08 July 2013

Na lusanna i measc na cnoic

Tá sé tamall ó chuaigh mé amach ag siúl i gceart. Mar sin, thapaigh mé an deis inné nuair  a bhí siúlóid éasca le bheith ag na Cnocadóirí. Siúlóid i lúb, bunaithe ar Slí Sléibhe Átha Cliath, a bhí le bheith ann.
Thosaigh muid amach ag Tábhairne Brady's sa tSean Chill. Bhíodh ana thaithí agam ar an mbaile úd - bhí teach ag mo shean-mhuintir trasna ón tábhairne. Teach ar leith a bhí ann; trian de "theach mór" - sciar na ngiollaí! Bhí dorchla amháin thuas staighre gan fuinneog ar bith ann seachas sa díon - i dtreo is nach bhfeadfadh lucht freastal bheith ag cúl-féachaint ar na huaisle ina ngairdín féin! Bhí díon mós ard sa chistin freisin, áit a mbíodh mo sheanmháthair ag cruthú iontaisí  fearacht éclairs seacláide. Chaith mé roinnt tréimhsí ann léi, go hairithe i ndiaidh do mo sheanathair bás a fháil ag tús na 1980í.   Bhíodh corr siúlóid againn ón teach agus bhí mé ar Charraig Uallacháin agus ag an simléir in aice leis freisin.

Damhán Alla - buí!

Sách gar do thús na siúlóide - ar bhealach atá marcáilte leis na gnáth fir buí - tháinig muid ar an gCros teorann seo - ceann de Chroiseanna an Fhásaigh Rua atá inti is cosúil ach is beag m'eolas orthu. Tá sí ag imeall Choill Ráth Mhíchíl. Shiúl muid suas isteach sa choill agus d'fhág an chonair marcáilte ar feadh seal chun súil a chaitheamh ar Ráth Mhíchíl féin - i sean reilig tá fothrach eaglaise ó na meán aoiseanna, roinnt leaca ó i bhfad níos luaithe, agus bun cloigthí.

Shiúl muid ar aghaidh ansin go Carraig Uallacháin agus go dtí an simléir a bhaineann le sean oibreacha luaidhe níos faide thíos. (Bhí tollán ann chun an deatach nimhneach a thabhairt suas ann agus a scaipeadh go hard san aer) Fán bealach thug muid cuairt gairid ar Chaisleán an Phúca - áit ar chaith Séamas a' Chaca oíche nó dhó agus é ag teitheadh ó Chath caillte na Bóinne - más fíor.
D'fhill muid mórán an bealach céanna ón simléir do Tí Brady.
Thug mé suntas don oiread bláthanna a bhí ag fás, agus a ilchineálach is a bhí siad. Fear cathrach mé, agus níl ar mo chumas ainm a chuir ar mórán acu. D'aithin mé an Méaracán púca a bhí fairsing, an feileastram, nóiníní dar ndóigh, an odhrach ballach. Sílim, tar éis dom dul i gcomhairle le Flóra Chorca Dhuibhne, go bhfaca mé Luibh an chreatha, agus an Falcaire fiáin. Cinnte chonaic mé Trom faoi bhláth.   Bhí fraocháin fairsing. Agus tuilleadh mór nach iad. 

Agus an créatúr buí úd sa ghrianghraif thuas - cineál damhán alla. Chonaic muid cinéal éigin lucha freisin - eireaball fhada agus fionnadh donnrua.

Is iontach fásach mar é a bheith ar thairseach na cathrach - agus ainneoin sin níl an áit chomh brocach bruscrach is a d'fheadfadh a bheith. Go deimhin bhí caoi maith ar na cosáin, agus roinnt mion-siúlóidí eile marcáilte go maith freisin. Bhí an cuma air go raibh cúrsa buan treodóireacht leagtha amach thart ar Charraig Uallacháin freisin. Lá taitneamhach!

2 comments:

SeanO said...

Thóg tú siar mé ar bhóthar na gcuimhní agus tú ag cur síos ar an tsiúlóid sin. Minic an chonair chéanna siúlta agam i bhfochair m’athar agus bothán ar cíos againn ar feadh coicíse i ngar don tSeanchill. Níos mó suim aige féin sa gheolaíocht ná sa luibheolaíocht agus suim agamsa sna raithneacha thar cineál ar bith eile. Breá suimiúil an cur síos sin agat agus súil aireach id cheann.

aonghus said...

Bhí na raithní ann freisin - agus na deirí ag oscailt amach go fractalach!