dheireadh téide, ach go raibh scairf daite ceangailte de. Bhí siad ag cur pláta ag casadh ar bharr maide freisin, agus d'éirigh go breá léi ag coinneáil cleite péacóige cothrom ar barr a méar.
Bhí deis againn greim gasta a fháil i bproinnteach gar do láthair, ansin ar ais linn go beo don "turas". Thosaigh muid amach in íoslach  an fhoirgnimh, áit go raibh taispeántas de portráidí de Muintir Fossett a rinne Bryan O'Brien don Irish Times.
Nuair a bhí muid uilig bailithe tháinig bean feistithe mar Mháistreás an tSorcais agus rinne píosa cainte faoi saol an tsorcais - obair chrua, ilchineálach, ach spraoi freisin. D'inis sí dúinn faoin dteanga ceirde ag lucht an tsorcais - Parlari - agus d'inis dúinn gurbh ise an Gaffer a bheadh orainn agus d'iarr orainn jal orderly (dul go gasta) suas staighre. (Bhí focail Parlari breactha thall is abhus san fhoirgneamh ar fad)
San amharclann thuas staighre bhí fear  thug "Francesco Machiavelli" ar féin agus a bhí ag caint ar oiliúint chapaill don sorcas. Rinne sé roinnt cleasa le beirt des na leanaí - m'iníon ina measc. Ansin léiríodh físeán dúinn de bheirt de mhuintir Duffy ag cleachtadh a gceird ar mhuin chapaill.
Thug an Gaffer suas staighre eile muid áit a raibh Arturo an fear grinn ag fanacht orainn. (Níor aithin mé ag an am é, ach sílim anois gurbh é an fear céanna, faoi bhréagriocht nua, a bhí ann)
D'fhág Máistreás an tSorcais leis muid tar éis babhta geáitsíochta a d'fhág m'iníon agus cailín eile  sna tríthe ag gáirí. Tar éis dó iad a shuaimhniú le cleas nó dhó eile d'inis sé dúinn faoi roinnt fir grinn stairiúla - agus faoi bhean grinn Annie Fratellini, a bhunaigh Acadamh Sorcais! B'iontach an dóigh a d'athraigh sé a bhlas agus a chanúint de réir na tíre a raibh sé ag trácht air!
Suas staighre eile ansin, agus isteach i seomra diamhair áit a inis bean (Máistreás an tSorcais, ach faoi bhréagriocht nua) scéal diamhair draíochta dúinn faoi pháiste draíochta san sorcas - agus bhronn cleite dearg ar na páistí le cabhrú leo meabhrú ar na rudaí a fhaca siad ar an lá. Lonnaigh sí an scéal in san tríú sorcas Éireannach - Gerbola.
Suas staighre eile fós go dtí an díon - áit a raibh daoine ann le cabhrú leis na gasúir aghaidh fidil a dhéanamh as pláta páipéir.
Lá den scoth; thaitin sé liom ach go háirithe gur lonnaigh siad an reacaireacht i measc lucht sorcais Éireannach. Fearacht aon siamsaíocht eile a bhfuil a lán daoine de dhíth dó, tá an bhrú ar lucht sorcais.
Tá an taibhe seo ar siúl go dtí deireadh mí Lúnasa;  athraíonn na ceardlanna ó am go chéile,  tá na sonraí ar fáil ar shuíomh The Ark.
Mholfainn d'aoinne le páistí nó gar-pháistí - aghaidh a thabhairt air!