29 May 2013

An gcothaíonn cíocha cíocras ceannaithe?

Bhí colún ag Jennifer O'Connell san Irish Times inniu maidir le húsáid bhéithe brollach ar leis chun gan rud faoin speir a dhíol.  Ansin tharraing duine m'aird ar fhógra eile de chuid Club Orange ar youtube. Nílim chun nascadh leis, aimseodh sibh é más mian libh.
Níl fhios agam an bhfuil sé íorónta nó truamhéalach go raibh scata mná i mbicíní ar chlúdach an Irish Times ag díriú aird ar alt Jennifer - agus pictiúr de irisí phornagrafacha laistigh agus ar an alt ar líne mar thionlacan leis.
Anois is fear meánaosta heitrighnéasach mise, mar sin admhaím go dtarraingíonn na pictiúr seo mo shúile agus músclaíonn miangas ionam scaití. Ní dóigh liom áfach gur spreag siad spéis san táirge atá in ainm is a bheith á dhíol acu ionam riamh. Agus caithfidh mé a rá go bhfuil rud éigin áioféiseach faoi na pics poiblíochta de seanfhear éigin i gculaith liath - aire rialtas nó boc mór gnó - timpeallaithe ag béithe arda leath-ghléasta.
Is cosúil áfach go bhfuil lucht fógraíochta meáite go ndíolann collaíocht. Agus - ó tharla gurbh iad mná sprioc nó comhsprioc cuid maith de na táirgí seo caithfidh sé go gcreideann siad go dtéann na híomhánna i bhfeidhm ar mhná freisin.
N'fheadar an é go gcreideann siad gur fiú an raic len iad a chuir i mbéal an phobail?
(Nath a chonaic inniu « Qu'on parle de moi en bien ou en mal, peu importe. L'essentiel, c'est qu'on parle de moi ! » Zitrone )
Tá an spás poiblí agus na meáin ar maos sna híomhánna miangasacha seo; agus na meáin cumarsáide freisin.
Má cheistíonn aon duine (aon bhean ach go háirithe) an nós cuirtear ina leith gurbh cancráin gan acmhainn grinn iad.
Níl fhios agam cén dóigh is fearr dul i ngleic leis an nós. Is fána sleamhain cinsireacht. Agus táim amhrasach faoi cé chomh héifeachtach is atá sé in aois an idirlíon - tharraingeodh an chinsireacht caint agus gleo agus bheadh an táirge i mbéal an phobail arís.  
Baghcat is dócha an modh is éifeachtaí. Ach cinnte ní cabhraíonn an stuif seo le meas a chothú do mhná!
Agus sin mo racht go n-uige seo.

27 May 2013

An Milléanach léirithe!

Le tamall anuas tá cóir an ádh liom ag buachan leabhair ón raidió agus araile agus is mar sin a fuair mé cóip den Béal Bocht grafach.

Tá an bunsaothar léite agus athléite agam - agus leath leabhragán lán de shaothar eile Myles agam gan trácht ar Amaidí a dheartháir!

Tá's ag an saol gur scigaithris atá in ainm is a bheith an seo ar an tOileánach leabhar a raibh ardmheas ag Myles air:
"One of the finest books I have read in any language is An tOileánach by a Blasket islander, now dead ... every page is a lesson how to write, it is all moving and magnificent" "Cruiskeen Lawn"  (17 January 1955)
Cé gur léir na tagairtí don Oileánach measaim féin gur géire an aoir nuair atá sé ag plé le "Gaeilgeoirí" (i. an dream  a thagann ag foghlaim na Gaeilge gan tuiscint don bpobal) agus dar ndóigh do na deá leabhair Conallacha. Is mó go mór an sult a bhainfidh an té a bhfuil slám leabhair le Máire léite aige as, fágaim. 

Tá sár obair déanta ag cló Maigh Eo agus a gcomhghleacaithe ag cuir an leabhar san cló nua grafach. Tá na mór eachtraí ar fad ann, léirithe i stíl a fheileann go paiteanta don ngreann dorcha. Tá nod sna nótaí go raibh - nó go bhfuil - scannán beartaithe agus go bhfuil an leabhar bunaithe ar ullmhúchán don scannán céanna. Shamhlóinn go bhfeidhmeoidh sin chomh maith.

Beidh mé ag filleadh ar an leagan seo chomh maith leis an mbunleagan, agus tá súil agam spéis mo chlann mhic (agus ar ball m'iníon) a spreagadh ann!

Údar / Author: Myles na gCopaleen
Maisitheoir / Illustrator: John McCloskey
Eagarthóir: Breandán Ó Conaire
Bog/Paperback - ISBN: 978-1-899922-87-1 €12.00
Crua/Hardback - ISBN: 978-1-899922-88-8 €20.00

Litríocht na Gaeilge ag Hay Festival Kells

Beidh lá breá Gaelach i gCeanannas Mór na Mí (Kells) an mhí seo chugainn, tráth go mbeidh an fhéile litríochta idirnáisiúnta an Hay Festival ar siúl sa bhaile ón 28-30 Meitheamh.
 
Is cúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh An Siopa Leabhar i láthair i gcaitheamh na féile agus go bhfuil Gabriel Rosenstock, Tadhg Mac Dhonnagáin, Manchán Magan, Alan Titley, Sharon Ní Bheoláin agus Maidhc Dainín Ó Sé i measc na rannpháirtithe atá deimhnithe le bheith páirteach cheanna féin.
 
Beidh leithéidí DBC Pierre, John Banville, Germaine Greer, John Boyne, Peter Sheridan, lucht léirithe The Secret of Kells agus tuilleadh nach iad i láthair i gcaitheamh an deireadh seachtaine chomh maith. Mar sin bí cinnte go mbeidh neart ann d’óg agus aosta.

Is Dé Sathairn 29ú Meitheamh a bheas na himeachtaí dírithe ar litríocht agus scríbhneoireacht na Gaeilge ar siúl:

  • 12.00: Cuirfidh an t-údar agus an t-aistritheoir Gabriel Rosenstock tús le cúrsaí le ceardlann Haiku dátheangach.
  • 2.30: Beidh an ceoltóir agus an scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin agus a iníon Róise i láthair le haghaidh dreas ceoil, rannta, gáire agus spraoi.
  • 5.00: Beidh an scoláire, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, staraí liteartha, craoltóir, drámadóir agus colúnaí le The Irish Times Alan Titley ar stáitse, in éineacht leis an bhfile clúiteach ón mBreatain Bheag Eurig Salisbury. Déanfaidh Sharon Ní Bheoláin cathaoirleacht ar an ócáid seo, tráth go mbeidh siad beirt ag léamh as a gcuid saothair agus ag plé saibhreas teanga.
  • 7.00: Óna chéad leabhar, A Thig ná Tit Orm, i leith, tá cáil agus tarraingt i bhfad is i gcéin ar Mhaidhc Dainín Ó Sé. Foilsíodh a shaothar is déanaí Punt Isló i mbliana. Labhróidh sé linn, i gcomhrá, faoi seo agus tuilleadh.
Cuirfear clabhsúr leis an lá le ceol agus tuilleadh plé óna 9.00in ar aghaidh!!

Tá an clár ina iomláine ar fáil ag an nasc seo:

Is iad an chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus le comhoibriú ón gcoiste áitiúil den Hay Festival atá ag obair go dian chun an clár seo a chur le chéile.

Tiarnán De Hál
Cathaoirleach, Chraobh Cholmcille de Chonradh na Gaeilge
Ceanannas Mór
087 0533600
tdeh ag eircom ponc net

25 May 2013

Reacaireacht Kerouacach

Rinne mé féin agus mo mhac freastal ar seoladh an leabhar seo de haiku Jack Kerouac aistrithe ag Gabriel Rosenstock oíche Déardaoin. Bhí sé ar bun san Workmans Club ar na céanna.
Bhí an seoladh leabhar san Vintage Room thuas staighre, dornán beag de aos liteartha na Gaeilge i láthair um a seacht. Cineál seomra suí ó na 1960í, agus é feiliúnach don ócáid. Rinne Liam Carson an leabhar a chuir is láthair ag trácht ar an spás a chruthaigh haiku do Jack Kerouac chun éalú ó bheith ina Jack Kerouac.  Thug sé ardmholadh d'aistriúcháin Ghabriel agus freisin do shaothar an fhoilsitheora Alan Hayes ó Arlen House.
Is cinnte go mbaineann tábhacht le leabhar ar bith bheith ina earra fiúntach agus an cuma agus an caighdeán ar aon dul leis 
Labhair Gabriel ansin ar an gcaoi gur bhain Kerouac amach céim haijin- máistir - ar an haiku, tríd staidéir a dhéanamh ar na máistrí Seapánacha. 
Léigh sé sampla as an leabhar, agus b'shin sin don chéim sin! 
Bhí deis againn roinnt comhráite spéisiúla a bheith againn sular bog  muid síos a staighre go dtí an príomh seomra  do ócáid fite fuaite as fhilíocht Kerouac agus freagraí dó ó Gearóid Mac Lochlainn agus Gabriel Rosenstock.

Bhí íomhánna le Margaret Lonergan agus ceol ón Dirty Jazz Band mar thionlacan ag an bhfilíocht. Faraor, bhí sé a naoi a chlog sular thosaigh an ócáid agus bhí orainne teitheadh chun breith ar bhus a deich mar sin ní bhfuair muid ach blaiseadh den ócáid - ach ba bhlaiseadh de ócáid den scoth é.

Ba an an gclapsholas i gcúil an seomra a léigh Gabriel a rogha de Haiku Kerouac - líon a ghuth díchollaithe an seomra agus an snagcheol agus na híomhánna - leis an téacs Gaeilge (a léigh sé) agus Béarla (nár léigh)  - ag  treisiú an méid a chan sé. Sampla:
ghlaos ar Hanshan
sna sléibhte –
freagra níor tháinig
ghlaos ar Hanshan
sa cheo,
ciúnas! an freagra
 [Hanshan, “Sliabh Fuar”, file Síneach ón 9ú haois]:

Lean Gearóid Mac Lochlainn le reacaireacht rithimeach dá shaothar féin ag agallamh le saothar Keroauc agus a shaol agus fite fuaite le tagairtí (d'aithin mé tagairt do Méara friochanta na fearthainne Uí Thuarisc - glacaim leis go raibh an dúrud tagairt eile ann ceal eolais!) D'fheil an snagcheol do stíl rithimeach reacaireachta Ghearóid - ba gheall le cuid den cheol a ghuth agus é ag suí ar imeall an stáitse leis na hoirfidigh. Faraor is le linn a chuid siúd den léiriú a bhí orainn sleamhnú amch go ciúin le rith chun breith ar bhus!

Ba bhreá liom dá bhfeadfainn fanacht, ach...

Cuirfidh mé críoch leis an sliocht seo leis an nath is ansa le Liam Carson: "Ceannaigh an leabhar! Ceannaigh dhá leabhair!"  

19 May 2013

An Mac Drabhlásach

N'fheadar cén seanrá lena  mbaineann an úrscéal seo de chuid Breandán Uí Eithir - tá gnéithe a phléann le teacht in inmhe, le ragairne, le polaitíocht cúiseanna - na Gaeilge agus na Poblachta - le grá agus le collaíocht. Is reacaire den scoth é Breandán Ó hEithir agus cé gur leabhair mór groí atá ann, níor mhothaigh mé fada ná fadálach é.
Bhí máistreacht ag Ó hEithir ar an dteanga gan amhras, agus scéal maith le reic aige.
Is aisteach an scéal é go bhfuil gaol gairid idir Gaelachas agus gealtachas - ó Bhuile Shuibhne anall - agus is i dTeach na nGealt, a féachaint siar ar saol drúiseach drabhlásach atá laoch an scéil seo don gcuid is mó den insint.
Cineál scéinséir atá ann freisin, sa mhéid is go nochtar codanna den scéal diaidh ar ndiaidh dúinn, agus tá greann thar na bearta sna heachtraí áiféiseacha a bhain don laoch.
Sílim go bhfuil gnéithe de dhírbheathaisnéis i gceist ach iad tugtha chun áiféise ag an údar - ar máistir ar ghreann é chomh maith.



Sionnach ar mo Dhuán
Breandán Ó hEithir
Sáirséal Ó Marcaigh 1988
ISBN 0862890632

18 May 2013

Cruach cheisteanna, athuair.

Is fada ó scríobh mé aon bhlas athrógseanchais anseo.

Baineann an eachtra atá mé chun roinnt libh leis an gcuimhne sealadach a phléigh mé cheana, an cruach. Má bhíonn athróg in úsáid laistigh de fheidhm, ní bhíonn ionad buan sa chuimhne aige go hiondúil. Is lú cuimhne san iomláine atá de dhíth don ríomhchlár mar sin. Ach tá baoil ag baint leis. De bhrí go mbaintear athúsáid as an cuimhne, d'fheadfadh luach ar bith ann. Mura ndéantar luath cinnte a thabhairt don athróg roimh a úsáide, is féidir le iarmhairtí aisteacha bheith ar an gclár. Sa bhreis ar sin, ní minic go dtarlódh an rud céanna - fágann sin go mbíonn fabhtanna ann atá fíor dheacair a aimsiú.

Rud a tharla do le déanaí.

Bhí feidhm á scríobh agam chun píosaí ar leith a bhaint as teachtaireacht. Ach ní raibh sé cinnte go mbeadh na píosaí sa teachtaireacht. An riail a bhí ann ná go mbeadh carachtar ar leith - deighilteoir - ag scaradh na píosaí san teachtaireacht - agus má bhí píosa ar leith ann roimh an carachtar cuí i dtreo deireadh an teachtaireacht, go mbeadh gach deighilteoir roimhe sin ann.

B'é an rud is simplí a dhéanamh mar sin ná féachaint tríd an teachtaireacht ar fad agus ionad na ndeighilteoir a bhreacadh síos. Bhí na hionad  stóráilte in eagar ar an cruach. (Eagar: grúpa de luachanna). Bhí líon na ndeighilteoir i dtaisce freisin.

Bhí an algartam sách éasca mar sin:

Más mó líon na ndeighilteoir ná an uimhir an deighilteoir atá á lorg móide 1
agus
má tá ionad an deighilteora ina dhiadh lúide ionad an  deighilteora níos mó ná 1
tá an píosa ann.

I siombail, do deighilteoir n: 
n < líon
fad = pos[n+1] - pos[n] > 1

Rinne mé dhá bhotún áfach; i gás amháin ba n <= líon a scríobh mé, agus níor chuir mé luach cinnte san eagar roimh ré.

D'éalaigh an bhotúin seo tríd mo chuid promhadh féin, agus tríd an rannóg promhaidh. Ach ansin amuigh sa ghort bhí ag teip ar an gclár le teachtaireacht áirithe. 

Ar ámharaí an tsaoil, nuair a rinne mise promhadh leis an dteachtaireacht céanna, ba léir an fabht. An rud a bhí ag tarlú ná go raibh n cothrom leis an líon; sé sin, ní raibh an deighilteoir ann in aon chor. De bharr an botúin, áfach, bhí an clár ag ríomh faid thar a bheith fada - toisc go raibh luach fós i pos[n+1].

Bhí lúb eile ina dhiaidh a bhí ar lorg eolas áirithe i "fad" ó ionad - de bharr an fad a bheith ann mhór, bhí an cód ag iarraidh cuimhne lasmuigh den réimse ceadaithe ag stop an córas oibriúcháin an clár.

Leasaigh mé an cód, ag ceartú an dá botún a rinne mé, agus sheol an clár go dtí an rannóg promhadh. Mar chuid dá bpromhadh siúd, theastaigh uathu an fabht a dhearbhú sna leagan roimhe sin. Ach níor éirigh leo - ní raibh an clár ag teip! 

Bhí cúis leis sin - de bharr rudaí beaga a bheith éagsúil, ní raibh uimhir mhór ag pos[n+1] = mar sin, ní raibh fad mór á ríomh, agus níor sáraigh an clár an cuimhne ceadaithe!

Bhí an t-ádh ormsa gur éirigh liom an fabht a aimsiú - mar bheadh sé deacair dhéanamh amach cá raibh an botún gan sin. (Ach ní dodhéanta, bhí eolas ann faoin bun locht - cuireann Linux eolas faoi chuimhne an cláir i dtaisce nuair a bhíonn drochfhabht ann, agus is féidir sin a iniúchadh)




16 May 2013

Céard is duine ann?

Artikel 1 GG. (1) Die Würde des Menschen ist unantastbar. Sie zu achten und zu schützen ist Verpflichtung aller staatlichen Gewalt.
Ní ceadmhach baint le dínit an duine. Is dualgas gach cumhacht de chuid an Stáit ómós a bheith acu uirthi agus í a chosaint. 

Is mar sin, faoi anáil uafáis an Tríú Reich, a chuirtear tús le Bunreacht Phoblacht Cónaidhmeach na Gearmáine. Is beag duine a easaontódh leis sin.

Ach cad is duine ann? Cathain a bhfuil tús agus deireadh leis? Cad as a nádúr? Cad iad a bhuan-tréithe; cad atá athraitheach? Ansin atá an achrann!

Is beag cabhair dúinn an eolaíocht nuair atá dínit faoi chaibidil. Tá neach nua daonna ann ag coimpeart - foireann géine dá chuid féin. Sin, dar liomsa, tús na beatha daonna. Uaidh sin mo dhiúltú do ghinmhilleadh. Ach tuigim nach féidir leis na heolaíochtaí nádúrtha ceisteanna morálta a fhreagairt, cé gur féidir leo  bunús a thabhairt dóibh.

Maítear go minic gur athraigh an Eaglais CR - nó ar a laghad diagaithe dá chuid - a seasamh ar tús na beatha. Níl sin cruinn. Buan-phrionsabal atá ann, nach ceadmhach beatha saonta a thógáil. An rud a athraigh ná an eolaíocht - an tuiscint ar choimpeart.
Sin gné eile den scéal. Is furasta prionsabal dubh agus bán a leagan amach. Níl an saol dubh agus bán. Faraor, is minic fuilteach é.
Seasaim leis an bprionsabal nach ceadmhach deireadh a chuir d'aon-ghnó le beatha duine - ó coimpeart go bás nádúrtha.

Tuigim go bhfuil pian, strus agus trioblóid ag baint le toirchis agus breith, fiú nuair atá an bhean nó lánúin ag thnúth le leanbh. Tá taithí phearsanta agam ar an fhulaingt a bhaineann le breith anabaí.

Glacaim leis nach mbíonn ginmhilleadh ag bean mura mhothaíonn sí sáinnithe. Ach feictear dom, sna tíortha go bhfuil ginmhilleadh ar fáil, go gcruthaíonn sé brú breise ar mhná fáil réidh leis an "bhfadhb". Agus baineann sé den mbrú ar an bpobal dul i ngleic leis na tosca a fhágann gur míbhuntáiste do bhean leanbh.

Tá rudaí sách bunoscionn san saol san Iarthar faoi láthair - lánúin ag cur coimpeart pháistí ar an méar fhada, agus ansin nuair a mhothaíonn siad "réidh" is minic fadhbanna ann de bharr na blianta is folláine do thoirchis agus coimpeart bheith imithe  (gan trácht ar an stró bhreise a bhaineann le tógáil clainne agus tú níos sine). Fágtar ansin iad le crá agus briseadh croí, agus uaireanta costas mór do míochaine torthúlachta. (Agus cuid na na míochaine sin atá iad féin dochrach don dínit daonna, ag déanamh earra tráchtála as duine)

Ní ceart go mbeadh páiste ina bhac ar oideachas ná dul chun cinn sa ghairm. Go deimhin, sílim go bhfuil gá le hathstruchtúrú ar an saol gairmiúil chun go mbeadh deis ag daoine clann a thosú ag aois feiliúnach ach fós saol fiúntach a bheith acu agus ag a dteaghlach.
 
Aithním go mbíonn ndochtúirí faoi bhrú, agus go ndéanann siad botúin. Is gá don dlí sin a chuir san áireamh - ba mhaith liom córas reachtaíochta a fheiceáil a spreagann lucht leighis chun botún a admháil go luath, ar mhaithe leis an dochar a laghdú agus é a sheachaint amach anseo.
Tá gá a aithint freisin go bhfaigheann mná ginmhilleadh - lasmuigh den dlínse, nó ag baint feidhm as drugaí ó lasmuigh den dlínse. Tá gá cosaint san dlí chun go mbeadh na mná seo in ann teacht ar aon cúram míochaine nó meabhairshláinte gan bheith imníoch faoi iomlán an fhírinne a insint dá dochtúir. (Léirigh iniúchadh abhus go raibh clinicí áirithe atá ar son ginmhilleadh níos forleathana ag moladh dó mhná gan rá le dochtúir go raibh ginmhilleadh acu).

Níl éigniú luaite agam. Seo an toisc is deacra - coir táir foréigneach i gcoinne bean. Is uafásach an rud é go bhfeadfaí toirchis eascairt as gníomh táir mar sin - ach ní ar an ghin an locht, agus ó tá saol nua ann, tá ceart ag an saol sin.

Tuigim go maith go mbeidh daoine ann a easaontódh go fíochmhar liom, agus a chreidfidh gur barbartha an gníomh éileamh ar bhean leanbh a iompar go breith i gcoinne a tola. Tuigim dóibh go pointe - ach sáraíonn an cheart chun beatha gach ceart eile. Agus cuimsíonn an cheart chun beatha an dualgas gach beatha a chosaint san méid is féidir.

11 May 2013

Is túisce scéal ná gnó!

Tá tranglam comhdhálacha ar bun faoi láthair in Éirinn de bharr go bhfuil Cathaoirleacht Comhairle Airí an Aontais Eorpaigh i seilbh na tíre seo. (Faoi thionchar na Fraincise, Uachtaránacht a thugtar air). Tá seasamh láidir i bpolasaithe an Aontais ag teangacha neamhfhorleathana nó teangacha mionlaigh1 agus dá bhrí sin tá an Chomhdháil Voces in Artes á reáchtáil ag Foras na Gaeilge an deireadh seachtaine seo. (Níor éirigh liom teacht ar nasc fhiúntach don comhdháil - ní hiad an Fhoras an dream is fearr ag fónamh ar an Idirlíon is eagal liom).
Bhí an oscailt oifigiúil aréir i Halla na Cathrach - agus mheall an t-aoichainteoir Alan Titley ann mé. B'fhiú an praghas a bhí len íoc - éisteacht le óráid bheirt pholaiteora - a chuid cainte siúd!
De bhrí gur comhdháil idirnáisiúnta a bhí i gceist agus nach raibh ateangaireacht chomhuaineach ar fáil is go dhátheangach a labhair sé. Tig liom a dhearbhú mar sin go bhfuil sé chomh deisbhéalach, grinn, greannmhar glic sa Sacs-Bhéarla agus atá sa Ghaeilge! Ach níorbh ionann a chuid cainte sa dhá theanga - shnámh sé go gasta eatarthu.
Teangacha agus cultúir na hEorpa agus a suíomh san saol a bhí á phlé aige agus é a chuir i gcoinne an tuairim a chloistear go minic faoi gan iad a bheith "úsáideach" cionn is nach dtig pingin a dhéanamh go díreach as an chultúir agus na teangacha céanna; tuairim a chloistear go minic go deimhin ag lucht gaimbín agus atá, shílfeá "ciallmhar", "stuama", fiú "praiticiúil". Tuairim mar sin féin, mar a léirigh sé ina aitheasc nach bhfuil ag dul i bhfeidhm ar an bpobal, mar leoga scéalta agus ealaín is mó a bhíonn i gceist le hoideachas bunscoile! Scéalta eochair foghlama - agus ní scéal go scéal áitiúil i dteanga logánta - scéal a bhfuil gaois agus gustal ár sinsir le fáil ann! 
Mhaígh sé - agus samplaí mar fhianaise aige - gur doimhne agus fairsinge an stór scéalta, amhráin agus cultúir atá ar fáil sna ceantair Gaeltachta ná in aon cheantar dá mhéid sa tír a bhfuil an Ghaeilge imithe as.
Rinne sé scigmhagadh éifeachtacht faoin bhfaisin atá forleathan maíomh go mba cheart teanga "an todhchaí" a chuir in áit na Gaeilge san scolaíocht - ag léiriú gurbh maíodh le fiche bliain anuas ar a sheal gurbh Seapáinis/Gearmáinis/Rúisis/Sínis a bhí de dhíth leis an bó a dhíol. D'imigh sin, is tháinig seo!
Caint spreagúil glic greannmhar mar is dual dó a thug sé, ag cur sméar mullaigh air le rann, agus casadh bainte as:
Do threascair an saol is shéid an ghaoth mar smál,
Alastar, Saesar, is an méid úd a bhíodh ina bpáirt.
Tá an Teamhair ina féar is féach an Traoi mar atá,
Is na Sasanaigh féin go mb'fhéidir go bhfaighidís bás.

Do threascair an saol is shéid an ghaoth mar smál,
Alastar, Saesar, is an méid úd a bhíodh ina bpáirt.
Tá an Teamhair ina féar is féach an Traoi mar atá,
Is ár dteangacha féin cá bhfios nach ndéanfaidís fás
Gurab amhlaidh a bhéas!

1 Is iomaí mórtheanga de chuid stáit amháin san Eoraip - go háirithe i lár na hEorpa - atá ina theanga mionlaigh i Stáit eile. Ach tá teangacha gan Stáit ann freisin.