07 September 2013

Focal Faire Emil!

Erich Kästner i measc dornán údar Gearmáinise a bhfuilim an-tugtha dá saothar. Cé go bhfuil cáil ar Kästner as a shaothar do leanaí, scríobh sé a lán eile, agus dánta frithchogaidh agus polaitíochta ina measc. (Dhóigh na Naitsithe a shaothar i 1933)
Ach is dócha gurbh é Emil und die Detektive an saothar is cáiliúla leis. Is cosúil gur éirigh go seoigh leis an scéal go luath tar éis a fhoilsithe. (Rinne lucht an Gestapo tagairtí magúla dó nuair a ghabh siad é)

Chuir Gabriel Rosenstock ar mo shúile dom go raibh an leabhar aistrithe faoi dhó go Gaeilge agus mhol go ndéanfainn comparáid idir an dá leagan, agus an bunleagan. Tá an bunleagan agus aistriúchán Nicholas Williams - Emil agus na Bleachtairí - ar mo leabhragán. Chuir mé fios tríd BorrowBooks ar Emil agus na Lorgairí aistrithe ag Seán Mac Giollarnáth, agus seoladh cóip chugam ó leabharlann Liatroma! 

Tá sé ráite go soiléir in E⁊L:
Aistriú é "Emil agus na Lorgairí" ar "Emil and the Detectives" agus cuireadh an leagan Gaedhilge i gcomparáid leis an mbunleagan "Emil und die Detektive"
(Agus trí chló in úsáid san sliocht céanna sin - Cló Gaelach, Rómhánach don teideal Béarla agus Fraktur don dteideal Gearmáinise!)  Ní heol dom an díreach ón nGearmáinis a rinneadh E⁊B a thiontú, ach ní dóigh liom é. Fágann sin gur deacair a rá cad as difríochtaí idir an dá leagan; mar is dócha nárbh an leagan céanna Béarla a bhí in úsáid i 1937 agus i 2004! Ach tá rud amháin i gcoiteann ag an trí eagrán - léaráidí iontacha Walter Trier.

Scéal sách soineanta atá i gceist le Emil und die Detektive. Buachaill óg, mac baintrí, as baile beag faoin dtír - ag dul ar cuairt ag a sheanmháthair i mBeirlín. Airgead aige óna mháthair le tabhairt di. Titeann a choladh air san traein agus ainneoin a fhaichill goidtear an airgead uaidh. Ar chúiseanna áirithe tá doicheall air dul go dtí na péas lena scéal. Beartaíonn ar an gadaí a ghabháil é féin. Le cuidiú ó bhuachaillí na cathrach, éiríonn leis.

Stíl spraíúil, comhráiteach atá ag Kästner sa leabhar, agus is minic é ag labhairt go díreach leis an léitheoir, ag cuir síos ar carachtar Emil agus á mhíniú. Tá dúshlán ansin don aistritheoir Gaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil - ná go raibh le fada - caint na n-ógánach uirbeach ann a fhreagródh don méid atá scríofa ag Kästner. Cinnte, Gearmáinis na luath 30í atá i gceist. An difríocht ná go bhfuil ógánaigh na  Gearmáinise (agus an Bhéarla) ag léamh leo go tréan agus nach gcuirfeadh friotal pas beag sean aimseartha dá mbuille iad. Mothaím áfach nach fíor an rud céanna don léitheoir óg Gaeilge (más ann dó!). Fáinne fí atá ann; ceal ábhar léitheoireachta, ní léann daoine óga le Gaeilge. Ceal taithí, mothaínn siad go bhfuil léamh na Gaeilge deacair.

Mar sin, cé gur saibhre an teanga in E⁊L agus go bhfuil an chaint, dar liom, níos nádúrtha, is mó seans go léadh léitheoirí uirbeacha an lae inniu E⁊B, má léann siad in aon chor. Bheadh sé spéisiúil tuairim léitheora Gaeltachta ar an gceist a fháil.

Tá cúpla difríocht spéisiúil san "logánú" a déanadh ar an scéal. Rinneadh seacht bpunt in E⁊L de na 140 Marg sa bhunleagan. Marg atá in E⁊B. (Léargas ansin ar an mboilsciú, chomh maith!) Rinneadh rogha éagsúil maidir leis na hainmneacha a haistríodh. Tá "Giollaanphinn" ag E⁊L ar Krummbiegel - n'fheadar cad as a tháinig an leagan sin, mar is le logainm a bhaineann an sloinne sin ó cheart. Aisteach go leor rinne E⁊B "Déardaoin" as "Dienstag" (Márt in E⁊L).

Seachas sin, tagann an bunleagan slán san dá aistriúcháin agus iad araon inléite. Mar a deirim, thaitin E⁊L níos fearr liom féin, friotal níos saibhre agus nádúrtha ann dar liom. Ach amhras orm an mó duine a bheadh in ann a leithéid a léamh, ceal taithí.

Is mór an feall áfach gur faoi cheilt i stórais leabharlainne atá na leabhar seo a aistríodh sna 1930í, 1940í agus ar aghaidh. Níl dáta ar bith ar an lipéid leabharlainne a bhí ar E⁊L agus é ag teacht chugam as Liatroim. Tá cineál amhrais orm gurbh mé an chéad duine a léadh an leabhar le seasca bliain!

3 comments:

ancoimineach said...

Is breá liom leabhra mar sin a fheiceáil. Sé an trua gur i leabharlann dhorcha éicinnt atá siad folaithe. Ba mhaith liom dá bhfoilseofaí seanleabhra an Ghúim in athuair. Níl le déanamh ach iad a chur in oiriúint do litriú an lae inniu! http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=4635

gasuirlegaeilge said...

Ba mhaith liomsa an leabhar a léamh anois, ach níl teacht furasta agam air. Is seirbhís mhaith é BorrowBooks.ie--cén fáth nár cuireadh leagan Gaeilge den suíomh idirlín ar fáil?

aonghus said...

Feicim go bhfuil cóip ag Leabharlann na Comhdhála

http://lccn.loc.gov/49040627

Maidir leis an suíomh úd abhus, an gnáth scéal léanmhar.