Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-08-20

Coirm Chuaird

Cosán na Naomh (gar do Cill Maoilchéadar)
Rinne mé siúlóid sách fada eile le mo mhac agus muid thiar. Chuaigh muid aneas ar Chosán na Naomh. Píosa ar an mbóthair chomh fada le Corr Áille,ansin trasna Rinn Chonaill. Bhí radhairc iontacha le fáil ón mbarr, rud a chúitigh an dreapadh géar linn! Tá Cill Maoilchéadar ar an dtaobh eile den chnoc; reilig agus iarsmaí suntasacha ann - cloch ogham agus clog gréine ina measc.
Lean muid orainn thar dhá fhothrach eile - áit a mbíodh teach ag seansailéara an mhainistir san meánaoiseanna agus Lios Deargáin.
Píosa eile ar aghaidh tá bóthar a théann chomh fada leis an trá ag Gallarus - bóthar breá díreach anuas an chnoic. Radharc ar Chuan Ard na Caithne fán mbealach.
An Radharc ó Rinn Chonaill
Ar an mbóthar. Caisleáin Ghallarais sa chúlra
Seachas Cosán na Naoimh a leanadh go dtí Caisleáin Ghallarais ⁊ an Aireagail ann d'fhan muid ar an mbóthar, thrasnaigh an bóthair mór ⁊ thug aghaidh ar an trá.
Cnoc Bréanainn
Shúil muid fán trá ansin chomh fada le Baile an Reannaigh áit ar chas muid isteach faoin dtír chun aghaidh a thabhairt ar Tí Bhric ⁊ grúdlann Corca Dhuibhne. Bhí sé luath sa lá - am lón, ach mar sin féin bhí gloine an duine againn de Chúl Dorcha, an beoir a bhí acu as an mbairille. (Tá Tigh Bhric á dhíol faoi láthair, cúrsaí teaghlaigh ag bac an tábhairneoir - tá súil agam go leanfaidh an Grúdlann ar aghaidh)  Chaith muid ár bproinn ann freisin - bhí anraith spéisiúil ⁊ blasta agam - Mangach curaithe le glasraí! (Gnáth BLT ag mo mhac, ní maith leis iasc!)
Cúl Dorcha
Cuan Ard na Caithne
Lean muid orainn ar aghaidh go dtí an Bhuailtín ansin. Theastaigh uaim buaileadh isteach go dtí an Músaem chun na bileoga ar shiúlóidí atá réitithe acu a cheannach (cé nár éirigh liom aon siúlóid acu a shúil!)  Chas muid ar ais i dtreo na mara ansin, ag siúl tríd na Cluainte chun na trá agus ansin ar ais fán trá arís go Muiríoch ⁊ Baile na nGall. D'fhan mo mhac ansiúd ag léim ón gcé isteach san uisce. Lean mise orm ar Slí na Faille fán gcósta go dtí an Ghlaise Bheag. Uaidh sin ar chúlbhóithre ar ais, thar Sáipéail na Carraige, Cathair Scoilbín ⁊ Cill Chuáin go dtí an Baile Breac. Tuirseach, ach sásta!