Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-09-27

IMRAM ag Cuartú Oibrithe Deonacha

Tá IMRAM Féile Litríochta Gaeilge ag lorg oibrithe deonacha d’imeachtaí na féile 2013 (10-19 Deireadh Fómhair). Íocfar costais do na rannpháirtithe agus beidh cead isteach ar imeachtaí eile na féile.

Tugann IMRAM a lucht éisteachta/féachana ar aistear eolais, aistear ina gcuirimid eolas ar shaibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha trí mheascán d’imeachtaí éagsúla a chuimsíonn prós, filíocht agus ceol, agus sin i dtimpeallachtaí beoga. Údair a chur i láthair an phobail, iad i dteagmháil le léitheoirí agus léitheoirí nua á mealladh chucu féin, sin is croí IMRAM ann.

Tá clár spleodrach eicléicteach againn arís i, Damhsa na Gealaí: Tionscadal Van Morrisson agus an seó trí-theangach Ní Féidir Labhairt ina Thaobh: Tionscadal Wittgenstein, an fealsamh a tháinig go hÉirinn. Léireoimid ómós do Bholcán na mBriathra, Alan Titley; cuimhneofar siar ar Shéamus Ó Grianna agus an oidhreacht liteartha aige agus tabharfaidh an Mary Ryan Blues Band sinn ar imram corraitheach ar fharraigí gorma, - Tionscadal na nGormacha, amhráin agus filíocht a d'eascair as fulaingt an phobail ghoirm. Sea, a iomramhaithe, an méid sin go léir agus tuilleadh ag IMRAM 2013 - ceardlanna, léachtaí, cainteanna agus dánta ar chláir fógraíochta i lár na cathrach. AR BORD LIBH!

Tá sé riachtanach go mbeidh Gaeilge líofa ag oibrithe deonacha. Má tá spéis agat a bheith ar bord linn d’IMRAM 2013, téigh i dteagmháil, le do thoil, le Julianne Ní Chonchobhair. julianne@milefailte.ie / 087 1746 189

2013-09-22

Agallamh an Phápa

Glaoch San Maitiú, le Caravaggio

Foilsíodh agallamh fhada leis an Pápa Proinsias ar na mallaibh. Bhí ceannlínte gáifeacha ar fud na cruinne mar thoradh air - ceannlínte a bhí bunaithe ar cúpla abairt as an iomlán, mar a chonacthas tríd priosma an phreasa iad - "Ní féidir linn a bheith ag seasamh ar cheisteanna an ghinmhillte, pósadh homaighnéasach, agus frithghiniúint amháin". Rinneadh neamhaird den méid a dúirt sé dhá abairt ina dhiaidh sin "Tá teagasc na hEaglaise ar na ceisteanna seo soiléir, agus is mac de chuid na hEaglaise mise". Níl fhios agam an mar thoradh ar na ceannlínte é (agus ní dócha é) ach thug sé caint an tseachtain seo do chnáimhseoirí agus lucht leighis inár cháin sé ginmhilleadh go géar. [it, Achoimre Béarla]
Dar ndóigh, ní haon rud nua ná suntasach a leithéid. Ainneoin nach iad seo na ceisteanna is suntasaí i dteagasc na hEaglaise, shamhlófá ó na meáin cumarsáide nár labhair an dá Phápa roimhe faoi cheist ar bith seachas iad. Bhí cúis maith ag Proinsias mar sin na ceisteanna seo a sheachaint go dtí seo. Tá baol anseo do mo leithéidí - go bhfeicfinn nach raibh aon rud suntasach ná nua ráite aige faoin dteagasc agus nach bhfeicfinn an teachtaireacht dúshlánach atá ina agallamh do mo leithéidí. 

Íomhá Edgar Jiménez
Fear urnaí é Proinsias, fear atá sáite i dtraidisiúin an Ord Íosánach lena mbaineann sé, traidisiúin ina bhfuil cleachtas an discernere1 lárnach. An rud ar a bhfuil béim á leagan aige in san agallamh trí chéile ná gur peacaigh ar aistear muid, é féin san áireamh, agus go bhfuil gá le muinín i dtrócaire Dé agus urnaí agus comhairle chun an bealach ceart a aimsiú.  Agus é ag caint faoi féin rinne sé tagairt do phictiúr cháiliúil Caravaggio Glaoch San Maitiú, atá bunaithe ar an sliocht seo san soiscéal:

Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D’éirigh seisean agus lean sé é.  (Mth 9:9)
 Ní cuimhin liom cá háit a léigh mé anois é, ach is cuimhin liom léamh amháin ar an bpictiúr seo a d'áitigh gurbh é Maitiú an fear óg sa phictiúr atá fós cromtha ag ríomh airgead, mar a bheadh sé ag seachaint gairm Íosa. Feictear dom gurbh an dúshlán atá Proinsias atá ag cuir roimh mo leithéidse - atá daingean go hintleachtach sa chreideamh ach - monuar - sách alabhog i gcleachtadh na carthanacha, ná Críost a chuir faram dáiríre, agus scaoileadh le cúraimí eile atá ag teacht idir mé agus é. Cuirtear nath i léith Naomh Proinsias - Fógair an soiscéal i gcónaí. Bain feidhm as briathra nuair is gá.  Sin atá á éileamh aige.

Dúirt an Pápa ina agallamh go bhfuil ról fáidhiúil ag baill na nOird Rialta. Cruthaíonn a leithéidí cíor tuathail scataí, dar leis, ach is coipeadh an tsoiscéil atá san cíor tuathail sin. Feictear dom go bhfuil fáidh againn anois mar Phápa; fear a dhéanfaidh iomlánú agus craobhscaoileadh ar saothar teagaisc an bheirt a chuaigh roimhe.

Agus fear a leanfaidh air ag tabhairt dúshlán mo leithéide. Dúshlán chun mo leasa. Beidh mé ag athléamh an agallamh seo agus an méid a thuairiscítear dá chuid teagaisc laethúil freisin. Tá tairbhe ann.  

1 Bhí plé ar na mallaibh in eagrán den Timire ar conas an focal discernere aithint, scagadh, grinneas a aistriú i gceart sa chomhthéacs ina úsáidtear é. Níor tháinig na hÍosánaigh léannta sin ar toradh críochnúil, sásúil.

2013-09-18

IMRAM Féile Litríochta Gaeilge 2013 - Clár na Féile Fógraithe - Ar Bord Libh!

Baineadh stangadh asainn go léir nuair a chuaigh triúr ar leith ar shlí na Firinne, Seamus Heaney, Maidhc Dainín Ó Sé agus Diarmaid Ó Gráinne. Bhí Seamus agus Maidhc Dainín le bheith ag IMRAM i mbliana ach is ag féile na bhflaitheas atá siad anois. Is beo dá mbriathra i gcónaí agus i mbliana beidh léamh speisialta againn chun a n-oidhreacht liteartha a cheiliúradh.

Tháinig borradh nach beag ar IMRAM i gcaitheamh 2013. Léiríodh Non, je ne regrette rien:Tionscadal Piaf-Brel timpeall na tíre, Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail agus Áras Éanna, Inis Óirr, san áireamh. Agus an fómhar seo, i gcomhar le NASC, tabharfaidh Túr na nAmhrán: Tionscadal Leonard Cohen cuairt ar ocht n-ionad ar fad.

Cheana féin bhí imeachtaí IMRAM ag an bhféile Mountains to Sea i nDún Laoghaire, Féile Scríbhneoirí Átha Cliath agus Féile Litríochta Iarthar Chorcaí. Tá clár spleodrach eicléicteach againn arís i mbliana agus ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar chuid acu anseo, Damhsa na Gealaí: Tionscadal Van Morrisson agus an seó trí-theangach Ní Féidir Labhairt ina Thaobh: Tionscadal Wittgenstein, an fealsamh a tháinig go hÉirinn.Léireoimid ómós do Bholcán na mBriathra, Alan Titley; cuimhneofar siar ar Shéamus Ó Grianna agus an oidhreacht liteartha aige agus tabharfaidh an Mary Ryan Blues Band sinn ar imram corraitheach ar fharraigí gorma, - Tionscadal na nGormacha, amhráin agus filíocht a d'eascair as fulaingt an phobail ghoirm. Sea, a iomramhaithe, an méid sin go léir agus tuilleadh ag IMRAM 2013 - ceardlanna, léachtaí, cainteanna agus dánta ar chláir fógraíochta i lár na cathrach.

AR BORD LIBH!

Déardaoin 10 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Pavilion Theatre
TÚR NA nAMHRÁN: TIONSCADAL COHEN

Dé hAoine 11 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Pavilion Theatre
RÉ-DHAMHSA: TIONSCADAL VAN MORRISON

Dé Sathairn 12 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Toner’s Pub (Upstairs)
LEABHAR MÓR na nAMHRÁN: Ceiliúradh is mór-oíche amhránaíochta

Dé Luain 14 Deireadh Fómhair | 6.00pm | DIT Aungier Street
CLÓ DRAÍOCHTA 3: Taispeántas Clóghrafaíochta

Dé Luain 14 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Goethe-Institut Irland
NÍ FÉIDIR LABHAIRT INA THAOBH: TIONSCADAL WITTGENSTEIN

Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Helen Roe Theatre
SOMHAIRLE MacGILL-EAIN: OIRFÉAS NA hALBAN

Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair | 7.45pm | The Grand Social
NUAIR A BHÍ MÉ ÓG: Ceiliúradh ar ‘Máire’ (Séamus Ó Grianna)
(9.30pm Grand Folk Club)

Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Cois Teallaigh
SPLANCANNA Ó SHAOL EILE: Caint le hAlex Hijmans

Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair | 8.30pm | The Grand Social
IS Í AN ÓICHE MO BHEANSA: TIONSCADAL JACK KEROUAC

Déardaoin 17 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Cois Teallaigh
NA LAOCHRA AR LÁR: Ceiliúradh ar thriúr laochra liteartha,
Seamus Heaney, Maidhc Dainín Ó Sé agus Diarmuid Ó Gráinne

Déardaoin 17 Deireadh Fómhair | 8.30pm | The Grand Social
DHÚISÍOS AR MAIDIN: TIONSCADAL NA nGORMACHA

Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Gaelchultúr
IDIR DHÁ THEANGA, IDIR DHÁ SHAOL: LÉACHT IMRAM LE MÁIRÍN NIC EOIN

Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Helen Roe Theatre
AN FILE AGUS AN FUASCAILTEOIR

Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair | Áras na Scríbhneoirí
CEARDLANN NÁISIÚNTA DO GHEARRSCÉALAITHE GAEILGE: CLÓ IAR-CHONNACHT

Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair | 8.00pm | McGrattan’s
OÍCHE ÓMÓIS DO ALAN TITLEY

Réabhlóid Uí Chathasaigh

D'athmhúscail an leabhar Beirt Bhan Mhisniúla mo spéis i Pádraic Ó Conaire, cé go bhfuil a shaothar á léamh agus athléamh agam le fada. Tá an cnuasach dá aistí pholaitiúla a rinne Aindrias Ó Cathasaigh An tAthrú Mór agam le fada agus mé ag léamh sleachta as anois is arís.
Bhí sé i gceist agam an beathaisnéis a scríobh Aindrias a léamh uair éigin - agus chuir mé an rún sin i gcrích le linn an tsamhraidh.
Is mar léitheoir ar son an phléisiúr agus sásamh a léim leabhair - ní staraí ná scoláire mé. Cuir le'm eolas mo sprioc.
Sprioc a comhlíonadh ag an leabhar thaitneamhach seo. Caibidil sách gairide, lán eolais. Dóibh siúd ar mian leo dul níos doimhne san scéal, nótaí tagartha ag deireadh gach caibidil, foinsí luaite go sonrach.
Píosa snasta oibre agus measaim go bhfuil cruthú téise Aindrias - go raibh bá don eite clé ag Ó Conaire - ann. (Ainneoin gurbh Státaire an Ó Conaire céanna!)
Spreag sé mé chun Pádraic Ó Conaire: Deoraí le Pádraigín Riggs a léamh, ach bhí an saothar sin ró thur, acadúil dom agus is beag adhmaid a bhain mé as.
Tá bua na heagarthóireachta agus na reacaireachta araon ag Ó Cathasaigh, agus tá rún agam níos mó dá shaothair - idir beathaisnéisí agus eagarthóireacht - a léamh.

Réabhlóid Phádraic Uí Chonaire
Aindrias Ó Cathasaigh
Coiscéim 2007

2013-09-17

Comhar na ríomhchláraitheoirí!

Thosaigh mé post nua ar na mallaibh. Táim ag obair anois le teanga ríomhchláraithe - Java -  nach raibh an fíorbheagán eolais agam uirthi sular thosaigh mé sa phost. Mar sin féin, tá giota mór de ríomhchláir sách chasta scríofa agam - agus oibríonn sé!

Tá an ghairm seo a chleachtadh agam le breis agus scór bliain anois. Tá claochlú tagtha ar an ngairm ó thosaigh mé, ag foghlaim PL/M  ó comhghleacaithe agus leabhair. 

An idirlíon a chothaigh an claochlú seo agus a rinne é éasca do mo leithéidí dul chun cinn gasta a dhéanamh. Gan idirlíon, caolseans go mbeadh an forbairt a tháinig ar Gluaiseacht na bhFoinsí Oscailte tarlaithe.  Gluaiseacht a chuireann ar chumas ríomhchláraitheoirí uirlisí den scoth a chruthú dá chéile tríd comhoibriú.  Tá an píosa oibre atá idir lámha agam bunaithe ar thacaíocht a thabhairt don dífhabhtóir  GDB, ar cuid é den córas GCC. Is mór an gar go bhfuil teacht agam ar na foinsí, rud a éascaíonn mo chuid oibre ag tacú leis an uirlis.

Ach tá éachtaí eile ann - táim ag baint úsáide as timpeallacht comhtháite forbartha darbh ainm Eclipse. An rud atá i gceist le TCF ná ríomhchlár a úsáidim chun cód a scríobh. Ach tá eolas san ríomhchláir ar an dteanga, agus - rud atá ríthábhachtach i gcás Java - ar an méid atá scríofa cheana agam, agus fiú na leabharlanna atá ar fáil. "Leabharlann" - sin píosa cód atá scríofa cheana féin ar féidir feidhm a bhaint as. Tá na mílte acu ann i Java, fágann sin go dtig le ríomhchláraitheoir fearacht mise díriú ar an bhfadhb atá le réiteach agus glacadh le bunchlocha atá profa agus iontaofa cheana. Ceartaítear - fearacht litreoir - na botúin fánacha teanga agus úsáide agus mé ag clóscríobh. Moltar réitigh dom - na feidhmeanna agus sonraí atá ar fáil don cineál rud a bhfuil mé ag plé leis.

Sa mhullach ar sin, tá píosa eile ar féidir cuir le Eclipse - breiseáin - a chabhraíonn le, mar shampla, leagan amach coiteann ar an gcód don fhoireann ar fad a chuir i bhfeidhm, nó cód atá lochtach nó a d'fheadfadh a bheith lochtach a aimsiú. Tá dífhabhtóir cumhachtach ann freisin don gclár.

Le fiche bliain taithí, tá fhios agam an cineál ruda ba mhaith liom a dhéanamh. Ach níl na teilgean cuí i Java agam. Is leor ceist a chuir ar Ghoogle - "conas a déantar X i Java" - agus gach seans go mbeidh freagra ar fáil. Go hiondúil ar chlár plé StackOverflow. Cuireann an suíomh úd áit ar fáil do ríomhchláraitheoirí na cruinne chun fadhbanna a phlé. Fágann sin - ainneoin nach bhfuil ach cúpla comhghleacaí agam san oifig, agus gan ach duine acu atá sáite i Java le fada - go bhfuil ar mo chumas teacht ar réitigh cuanna, cruinne go gasta.

Is deacair dom anois smaoineamh siar ar conas a rinne muid ár gcuid oibre roimh theacht ann do na gléasanna agus áiseanna uilig seo. Comhar na ríomhchláraitheoirí!

2013-09-07

Focal Faire Emil!

Erich Kästner i measc dornán údar Gearmáinise a bhfuilim an-tugtha dá saothar. Cé go bhfuil cáil ar Kästner as a shaothar do leanaí, scríobh sé a lán eile, agus dánta frithchogaidh agus polaitíochta ina measc. (Dhóigh na Naitsithe a shaothar i 1933)
Ach is dócha gurbh é Emil und die Detektive an saothar is cáiliúla leis. Is cosúil gur éirigh go seoigh leis an scéal go luath tar éis a fhoilsithe. (Rinne lucht an Gestapo tagairtí magúla dó nuair a ghabh siad é)

Chuir Gabriel Rosenstock ar mo shúile dom go raibh an leabhar aistrithe faoi dhó go Gaeilge agus mhol go ndéanfainn comparáid idir an dá leagan, agus an bunleagan. Tá an bunleagan agus aistriúchán Nicholas Williams - Emil agus na Bleachtairí - ar mo leabhragán. Chuir mé fios tríd BorrowBooks ar Emil agus na Lorgairí aistrithe ag Seán Mac Giollarnáth, agus seoladh cóip chugam ó leabharlann Liatroma! 

Tá sé ráite go soiléir in E⁊L:
Aistriú é "Emil agus na Lorgairí" ar "Emil and the Detectives" agus cuireadh an leagan Gaedhilge i gcomparáid leis an mbunleagan "Emil und die Detektive"
(Agus trí chló in úsáid san sliocht céanna sin - Cló Gaelach, Rómhánach don teideal Béarla agus Fraktur don dteideal Gearmáinise!)  Ní heol dom an díreach ón nGearmáinis a rinneadh E⁊B a thiontú, ach ní dóigh liom é. Fágann sin gur deacair a rá cad as difríochtaí idir an dá leagan; mar is dócha nárbh an leagan céanna Béarla a bhí in úsáid i 1937 agus i 2004! Ach tá rud amháin i gcoiteann ag an trí eagrán - léaráidí iontacha Walter Trier.

Scéal sách soineanta atá i gceist le Emil und die Detektive. Buachaill óg, mac baintrí, as baile beag faoin dtír - ag dul ar cuairt ag a sheanmháthair i mBeirlín. Airgead aige óna mháthair le tabhairt di. Titeann a choladh air san traein agus ainneoin a fhaichill goidtear an airgead uaidh. Ar chúiseanna áirithe tá doicheall air dul go dtí na péas lena scéal. Beartaíonn ar an gadaí a ghabháil é féin. Le cuidiú ó bhuachaillí na cathrach, éiríonn leis.

Stíl spraíúil, comhráiteach atá ag Kästner sa leabhar, agus is minic é ag labhairt go díreach leis an léitheoir, ag cuir síos ar carachtar Emil agus á mhíniú. Tá dúshlán ansin don aistritheoir Gaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil - ná go raibh le fada - caint na n-ógánach uirbeach ann a fhreagródh don méid atá scríofa ag Kästner. Cinnte, Gearmáinis na luath 30í atá i gceist. An difríocht ná go bhfuil ógánaigh na  Gearmáinise (agus an Bhéarla) ag léamh leo go tréan agus nach gcuirfeadh friotal pas beag sean aimseartha dá mbuille iad. Mothaím áfach nach fíor an rud céanna don léitheoir óg Gaeilge (más ann dó!). Fáinne fí atá ann; ceal ábhar léitheoireachta, ní léann daoine óga le Gaeilge. Ceal taithí, mothaínn siad go bhfuil léamh na Gaeilge deacair.

Mar sin, cé gur saibhre an teanga in E⁊L agus go bhfuil an chaint, dar liom, níos nádúrtha, is mó seans go léadh léitheoirí uirbeacha an lae inniu E⁊B, má léann siad in aon chor. Bheadh sé spéisiúil tuairim léitheora Gaeltachta ar an gceist a fháil.

Tá cúpla difríocht spéisiúil san "logánú" a déanadh ar an scéal. Rinneadh seacht bpunt in E⁊L de na 140 Marg sa bhunleagan. Marg atá in E⁊B. (Léargas ansin ar an mboilsciú, chomh maith!) Rinneadh rogha éagsúil maidir leis na hainmneacha a haistríodh. Tá "Giollaanphinn" ag E⁊L ar Krummbiegel - n'fheadar cad as a tháinig an leagan sin, mar is le logainm a bhaineann an sloinne sin ó cheart. Aisteach go leor rinne E⁊B "Déardaoin" as "Dienstag" (Márt in E⁊L).

Seachas sin, tagann an bunleagan slán san dá aistriúcháin agus iad araon inléite. Mar a deirim, thaitin E⁊L níos fearr liom féin, friotal níos saibhre agus nádúrtha ann dar liom. Ach amhras orm an mó duine a bheadh in ann a leithéid a léamh, ceal taithí.

Is mór an feall áfach gur faoi cheilt i stórais leabharlainne atá na leabhar seo a aistríodh sna 1930í, 1940í agus ar aghaidh. Níl dáta ar bith ar an lipéid leabharlainne a bhí ar E⁊L agus é ag teacht chugam as Liatroim. Tá cineál amhrais orm gurbh mé an chéad duine a léadh an leabhar le seasca bliain!

Ó Chuan go Sliabh

Bhí mé ag ócáid de chuid IMRAM mar pháirt d'Fhéile Litríochta Dún Laoghaire ar an gCéadaoin.  In san Iarsmalann Muirí atá lonnaithe in sean Eaglais a bhí an ócáid- suíomh thar a bheith feiliúnach don bhféasta filíochta agus ceoil a cuireadh romhainn. 

Is é Liam Ó Muirthile a chun tús leis an ócáid, ag léamh as a chnuasach An Fuíoll Feá.  Bhí rogha na bhfilí ar fad bainteach leis an téama "Cuan agus Sliabh", a d'eascair as ainm an fhéile (meas sibh an bhfuil teachtaireacht sa mhéid is go raibh an teideal Gaeilge droim ar ais leis an dteideal Béarla?) Bhí tionlacan ceoil Colm Mhic Con Iomaire agus íomhánna teilgthe Margaret Lonergan ag na filí ar fad freisin.

Bhí Colm ag seinm ar an ngiotár agus an veidhlín - agus bhí tacaíocht aige a chuid cleasa teicneolaíochtaí - an Recession Quartet - aige freisin. Chruthaigh sé muir siansach a d'iompar agus a d'ardaigh reacaireacht an bhfilí, ag treisiú a bhfocail. 

Mar chuid dá chuir i láthair, rinne Liam Carson cuir síos ar Margaret Lonergan mar fhile físe agus m'anam is fíor dó. Bhí rogha iontach íomhánna mara agus sléibhe roghnaithe aici mar chúlra teilgthe don reacaireacht - agus focail an méid a bhí a rá le léamh orthu. 

Is cuimhin liom gur oscail Liam Ó Muirthile leis an ndán Eitilt - dán a mhúscail cumha ionam mar gurbh i gcuimhne Nuala Nic Con Iomaire a scríobhadh é. Bhí scata dán bhreá eile aige, macallaí sliabh is cuan iontu. Is cuimhin liom go háirithe an dán Úsc a mhúscail cuimhní láidre sléibhe ionam agus é ag cur síos ar an dóigh a chuaigh siúlóirí i bhfostú sa bhogach sléibhe, bogach atá coitianta i gCill Mhantáin agus gurbh dlúthchuid de thaithí siúlóirí ann é. 

Lean an file Béarla Gerard Fanning Liam. Ní mór dom admháil nach ndeachaigh sé i bhfeidhm chomh mór sin orm - is annamh mé ag léamh ná ag éisteacht le filíocht Béarla agus níor mhúscail a chuid reacaireachta aon mhacallaí ionam.

Seal Lorcán S. Ó Treasaigh a bhí ann ansin. Admhaím go raibh amhras orm faoin rogha sin - tá Céard é English? léite agam agus níor bhain mé an oiread sin taitneamh as. Ach is rud eile ar fad é éisteacht le údar ag léamh sleachta as a shaothar, ceol a ghutha ag leagann béim ar na mothúcháin, ag léiriú an scéil ar dhóigh nua. Tá fonn anois orm Cnoc na Lobhar a léamh! Mhúscail na sleachta a roghnaigh sé bá lena chuid charachtair, iontas, fiosracht ... Agus, is friotail fileata a bhí sa phrós aige, ar a laghad sna sleachta roghnaithe. Is dócha go raibh mé dall ar sin agus mé ag léamh scéil seachas ag éisteacht le reacaire agus mé i ngleic lena úrscéalta. 

B'í Katie Donovan an file deireanach don oíche. Filíocht Béarla arís, ach an uair seo theagmhaigh sí liom. Colainn agus áit láidir ina cuid filíochta. Píosa álainn aici faoi bheith amuigh lena hiníon óg, iníon óg a bhí díbeartha seal de bharr naíonán nuabheirthe, agus an pléisiúr simplí ionraic a bhain sí as a Mamaí a bheith aici di féin arís seal, eachtraí simplí siúlóide, barróg agus croí istigh. Dán eile ar gheal le hiomann molta é ar a áit cónaithe - Deilginis, nó gar dó sílim - áit chaoin idir Chuan is Sliabh. Dán faoi oilithreacht a rinne sí go Cnoc na Riabh áit a bhfuil uaigh Méabha más fíor. Thagair sí don traidisiúin (nach raibh cloiste agam) go raibh mún láidir ag Méabh, agus é ar a cumas abhainn a chruthú. Cíos múin a d'fhág sí dá réir ar an gcnoc. (Dúirt sí nach raibh sí a mholadh áfach!). Colainn, log, seanchas - agus filíocht fuinte astu.

Idir na filí, chan Máire Ní Choilm amhráin sean nóis. Líon a guth an spás gan stró, agus arís bhí comhcheoil de chineál idir íomhánna Margaret agus na hamhráin a bhí a cheoil ag Máire. Bhí Gaeilge ag mórchuid dá raibh is láthair, agus ceoil ag scata - mar sin bhí tionlacan aici do na curfánna, tionlacan a spreag agus a mheall sí. Chuir sí clabhsúr leis an oíche le Trasna na dTonnta, agus aoinne a  raibh ceol acu ag tacú léi. (Níl agamsa)

Ócáid den scoth atá ann, agus tréaslaím le lucht an bhféile agus le Liam Carson as IMRAM as óiad thaitneamhach eile a sholáthar. Gura fada buan iad, agus na filí!