Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-09-22

Agallamh an Phápa

Glaoch San Maitiú, le Caravaggio

Foilsíodh agallamh fhada leis an Pápa Proinsias ar na mallaibh. Bhí ceannlínte gáifeacha ar fud na cruinne mar thoradh air - ceannlínte a bhí bunaithe ar cúpla abairt as an iomlán, mar a chonacthas tríd priosma an phreasa iad - "Ní féidir linn a bheith ag seasamh ar cheisteanna an ghinmhillte, pósadh homaighnéasach, agus frithghiniúint amháin". Rinneadh neamhaird den méid a dúirt sé dhá abairt ina dhiaidh sin "Tá teagasc na hEaglaise ar na ceisteanna seo soiléir, agus is mac de chuid na hEaglaise mise". Níl fhios agam an mar thoradh ar na ceannlínte é (agus ní dócha é) ach thug sé caint an tseachtain seo do chnáimhseoirí agus lucht leighis inár cháin sé ginmhilleadh go géar. [it, Achoimre Béarla]
Dar ndóigh, ní haon rud nua ná suntasach a leithéid. Ainneoin nach iad seo na ceisteanna is suntasaí i dteagasc na hEaglaise, shamhlófá ó na meáin cumarsáide nár labhair an dá Phápa roimhe faoi cheist ar bith seachas iad. Bhí cúis maith ag Proinsias mar sin na ceisteanna seo a sheachaint go dtí seo. Tá baol anseo do mo leithéidí - go bhfeicfinn nach raibh aon rud suntasach ná nua ráite aige faoin dteagasc agus nach bhfeicfinn an teachtaireacht dúshlánach atá ina agallamh do mo leithéidí. 

Íomhá Edgar Jiménez
Fear urnaí é Proinsias, fear atá sáite i dtraidisiúin an Ord Íosánach lena mbaineann sé, traidisiúin ina bhfuil cleachtas an discernere1 lárnach. An rud ar a bhfuil béim á leagan aige in san agallamh trí chéile ná gur peacaigh ar aistear muid, é féin san áireamh, agus go bhfuil gá le muinín i dtrócaire Dé agus urnaí agus comhairle chun an bealach ceart a aimsiú.  Agus é ag caint faoi féin rinne sé tagairt do phictiúr cháiliúil Caravaggio Glaoch San Maitiú, atá bunaithe ar an sliocht seo san soiscéal:

Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D’éirigh seisean agus lean sé é.  (Mth 9:9)
 Ní cuimhin liom cá háit a léigh mé anois é, ach is cuimhin liom léamh amháin ar an bpictiúr seo a d'áitigh gurbh é Maitiú an fear óg sa phictiúr atá fós cromtha ag ríomh airgead, mar a bheadh sé ag seachaint gairm Íosa. Feictear dom gurbh an dúshlán atá Proinsias atá ag cuir roimh mo leithéidse - atá daingean go hintleachtach sa chreideamh ach - monuar - sách alabhog i gcleachtadh na carthanacha, ná Críost a chuir faram dáiríre, agus scaoileadh le cúraimí eile atá ag teacht idir mé agus é. Cuirtear nath i léith Naomh Proinsias - Fógair an soiscéal i gcónaí. Bain feidhm as briathra nuair is gá.  Sin atá á éileamh aige.

Dúirt an Pápa ina agallamh go bhfuil ról fáidhiúil ag baill na nOird Rialta. Cruthaíonn a leithéidí cíor tuathail scataí, dar leis, ach is coipeadh an tsoiscéil atá san cíor tuathail sin. Feictear dom go bhfuil fáidh againn anois mar Phápa; fear a dhéanfaidh iomlánú agus craobhscaoileadh ar saothar teagaisc an bheirt a chuaigh roimhe.

Agus fear a leanfaidh air ag tabhairt dúshlán mo leithéide. Dúshlán chun mo leasa. Beidh mé ag athléamh an agallamh seo agus an méid a thuairiscítear dá chuid teagaisc laethúil freisin. Tá tairbhe ann.  

1 Bhí plé ar na mallaibh in eagrán den Timire ar conas an focal discernere aithint, scagadh, grinneas a aistriú i gceart sa chomhthéacs ina úsáidtear é. Níor tháinig na hÍosánaigh léannta sin ar toradh críochnúil, sásúil.