Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-07-07

Téanam oraibh chuig an sorcas!

Chaith m'iníon an tráthnóna ar fad inné ag an Ark. D'fhág mé ann í ar feadh uair go leith agus í ag tabhairt faoi cheardlann cleasa sorcais - d'fhoghlaim sí conas lámh-chleasa a imirt le liathróidí agus - sílim - bolas, i. meall trom ar dheireadh téide, ach go raibh scairf daite ceangailte de. Bhí siad ag cur pláta ag casadh ar bharr maide freisin, agus d'éirigh go breá léi ag coinneáil cleite péacóige cothrom ar barr a méar.
Bhí deis againn greim gasta a fháil i bproinnteach gar do láthair, ansin ar ais linn go beo don "turas". Thosaigh muid amach in íoslach  an fhoirgnimh, áit go raibh taispeántas de portráidí de Muintir Fossett a rinne Bryan O'Brien don Irish Times.
Nuair a bhí muid uilig bailithe tháinig bean feistithe mar Mháistreás an tSorcais agus rinne píosa cainte faoi saol an tsorcais - obair chrua, ilchineálach, ach spraoi freisin. D'inis sí dúinn faoin dteanga ceirde ag lucht an tsorcais - Parlari - agus d'inis dúinn gurbh ise an Gaffer a bheadh orainn agus d'iarr orainn jal orderly (dul go gasta) suas staighre. (Bhí focail Parlari breactha thall is abhus san fhoirgneamh ar fad)
San amharclann thuas staighre bhí fear  thug "Francesco Machiavelli" ar féin agus a bhí ag caint ar oiliúint chapaill don sorcas. Rinne sé roinnt cleasa le beirt des na leanaí - m'iníon ina measc. Ansin léiríodh físeán dúinn de bheirt de mhuintir Duffy ag cleachtadh a gceird ar mhuin chapaill.
Thug an Gaffer suas staighre eile muid áit a raibh Arturo an fear grinn ag fanacht orainn. (Níor aithin mé ag an am é, ach sílim anois gurbh é an fear céanna, faoi bhréagriocht nua, a bhí ann)
D'fhág Máistreás an tSorcais leis muid tar éis babhta geáitsíochta a d'fhág m'iníon agus cailín eile  sna tríthe ag gáirí. Tar éis dó iad a shuaimhniú le cleas nó dhó eile d'inis sé dúinn faoi roinnt fir grinn stairiúla - agus faoi bhean grinn Annie Fratellini, a bhunaigh Acadamh Sorcais! B'iontach an dóigh a d'athraigh sé a bhlas agus a chanúint de réir na tíre a raibh sé ag trácht air!
Suas staighre eile ansin, agus isteach i seomra diamhair áit a inis bean (Máistreás an tSorcais, ach faoi bhréagriocht nua) scéal diamhair draíochta dúinn faoi pháiste draíochta san sorcas - agus bhronn cleite dearg ar na páistí le cabhrú leo meabhrú ar na rudaí a fhaca siad ar an lá. Lonnaigh sí an scéal in san tríú sorcas Éireannach - Gerbola.
Suas staighre eile fós go dtí an díon - áit a raibh daoine ann le cabhrú leis na gasúir aghaidh fidil a dhéanamh as pláta páipéir.
Lá den scoth; thaitin sé liom ach go háirithe gur lonnaigh siad an reacaireacht i measc lucht sorcais Éireannach. Fearacht aon siamsaíocht eile a bhfuil a lán daoine de dhíth dó, tá an bhrú ar lucht sorcais.
Tá an taibhe seo ar siúl go dtí deireadh mí Lúnasa;  athraíonn na ceardlanna ó am go chéile,  tá na sonraí ar fáil ar shuíomh The Ark.
Mholfainn d'aoinne le páistí nó gar-pháistí - aghaidh a thabhairt air!