Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-12-31

Stair, scéalaíocht agus léitheoireacht

Agus é ag plé liosta leabhair Comhar bhí an méid seo le rá ag Vincent Morley:

Is é an chéad rud a ritheann liom gur ábhar suntais é go bhfuil trí cinn d’úrscéalta stairiúla i measc na leabhar a roghnaíodh – rud a léiríonn, cheapfá, go bhfuil suim ar leith ag údair agus ag léitheoirí na Gaeilge sa stair. Ach ina dhiaidh sin is uile, níl aon leabhar staire ar an liosta. Sílim gurbh fhiú d’aos liteartha na Gaeilge machnamh a dhéanamh ar an gcodarsnacht sin.
Tá níos mó le rá aige ar an ábhar, agus breis fós san bplé  sa dtráchtaireacht faoin alt.  Is fíor go raibh leabhar staire leis féin san áireamh agam i mo liosta. Ach sí an litríocht a mheall mise chun a leabhar siúd a léamh!

Maidir leis an méid eile atá le rá aige, is dócha gurbh fiú an liosta den 10 leabhair neamhfhicsean as an suirbhé a fhoilsiú anseo:
  1. Trén bhFearann Breac
  2. Leabhar Mór na nAmhrán
  3. An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar
  4. Ar Chreag i Lár na Farraige
  5. Fin de Siècle na Gaeilge
  6. Manuail de Litríocht na Gaeilge
  7. Seosamh Ó hÉanaí: Nár Fhágha Mé Bás Choíche
  8. An Dúchas agus an Domhan
  9. Beathaisnéis (Imleabhar 7-9) (féach ainm.ie)
  10. Mise an Fear Ceoil: Séamas Ennis - Dialann Taistil
Baineann na leabhair sin ar fad leis an nGaeilge nó leis an ceol - agus nasc láidir leis an nGaeilge i gceist.  Seachas dornán eolaire dúlra, roinnt ciclipéid eolaíochta le Matt Hussey, cúpla leabhar le Micheál Ó Breartúin agus corr leabhar fearacht "Ciste Cúrsaí Reatha" ní dóigh go bhfuil aon saothar tagartha as Gaeilge i mo chnuasach. Tá roinnt leabhar faoi chúrsaí creidimh agam as Gaeilge - an Caiticiomsa, abair agus corr saothar eile a chuir FÁS amach.

Téann sin go gcroí na ceiste a chuir Vincent sílim. Ní bhíonn daoine ag plé as Gaeilge go gairmiúil ach an Ghaeilge. Mar sin, is beag tarraingt ar saothair tagartha.

Is maith liom féin úrscéalta, úrscéalta stairiúla ina measc. Ach is túisce a tharraingeoinn úrscéal chugam ná leabhar staire agus mé ag léamh - ar an gcúis simplí gur mar chaitheamh aimsire atáim ag léamh. 

Tá baol ansin don teanga ar ndóigh - go dtiocfaidh meath uirthi sna réimse nach bhfuil sí á saothrú. Beart fónta ina choinne sin is ea Féile Imbolc! Pléitear ansin an iliomad ábhair trí Ghaeilge - seachas an teanga féin!

Meas sibh ar cheart dom féin tabhairt faoi Leabhar Mór an Athrógseanchais?