24 August 2013

Rún na nGallán

Bhí an t-úrscéal seo le Seán i measc an beart is déanaí leabhair a fuair mé agus a léigh mé agus mé thiar.
Scéinséir agus ficsean eolaíochta atá ann an babhta seo, agus scéal nó dhó grá (agus drúise) fite fuaite lena chéile. Dúirt Seán ar ócáid eile gurbh é a chuspóir scéalta éadroma, a d'fhéadfá léamh in aon suí amháin - ar eitilt chun na Mór Roinne, abair - a sholáthar.
Tá sin déanta go maith anseo aige, agus gléas éifeachtach reacaireachta aimsithe aige sa mhéid is go mbíonn duine amháin ag reic a scéal féin ag an tús, agus ansin duine eile ag reic cuid eile den scéal don nduine sin ar ball.
Scéal taisteal ama, agus formad eolaíochta. Thaitin an scéal liom, agus choinnigh m'aird don tréimhse. Ach sílim go raibh an deireadh ró néata - gur mhothaigh an údar go raibh air na snáithe ar fad a bhreith le chéile go néata ag an deireadh. Freisin, ó tharla gur scéal taisteal ama atá ann, rith sé liom go bhfeadfadh na daoine "maithe" dul siar agus bheith ann roimh an "drochdhuine" seachas an an ruball chasta a cuireadh leis, ruball nár chreid mé go hiomlán ar chúiseanna ar leasc liom iad a roinnt anseo chun ná mhillfinn pléisiúr na léitheoireachta ar dhaoine eile!
Tríd is tríd, áfach, molaim an leabhair mar giorrú bóthair éadrom más ar thuras cúpla uaire atáir! Tá cealú an díchreidimh éasca: tosaíonn an scéal amach go hana nádúrtha agus shilfeá nach raibh mórán aisteach faoin gcaoi a fhorbraíonn sé ainneoin go bhfuil taisteal ama siar i bhfad go tógáil Galláin Carnac i gceist. Bhí an formad eolaíochta agus scolártha ach go háirithe thar a bheith inchreidte.

Rún na nGallán
Seán Ó Connor
Coiscéim 2012

1 comment:

Mise Áine said...

An leabhar le fáil agus le léamh agam fós, ach déanfaidh mé amhlaidh, go luath, tá súil agam.

Go raibh maith agat as an aischothú, a chara..:-)