Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-07-09

Cassandra? Nó an buachaill a scairt faolchú? Nó...?

Tharraing Dennis m'aird ar an t-agallamh seo  le Jason Lanier. Tá agallamh spéisiúil eile leis anseo: Spreag sin m'fhiosracht agus fuair mé leabhar dá chuid ón leabharlann - You are not a Gadget

Caithfidh mé rá go bhfuil cuid dá argóintí a shílim a bheith beagnach baoth. Mar shampla, a bharúil gur tháinig an suíomh Instagram in áit na comhlachta Kodak. (Tá bréagnú déanta ag eacnamaithe  ar an barúil sin anseo agus anseo) Ní slán an samhail sin in aon chor - comhlacht crua earraí don gcuid is mó is ea Kodak; níl in Instagram ach dóigh chun grianghraif digiteacha a mhaisiú agus a roinnt. Theip ar Kodak teacht i dtír i gceart ar na margaí nua do chrua earraí digiteacha - ní raibh ach baint thánaisteach ag an idirlíon leis an teip sin; agus scéal thairis is ea rath Instagram - ceann den iliomad comhlacht atá ag teacht i dtír ar chraos daoine rudaí a roinnt leis an saol mór.

Mar sin féin rinne mé treabhadh tríd an leabhair. Fear é seo a bhí agus atá in cheannródaí ríomhaireachta, baint aige le forbairtí suntasacha san réaltacht fíorúil. É anois ina shaoi ag Rannóg Taighde Microsoft.  Aithne ó thús aige ag fáithe eile an idirlín, fearacht Richard Stallman. Ach é éadóchasach faoi anois.

Seachas corr smaoineamh anseo is ansiúd bhí an dua ag baint leis an léamh agus n'fheadar ar bhain mé mórán tairbhe as.

Téis amháin dá chuid a bheadh glacadh agam leis - go bhfuil cultúr roinnt agus scaipeadh an idirlíon ag cruthú dua do cheoltóirí agus oirfidigh eile. Ach n'fheadar an raibh sé riamh éasca ag oirfidigh aitheantas agus slí beatha ceart a bhaint amach? An bhfuil rudaí dáiríre éagsúil de bharr an idirlíon? Feictear dom féin gurbh iad na doirseoirí - na lipéid ceoil, na nuachtáin, na foilsitheoirí - is mó atá thíos leis. 

Ag go bunúsach an deacracht is mó ata agam le fáithe an idirlín - pé acu an á bheannú nó á dhamnú atá siad - go bhfeictear dom go bhfuil áibhéil á dhéanamh acu ina thábhacht. Cinnte, bainimse mar innealtóir bogearraí ana thairbhe gairmiúil as mar fhoinse eolais agus is cinnte go bhfuilim níos táirgiúla dá bharr. Inneall  a chuireann le cumas an inchinn is ea ríomhaire, agus is líonra ríomhairí an idirlíon - bua atá ansin do lucht oibre inchinne.

Fós féin, don chuid is mó againn is siamsaíocht don gcuid is mó an idirlíon - é sách ard ar phirimid Maslow na riachtanais. Mar sin, níl an idirlíon ar an rud is lárnaí san saol, ná baol air. Agus dá mbeadh bunús lena théis go bhfuil an idirlíon ag scrios an meánaicme - is an idirlíon féin a bheadh thíos leis sin.

(Sa mhullach ar sin, ní raibh mé tógtha lena chuid próis - is ag treabhadh tríd an leabhar a bhí mé, ag lorg corr gráin gaoise sa bhaois fhoclach.)