Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-08-26

Béadchaint

Tá an méid seo leanas le rá ag Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí faoi Uimhir 2477:

Coscann an modh do chlú na bpearsan gach mana agus gach ráiteas a d'fheadfadh dochar éagórach a dhéanamh dóibh. Bíonn ciontach :
- i luathbhreith lochtach an té a ghlacann gan leorbhunús leis mar fhírinne, fiú amháin gan a rá, locht morálta a bheith ar a chomharsa;
- in ithiomrá  an té a nochtann, gan fáth bailí a bheith leis, lochtanna agus cionta duine eile dóibh siúd nach eol dóibh iad;
- i mbéadchaint an té a dhéanann dochar, trí ráite atá contráilte leis an bhfírinne, do chlú daoine eile agus a bhíonn ina cheann ócáide do bhreitheanna falsa ina dtaobh. 
Tá meathchuimhne agam ar scéal naomhsheanchais faoi anamchara a rinne bean faoistin leis go ndearna sí béadchaint. Dúirt sé léi mála clúmh mín a fháil agus é a scaoileadh ag barr an chnoic, ansin filleadh air go ngearrfadh sé an pionós cuí uirthi. D'fhill sí air, agus dúirt sé léi an chlúmh ar fad a bhailiú arís. "Ach tá sin dodhéanta" ar sí. "Tá", ar sé, "mar atá sé smál na béadchainte a ghlanadh!"

An chúis go bhfuil na smaointe seo á scaoileadh uaim agam? Bhí clampar ann faoi haischlib a bhí ag treocht ar Twitter an tseachtain seo chaite.  Rinne mé iarracht fanacht glan air mar go léir go rabhthas ag tromaíocht arís ar bhean óg éigin a scaoileadh pictiúr a chuirfeadh aiféala uirthi amach ar an idirlíon.  Fiú ansin d'fhoghlaim mé níos mó faoin gceist ná ba mhian liom, agus mhothaigh mé smeartha dá bharr, míchompordach amach is amach. (Is deacair an luathbhreith lochtach a sheachaint, fiú nuair nach mbaineann an cheist a bheag ná mór le duine). Bhí, is cosúil, ól agus collaíocht i gceist. Gné amháin den scéal a chuireann soir ar fad mé i gcás mar é ná an caoi a chaitear le bean i gcás mar é mar bhodóinseach agus striapach - ach le fear mar stail agus bullaí fir.

Cuireann na meáin sóisialta le scaipeadh clúmh mín an bhéadchaint; agus coscann na gnáth-mothúcháin comhbhá agus carthanacht. Níl aon leigheas agam air; níl mé féin saor ar an fiosracht mallaithe a chuireann i mbaol mé féin ag smearadh le pic an ghráin seo.

2013-08-25

Cathair na bhFionnúrach


 Agus mé ag súil nó cúlbhóithre ⁊ bóithríní thiar i dtreo Cuas an Bhodaigh ghlac mé an deis athchuairt a thabhairt ar Chathair na bhFionnúrach. Bhí an síon níos fearr an uair seo, agus radharc dá réir agam ar Iarthar na leithinse.
Tá tochailt déanta ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar an láthair ⁊ cur síos sách cuimsitheach acu ar an leathanach idirlín s'acu.  Thug mé suntas dó gurbh i nGaeilge amháin atá an fhógraíocht at an láthair. (Ach cuireann siad bileog ar fáil as Béarla sa Mhúsaem)
An uair seo, gar leanbh mar chúram orm, bhí ar mo chumas féachaint níos géire ar an áit agus chrom mé chun dul isteach san óin. Caithfidh sé go raibh ár sinsir píosa maith níos lú na muid má bhí siad in inmhe úsáid éifeachtach a bhaint as poll bheag mar é!
Áit spéisiúil agus ana slacht ar an áit.  Tréaslaím a gcuid oibre le hOidhreacht Chorca Dhuibhne.  Níl fhios agam an mbíonn mórán tarraingt ar an áit - níl sé ar Slí Chorca Dhuibhne, agus níl an lúb a shiúl mise - ón mBaile Breac ar bhóthair glas chomh fada leis an gClais, agus ansin ar bhóithre chomh fada le Baile na hAbha, marcáilte. (Chuaigh mé síos in aice srutháin chuig cuas an bhodaigh ach dáiríre ní raibh an slí sin feiliúnach - bhí orm claí nó dhó a thrasnú.) Shúil mé ar ais fán mbóthar "mór" ó Cuas ach is fíor bheagán tráchta a bhí ann, mar sin bhí an cuid sin sách taitneamhach chomh maith. 


2013-08-24

Rún na nGallán

Bhí an t-úrscéal seo le Seán i measc an beart is déanaí leabhair a fuair mé agus a léigh mé agus mé thiar.
Scéinséir agus ficsean eolaíochta atá ann an babhta seo, agus scéal nó dhó grá (agus drúise) fite fuaite lena chéile. Dúirt Seán ar ócáid eile gurbh é a chuspóir scéalta éadroma, a d'fhéadfá léamh in aon suí amháin - ar eitilt chun na Mór Roinne, abair - a sholáthar.
Tá sin déanta go maith anseo aige, agus gléas éifeachtach reacaireachta aimsithe aige sa mhéid is go mbíonn duine amháin ag reic a scéal féin ag an tús, agus ansin duine eile ag reic cuid eile den scéal don nduine sin ar ball.
Scéal taisteal ama, agus formad eolaíochta. Thaitin an scéal liom, agus choinnigh m'aird don tréimhse. Ach sílim go raibh an deireadh ró néata - gur mhothaigh an údar go raibh air na snáithe ar fad a bhreith le chéile go néata ag an deireadh. Freisin, ó tharla gur scéal taisteal ama atá ann, rith sé liom go bhfeadfadh na daoine "maithe" dul siar agus bheith ann roimh an "drochdhuine" seachas an an ruball chasta a cuireadh leis, ruball nár chreid mé go hiomlán ar chúiseanna ar leasc liom iad a roinnt anseo chun ná mhillfinn pléisiúr na léitheoireachta ar dhaoine eile!
Tríd is tríd, áfach, molaim an leabhair mar giorrú bóthair éadrom más ar thuras cúpla uaire atáir! Tá cealú an díchreidimh éasca: tosaíonn an scéal amach go hana nádúrtha agus shilfeá nach raibh mórán aisteach faoin gcaoi a fhorbraíonn sé ainneoin go bhfuil taisteal ama siar i bhfad go tógáil Galláin Carnac i gceist. Bhí an formad eolaíochta agus scolártha ach go háirithe thar a bheith inchreidte.

Rún na nGallán
Seán Ó Connor
Coiscéim 2012

2013-08-20

Coirm Chuaird

Cosán na Naomh (gar do Cill Maoilchéadar)
Rinne mé siúlóid sách fada eile le mo mhac agus muid thiar. Chuaigh muid aneas ar Chosán na Naomh. Píosa ar an mbóthair chomh fada le Corr Áille,ansin trasna Rinn Chonaill. Bhí radhairc iontacha le fáil ón mbarr, rud a chúitigh an dreapadh géar linn! Tá Cill Maoilchéadar ar an dtaobh eile den chnoc; reilig agus iarsmaí suntasacha ann - cloch ogham agus clog gréine ina measc.
Lean muid orainn thar dhá fhothrach eile - áit a mbíodh teach ag seansailéara an mhainistir san meánaoiseanna agus Lios Deargáin.
Píosa eile ar aghaidh tá bóthar a théann chomh fada leis an trá ag Gallarus - bóthar breá díreach anuas an chnoic. Radharc ar Chuan Ard na Caithne fán mbealach.
An Radharc ó Rinn Chonaill
Ar an mbóthar. Caisleáin Ghallarais sa chúlra
Seachas Cosán na Naoimh a leanadh go dtí Caisleáin Ghallarais ⁊ an Aireagail ann d'fhan muid ar an mbóthar, thrasnaigh an bóthair mór ⁊ thug aghaidh ar an trá.
Cnoc Bréanainn
Shúil muid fán trá ansin chomh fada le Baile an Reannaigh áit ar chas muid isteach faoin dtír chun aghaidh a thabhairt ar Tí Bhric ⁊ grúdlann Corca Dhuibhne. Bhí sé luath sa lá - am lón, ach mar sin féin bhí gloine an duine againn de Chúl Dorcha, an beoir a bhí acu as an mbairille. (Tá Tigh Bhric á dhíol faoi láthair, cúrsaí teaghlaigh ag bac an tábhairneoir - tá súil agam go leanfaidh an Grúdlann ar aghaidh)  Chaith muid ár bproinn ann freisin - bhí anraith spéisiúil ⁊ blasta agam - Mangach curaithe le glasraí! (Gnáth BLT ag mo mhac, ní maith leis iasc!)
Cúl Dorcha
Cuan Ard na Caithne
Lean muid orainn ar aghaidh go dtí an Bhuailtín ansin. Theastaigh uaim buaileadh isteach go dtí an Músaem chun na bileoga ar shiúlóidí atá réitithe acu a cheannach (cé nár éirigh liom aon siúlóid acu a shúil!)  Chas muid ar ais i dtreo na mara ansin, ag siúl tríd na Cluainte chun na trá agus ansin ar ais fán trá arís go Muiríoch ⁊ Baile na nGall. D'fhan mo mhac ansiúd ag léim ón gcé isteach san uisce. Lean mise orm ar Slí na Faille fán gcósta go dtí an Ghlaise Bheag. Uaidh sin ar chúlbhóithre ar ais, thar Sáipéail na Carraige, Cathair Scoilbín ⁊ Cill Chuáin go dtí an Baile Breac. Tuirseach, ach sásta!

2013-08-12

Fotha file foghlaim; Fotha staire filíocht?

Leabhar eile a thionlaic mé san díseart ab ea Ó Chéitinn go Raiftearaí: le Vincent Morley. "Mar a Cumadh Stair na hÉireann" an fotheideal atá ar an leabhar; agus is achoimre chruinn ar an t-ábhar atá ansin.
Ní staraí mé féin, agus go deimhin is annamh mé ag léamh saothair staire; is litríocht a tharraing m'aird ar an leabhar seo.
Rianaínn Vincent tuiscint an phobail ar stair na hÉireann ag baint feidhm as cúig chinn de dhánta mar thacaíocht don scéal atá le reic aige ar an claochlú a tháinig ar thuiscint an phobail ar stair na hÉireann.
Tá an dánta féin san leabhar maraon le nótaí cuimsitheacha mínithe ar na tagairtí iontu; rud atá thar a bheith luachmhar do dhaoi fearacht mise nach bhfuil chomh sáite céanna i seanchas ár sinsear gan trácht ar miotais na Gréige, na Róimhe agus na hEabhraigh.
Tugann sé léargas chruinn ar scaipeadh na ndánta i dtaifid na lámhscríbhinní agus bunaithe ar sin dá scaipeadh i measc an phobail. Míníonn sé an dearcadh ar an stair a bhí ag an bpobal i dtéarmaí an pholaitíocht a bhí ann lena linn;  agus is cás sothuigthe - agus láidir, dar liom - atá aige.  
Bhí spéis agam ach go háirithe san dán Tuireamh na hÉireann - dán atá geal le bheith ina achoimre ar Foras Feasa Céitinn; bhí cloiste agam faoi, ach ní raibh mé in ann teacht air áit ar bith.
Is leabhar acadúil atá ann, is dócha, ach diomaite de chorr sliocht a bhraith mé bheith tur, bhain mé pléisiúr as an léamh; agus is iontach na rud é na dánta a bheith i bhfochair a chéile, agus na noda ann don té nach bhfuil eolach ar gach corr is casadh a chuir stair na hÉireann di. 

Ó Chéitinn go Raiftearaí
Vincent Morley
Coiscéim 2011

2013-08-11

Mórchuaird Chnoic Bhréanainn

Tá sé de nós agam, beagnach gach bliain, Cnoc Bréanainn a dhreapadh. I mbliana, bhí mo mhac is sine liom, agus rinne muid siúlóid ciorclach ag tosú ón dteach sa Bhaile Breac. Siúl muid siar faoi bhun an chnoic i dtosach, ar bhóthair glas i dtosach ansin ar ghnáth-bhóthair, ón mBaile Breac, thar Cathair na bhFionnúrach (scéal do lá eile) chomh fada le Baile na hAbha, in aice le Cuas an Bhodaigh. (Is iomaí Baile na hAbha ann thiar!).  
Bhí lusra flúirseach ar an gcuid seo den siúlóid, agus ós rud é go raibh leabhar Nicholas Williams - Díolaim Luibheanna - i measc mo charn leabhair, tá's agam go raibh Airgead Luachra i measc an fásra a bhí ag fágáil boladh cumhra ar an aer. Bhí scéal ann gurbh as a rinne Cú Chulainn a chrios, agus sin an t-ainm atá ag Gaeil Albain go dtí an lá atá inniu ann. (Luaitear anseo gurbh folcadh ann a leigheas é, ní raibh an scéal sin ag Williams). Luibh leigheas atá ann, as is as a thagann an aigéad a rinneadh aithris air in Aspirin. Beidh mé ag léamh leabhar Nicholas go ceann tamaill, sílim - is fearr liom ficsean ach tá spéis agam i luibheanna agus a scéalta!
Bhí muid anois ar chuid de Shlí Corca Dhuibhne  a thrasnaíonn mám idir  Más an Tiompáin agus Piaras Mór anseo ar an slí go Clochán Bhréanainn. Tá an chuid seo den siúlóid sách géar, agus bhí cúpla múr throm báistí ann. Lean muid an slí marcáilte chomh fada leis an nGallán atá sa mhám. Uaidh sin, shiúil muid suas droim na sléibhte chomh fada le barr Chnoic Bhréanainn. Tá claí, nó ar a laghad na cuaillí ann an slí ar fad, sa dtreo is gur beag deacracht atá ann an bealach a leanacht go sábháilte ainneoin go raibh muid sna scamaill cuid maith den am.
Anois is arís ghlan an radharc áfach agus chonaic muid na locha Paternoster ar an taobh ó thuaidh, nó bhí radharc againn ar Inis Tuaiscirt agus Tiaracht ó dheas. Bhí radharc againn freisin ar Coimín na gCnámh.
Bhain muid an barr amach gan aon ró dhua, cé go raibh cosa fliucha agam. Uaidh sin, d'fhill muid anuas Cosán na Naomh agus ar ais go dtí an Baile Breac. (Tá Bealach na Croise & cuaillí bána ar an cosán úd, mar sin, ní bhíonn deacracht i gceist leis an loingseoireacht ansiúd ach oiread.) Siúlóid tairbheach, taitneamhach, a thóg thart ar cúig uaire orainn. 

2013-08-10

Dlíonn saoirse faire

Clúdach eagrán an RA den leabhar
I measc an lón léitheoireachta a thug mé liom ar saoire bhí an leabhar seo de chuid Cory Doctorow - Little Brother. Bhí leabhar eile dá chuid léite agam - Makers - agus tharraing sin m'aird ar an leabhar seo a bhí i rannóg na n-aosánach san leabharlann.
Samhlaíonn sé ionradh sceimhle ar San Francisco, agus grúpa daoine óga a ghabhtar díreach ina ndiaidh de dheasca ró aisfhreagra na Rannóige um Slándáil Baile agus an t-amhras atá orthu faoi chách.
Scaoiltear saor iad, ach ní iad ar fad. Tá an reacaire sa scéal - fear óg arbh é Little Brother an teideal é, agus beartaíonn sé cur i gcoinne an DHS agus a gcuid spiaireachta tríd cur isteach ar na modhanna a bhaineann siad feidhm astu - agus go bunúsach a gcuid oibre a dhéanamh dodhéanta. 
Árthach is ea an scéal sin chun plé domhain a dhéanamh ar saoirse, bunreacht Mheiriceá, agus an tionchar atá ag teicneolaíocht uilíoch faisnéise ar ár saol. Nochtar an t-uafás eolas teicneolaíochta ar bhealach ana nádúrtha san leabhar - mar go mbíonn an reacaire ag baint feidhm as, agus á mhíniú. Sa mhullach ar sin, scéinséir den scoth atá ann, leis an iliomad casadh agus lúb sna heachtraí, agus léargas bhreá ann ar chaidreamh idir dhaoine - cairdeas, collaíocht, eascairdeas, údarás, ...

Cover_w1n5t0n
Íomha den reacaire le Richard Wilkinson d'eagrán speisialta den leabhar
Bhraith mé go raibh an scéal iomlán inchreidte, agus go pléitear go stuama agus go nádúrtha le ceisteanna móra na saoirse agus teicneolaíocht na faisnéise. Mínítear go maith na lochtanna agus lúb ar láir atá ann nuair a chuirtear ró-mhuinín in eolas a chnuasaítear agus a déantar scagadh staitistiúil air - "Mór sonraí"- atá ina dhia beag ag mórán na laethanta seo ar léir gurbh lag a dtuiscint ar an mata taobh thiar den cheist!

Mholfainn an leabhar seo, ní hamháin d'aosánaigh, ach d'aon duine at mian leo tuiscint níos fearr a fháil ar na ceisteanna ann -  is fearr go mór foghlaim as úrscéal bhríomhar le hais téacsanna tur. Tá sé de bhua ag Doctorow scéalta teicneolaíochta a reic go héifeachtach (dar liom, ach gan amhras is teicneoir mé)

2013-08-08

Díseart Duibhneach

Táim fillte ón deireadh seachtaine ó choicís saoire sa Bhaile Breac in Iarthar Dhuibhneach, mar a bhíonn muid gach bliain. Rinne mé roinnt siúl, agus a lán léitheoireachta, agus an dúrud codladh!  Is iontach an tost a bhíonn ann, gan le clos ach méileach uain nó giolcadh éin sa chlapsholas.
San teach thuas a bhí muid - sean teach feirme a bhí ina fhothrach gur cheannaigh Gearmánach é agus gur aththóg ina theach saoire measartha compordach.
Mar thoradh ar an saoire tá raidhse ábhar agam don mblag, ach an t-am a bheith agam. Beidh mé ag cur tús le post nua, i bhfad níos gaire don mbaile, de Luain; mar sin cá bhfios.

2013-08-07

Tá aoibhneas ar an óinmhid seo!

Bhí mé i mo léitheoir dílis de chuid altanna Philip Cummings i Lá Nua, agus tá an leabhar a d'eascair astu - Dar Liom - ina chuid luachmhar de mo chnuasach leabhair. Ach ní léitheoir filíochta comhaimseartha mé, dáiríre, mar sin ní raibh aon chuid eile dá shaothar i mo chnuasach agam.

Ach is maith liom treánna agus burdúin; agus is iadsan a mheall mé chun an leabhar seo a iarraidh.

Agus is mé atá sásta anois - mar bhain mé ana thaitneamh as na rannóga ar fad san leabhair - ní hamháin na tréanna.

Sa bhreis ar sin, tá cúpla giorria spéisiúil múscailte ag mo léamh agus ag léann Philip.

Mar shampla, tagairt do colafan na Tána i Leabhar Laighean is ea an teideal - chun aoibhneas na n-óinmhid.
Le téamaí ón Táin a phléann an chéad roinn sa leabhar - ach a ghutha sainiúil féin bronnta ag Philip ar na carachtar.
Mar shampla, na focail seo a chuireann sé i mbéal nuachar fadfhulangach Con Chulainn, Emer:
Ná mná sin - striapacha - iadsan a roghnaigh eisean,
mise an t-aon bhean a roghnaigh sé
Tagairt ann freisin do shaothar Dennis: go deimhin tá corr rud thar  a bheith spéisiúil ina chuid fonótaí!

A léamh ar chúrsaí an Tiomna Nua atá sa rannóg Spiorad Naomha. Arís imríonn sé a bhua chun féachaint ó phointe nua ar cheist a bhfuil sean eolas againn - nó an bhfuil? Ní chuirfidh sé ionadh oraibh gan mé bheith ar aon fhocal leis faoin cheist ach tá lón marana ina dhearcadh.  

"Aoir n Now" is ainm don rannóg deiridh sa leabhar agus dánta ilchineálacha gaoise ann - ina measc Dán dóibh siúd a thuileann é atá scríofa "i ndiaidh Taja Kramberger" rud a chuir ag tóraíocht go rathúil mé - tá a leagan sise le fáil anseo:
Dán dóibh siúd  a thuigeann
dá dtiocfadh liom gan filíocht a scríobh
go ndéanfainn amhlaidh
Idir na rannóga seo tá cnuasaigh de threánna úrnua gaoiseacha spéisiúil, ina nochtann Philip an saeva indignatio is dual dó.

Trí bhac ar obair Dé
  easpa crógachta
  easpa umhlaíochta
  easpag

Ach gaois freisin:
Trí S a thugann dearcadh nua: 
  sliabh; 
  sneachta; 
  sliocht.
Agus draíocht:
Trí fhocal lán draíochta
  mo
  chéad
  rothar

Ní bheidh an leabhar seo ró fhada uaim go gceann tamaill eile - tá adhmad fós le baint as é a athléamh agus a dhíleá. 

ad delectationem stultorum
Bog / Paperback
Philip Cummings
Coiscéim 2012
€10

2013-08-06

Clocha cuimhne

Ó Cuas an Bhodaigh; is álainn an muir, ach is baolach:



Fear ón gcoigríoch a d'imigh as radharc.
"Eachtra is ea an beatha"