28 June 2013

Domhan fó Thoinn

 Ó 2003 nó mar sin tá coicís gach bliain á chaitheamh againn in Iarthar Dhuibhneach. Sa Bhaile Breac a bíonn muid ag cuir fúinn. Tá áiteanna a thugann muid cuairt orthu gach bliain - ina measc an Uisceadán Mara Beo i mBaile an Daingin. Tá spéis caillte ag na buachaillí ann; ach is breá le'm iníon cuairt a thabhairt air (agus ar an siopa ann, ach sin scéal eile)
Tá gean agam féin air.  Cé go mbím in ann Gaeilge a labhairt leis an fhoireann ann, is fíor gur beag Gaeilge atá san fhógraíocht laistigh is lasmuigh agus is trua sin
 
Tá dúshlán ar leith roimh áit mar é, mar go mbíonn a lán daoine ag filleadh bliain i ndiaidh bliana, agus bíonn gá mar sin le rudaí nua a chuir leis na taispeántas. I linn na blianta atá muid ag teacht, tá siorcanna agus piongainí curtha leis an mbun taispeántas,  agus éisc ón Amasóin.
I mbliana (bhí muid ann cúpla seachtain ó shin ar chuaird gairid) tá seomra ar leith do pháistí ann; cuireadh seó puipéid oideachasúil faoi bhruscar san fharraige ar siúil; tá aghaidh dhathú ar fáil agus deis bolgáin ollmhóra sobail a dhéanamh.

Agus tá an taispeántas ar chlé ann; léiriú ar thimthriall an uisce. Nuair a chastar an roth buí sútar uisce suas (ag an ngrian, mar dhea)  agus líontar na scamaill; titeann an t-uisce isteach san umar arís mar fhearthainn.
Tá gléasanna mar é ana mhaith, go háirithe nuair is féidir leis na daoine óga triail a bhaint as.
Tá ticéid bliana ceannaithe againn mar go mbeidh muid ann ar feadh seal beagnach gach lá nuair a théann muid siar arís ag deireadh na míosa seo chugainn -  fágann sin go bhfaighidh muid luach ár gcuid airgid.
Tá ról eolaíochta agus tacaithe leis an iascaireacht ag an ionad freisin, agus is minic iad ag tarrtháil turtar ar strae, ag tabhairt dídean dóibh go dtí go mbíonn siad ar a seanléim arís.
Tríd is tríd, áit fiúntach agus siamsaíocht ann freisin.

26 June 2013

Triantán suthain grá

Fágann teirce na n-úrscéalta Gaeilge (nó ar a laghad an líon bhig acu a bhfuil teacht éasca agam orthu!) go mbím ag léamh úrscéalta i nGaeilge as seánra nach ndruidfinn leo as Béarla (cé go mb'fhéidir go léifinn as Gearmáinis iad)
Is léargas mná ar chúrsaí grá atá san scéal seo. Bean atá pósta ach míshásta lena chéile; agus atá i ngrá - nó b'fhéidir i ndrúis - le fear eile, fear a bhfuil aithne acu araon air. Scéal na caidrimh seo thar líon mór blianta atá san úrscéal, agus na caidrimh eile a theagmhaíonn leo. 
Bheadh bá éigin agam don mbean ach bhí sé deacair agam aon bhá a bheith agam don fhear eile - shílfeá go raibh sé ag cur an aibíocht ar an méar fhada, ach teacht i dtír ar a leannáin agus a ngaolta siúd thar rud ar bith eile.
Ainneoin, mar a deirim, nach é seo an chineál litríochta a léim de ghnáth chuir mé spéis sa phlota agus sna carachtar - shíl mé an rud ar fad a bheith réalaíoch, intuigthe go maith.
I mBré atá mór chuid de na heachtraí, agus bhí taitneamh le baint as suímh a bhfuil cur amach agam orthu a aithint.
Tá sé go deas freisin bheith tumtha san saol comhaimseartha uirbeach as Gaeilge. Mar Ghaeilgeoir Cathrach mhothaigh mé sa bhaile, mar a déarfá, san saol a  léirítear ann (cé go mbeadh mo sheasamh ar chúrsaí collaí rud beag éagsúil,  dar ndóigh)
Mholfainn é mar lón léitheoireachta. 


Filleann Seoirse
Éilis Ní Anluain
€18.00 (crua),
176 lch,
ISBN 1 898332 59 6

An méid a dúirt an FAZ i bhfianaise téipeanna Anglo

Bunleagan anseo:

Tógtar sac agus cuirtear isteach ann:
Ar an gcéad dul síos: Iar bhainistíocht Anglo agus na fostaithe úd atá le clos ar na téipeanna a foilsíodh anois agus iad á iompar féin mar a bheadh rógairí sotalacha.

Ar an dara dul síos lucht Airgeadais den uile chineál - scairshealbhóirí, sealbhóirí bannaí,  taisceoirí ó laistigh agus lasmuigh den tír  - a chuir airgead faoi iontaoibh sa bhainc mar dheá seo i ndiaidh tús na géarchéime.

Ar an tríú dul síos iad siad i mBaile Átha Cliath a bhí freagrach san Rialtas, san Rialtóir agus sa Bhanc Ceannais a bhí ag faire ró fhada ar an ngeáitsíocht - agus is cuma an é nach raibh an a gcumas an praiseach a aithint nó nár mian leo.

Ar an gceathrú dul síos iad siúd in Institiúid na hEorpa a bhí, i dtosach báire ag faire mar a chuaigh an Stáit Éireannach thar a fhulaingt leis na bainc agus ansin a lig don Banc Ceannais Eorpach gníomhú a bhealach atá níos mó ná ar thairseach an infheistiú go hairgeadaíoch i Stáit.

Gabhtar de bhuillí smachtín ar an sac lán daoine seo go dtí nach féidir cur suas leis an olagóin péine as. Ansin glacadh lucht freagracht san Eoraip lámha a chéile agus geallfaidh siad go sollúnta do na saoránaigh nach gceadófar riamh arís praiseach mar a bhí i gcás Anglo Irish Bank.



22 June 2013

Aistir Anama

Ceal L-spáis is ón leabharlann a fuair mé an leabhar Ólann Mo Mhiúil as an nGainséis ar na mallaibh. Ainneoin go bhfuilim ag foilsiú saothar le Gabriel Rosenstock ar Rogha Gabriel agus go bhfuil roinnt saothar (próis den chuid is mó) dá chuid leite agam, ní bhím in ann adhmad a bhaint astu i gcónaí.

Innealtóir mé. Pragmataí. Lonnaithe go daingean sa Chríostaíocht Iartharach - bréidín de réasún na Gréige, urraim don dlí na Róimhe agus dílseacht na nGiúdach.

Fágann caint faoi neamhdéacht, aigne folamh an Zen fuar mé, nó cuireann sé mearbhall orm. Is annamh a rinne mé aon teagmháil le Haiku. (Is dócha nach é tuiscint a bhaint as an rud ceart pé ar bith é, ach is annamh a chorraíonn siad mé in aon chor)

Mar sin, bhí an leabhar seo ar an méar fhada agam le tamall.

Ach bhain mé taitneamh as an saothar seo - ní dialann lom taistil atá ann, ach é breac le smaointe spéisiúla agus a chuid taighde (cultúrtha don gcuid is mó) déanta aige agus roinnte orainn. Haiku thall is abhus - ach comhthéacs ann dó agus iad níos sothuigthe dá bharr domsa.  Sleachta ann freisin as leabhar leis an bhfealsamh Eugen Rosenstock-Huessy a bhí mar lón léitheoireachta aige ar an aistear a thug timpeall na cruinne é; chun na hInde ach freisin chuig Uncail Kurt i Valparaiso.

Bheadh fonn orm é bheith ar mo leabhragán agam, d'fhonn bheith in ann sliocht a leamh anois is arís, de réir mo mhian.

Ólann Mo Mhiúil as an nGainséis.
Gabriel Rosenstock
Cló Iar-Chonnachta 2003
ISBN 1 902420 78 0

Inis Mac Neasáin

Radharc ar an Inis agus muid ag imeacht uaidh
An turas ann
Thug na Cnocadóirí cuairt aréir ar Inis Mac Neasáin (Ireland's Eye as Béarla. Inis Eria  - nó Erin dar le foinsí eile - agus "eye" ó eyot, inis na Lochlainnise. Tá níos mó eolais ar fáil ag an nasc thuas). Tá comhlacht a thugann daoine amach ar bhád ó Chuan Bhinn Éadair.
Bhí scata againn ann dá réir a chuaigh amach tar éis na hoibre aréir. 
Is fada mé ag fanacht ar dheis dul ann - ar chúis éigin níor éirigh liom go dtí seo. Ó bhí mé an óg tá amhrán a scríobh Brian Ó Baoill sa Bhealach Rúnda i cúl mo chinn.
Oiléan Mac Neasáin
Oileán clochach,
Rua, glas;
Liath ar na
hArda

Séipéal beag
In aice trá,
Túr mór
Ar garda

Fadó, fadó,
Bhí manach ann
Mac Neasáin
A ainm.

Níl anois
Ach clocha ann,
Raithneach agus
Feamainn
(éist leis anseo).
Níl siad luaite san amhrán, ach b'iad na faoileáin is suntasaí ar an oileáin. Séasúr goir atá ann agus bhí siad glórach ag iarraidh muid a choinneáil amach ó na huibheacha - agus na scalltáin. Ní cuimhin liom óg an fhaoileáin a fheiceáil riamh roimhe - éin bheaga le clúmh liath ag bhí ag rith go faicheallach ar an trá. Bhí muid féin cúramach gan cur isteach ró mhór orthu. Shúil muid fán trá ar feadh scaitheamh agus ansin thug mé féin aghaidh ar lár an oileáin áit a bhfuil an chill. (Is beag nach ndeachaigh mé i bhfostú sna driseacha agus an raithneach ard - theip orm cosán a aimsiú go dtí go raibh mé beagnach ann)
Nuair a d'fhill an bád chun muid a thabhairt ar ais thug sé leathbhealach timpeall an oileáin muid agus bhí deis againn féachaint ar na héin mara eile  - bhí gainéid agus cailleacha mara fairsing. Chnoic muid freisin roinnt mhaith puifíní - éan eile nach raibh feicthe beo agam cheana.
Turas thaitneamhach a bhí ann  - agus saor go maith, €10 an duine. (€15 an praghas don duine aonair, fuair muid ráta grúpa). Bheadh fonn orm filleadh - cé go bhfuil siad rud beag deacair dul i dtír, céimeanna ar na clocha. 


An Chill ón doras

Ag dul ar bord
An Stuaic
 
An Chill

08 June 2013

Ionad Cois Locha

Bhí muid i nDún na nGall don Gaelchonaí. Ós rud é gur chaith muid leath an lae ar bhus ag dul ann is beag fonn a bhí orm filleadh thar éis oíche amháin. Bhí lóistín socraithe agam i mBrú an Óige faoi bhun an Earagail mar sin.
Bhíos ag dréim leis go mbeadh an áit plódaithe, ach ní raibh. Ní fhaca muid ach cuairteoir amháin eile, fear ón Eilvéis a bhí ar chamchuairt ar rothar thart ar Éireann agus ansin an Íoslainn.
Bhí muid le taisteal ar ais ó Ghort a Choirce ar bhus a trí tráthnóna, rud a d'fhág maidir Luain le cur dínn againn agus siamsaíocht le lorg. Ach tá Ionad Cois Locha i bhfochair fiche nóiméid siúl ón mbrú. "Éist le Gaeilge agus labhair í." atá scríofa ar an suíomh - agus rinne muid!  (Tá Dún Lúiche i nGaeltacht Tír Chonaill)
Tá turas ar an loch ar fáil, ach ní raibh fonn ar na leanaí mar sin ní bhfuair muid ach ticéad don clós spraoi agus roinnt dearbháin do na himeachtaí a raibh costas breise ag dul leo.   Bhí an t-iomlán measartha saor - thart ar €8 don teaghlach isteach agus €1.50 an ceann ar na dearbháin. De bhrí go raibh muid ann ag a deich ar maidin agus iad ag oscailt, bhí na háiseanna fúinn féin againn go ceann i bhfad.

Chuir na páirtí tús leis an spraoi leis na liathróidí móra uisce inar fhéad siad dul isteach iontu. (Líontar le haer iad ach an duine a bheith istigh iontu) Cé go raibh dhá dhearbháin gearrtha orthu seo b'fhiú é de bharr an spóirt a bhain siad astu. Bhain siad sult freisin as na báid troitheáin - go deimhin chuaigh mise amach leo an dara huair. Bhí cúpla rud ann do mo mhac (atá fásta anois dáiríre) - túr dreapadóireachta mar shampla agus an tarbh fiáin sa phictiúr thíos.
Bhí sleamhnán ann dom iníon - ceann mór groí a líonadh le haer. Bhí an clós spraoi féin - a bhí saor ó chostas - go maith go háirithe i bhfianaise an ghnáth síon atá in Éirinn! Bhain m'iníon sult as na  ziplínte ach go háirithe. Bhí feirm bheag ann freisin le éanlaithe agus ainmhithe clóis agus taispeántas bheag de ainmhithe fiáine (iad seo marbh ach líonta). Bhí lón againn san ionad freisin a bhí blasta. Tríd is tríd bhí mé thar a bheith sásta gur aimsigh mé an ionad le linn mo chuid réamhphleanála! 
Agus bhí an toradh a bhí uaim ann - leanaí tuirseacha roimh an turas fhada (beagnach 5 n-uair a chloig) ar ais go Baile Átha Cliath.
(Is féidir na pictiúr a mhéadú ach gliogáil orthu)

07 June 2013

Aisteoirí Bulfin: KATYN A THIOCFAIDH TÚ ABHAILE?




‘Katyn a thiocfaidh tú abhaile?’ á léiriú ag Aisteoirí Bulfin



 

Ionad:  Theatre@36, Club na Múinteoirí, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1



Am: 8 pm



Ticéid: €12 (mic léinn agus OAP €10)


Beidh Aisteoirí Bulfin chugainn arís go luath leis an seó ‘Katyn a thiocfaidh tú abhaile?’ Ar an 13, 14 agus 15 Meitheamh cuirfidh an cumann drámaíochta bisiúil seo an léiriú is déanaí acu i láthair an phobail i gClub na Múinteoirí, Cearnóg Parnell. Seó filíochta agus ceoil dar teideal Thar Teorainn a chuirfidh tús leis an oíche. Ag teacht sna sála air sin beidh an dráma cumhachtach Herody Katyn le Seán Ó Broin. Fidelma Ní Ghallchobhair agus Méabh Ní Loingsigh na léiritheoirí.
Tá teorainneacha le feiceáil i ngach gné den saol agus sa mhír Thar Teorainn tabharfar spléachadh trí mheán na litríochta agus an cheoil ar chuid de na teorainneacha seo agus cé mar a théann siad i bhfeidhm ar dhaoine..
            Sa dráma Herody Katyn tá iliomad teorainneacha le feiceáil chomh maith. An teorainn idir dhá thír, an teorainn idir dhá chultúr, an teorainn idir an fhírinne agus an bhréag, an teorainn idir an tseanmhodh agus an modh nua. Tá cuid de na teorainneacha seo sobhriste, ach cuid eile acu, is deacair iad a thrasnú. Insíonn an dráma seo dúinn faoi eachtra mhór ón dara cogadh domhanda, Sléacht Katyn. Cuireadh na mílte oifigeach Polannach chun báis i bhforaois Katyn sa bhliain 1940. Cuirtear i láthair an lucht féachana an iarracht a rinneadh i gcaitheamh na mblianta fada an fhírinne maidir leis an sléacht seo a cheilt ar mhuintir na hEorpa. Dráma cumhachtach é seo ina léirítear iarrachtaí na gcarachtar cúl a thabhairt le Sléacht Katyn. Ach is deacair teacht thar eachtra ghránna mar sin gan damáiste a dhéanamh do na daoine a thagann sa tslí orthu.

Aisteoirí Bulfin
Tá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá na céadta drámaí léirithe acu ó bunaíodh an grúpa daichead bliain ó shin. Is iad na léirithe is deireanaí uathu An Campa, dráma grinn nuascríofa le hAodh Ó Domhnaill (2008), Moloney, dráma stairiúil le Seán Ó Tuama (2009), Biffó Béar, geamaireacht nuascríofa le hAodh Ó Domhnaill (2009), Na Leabhra, dráma nuascríofa le hAodh Ó Domhnaill (2010), Círéib, cóiriú ar ghearrscéal le Máirtín Ó Cadhain (2010) agus Oileán na Sclábhaithe, aistriúchán ar L'Île des Esclaves le Pierre de Marivaux (2011). Balleagraíocht de chuid an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta is ea Aisteoirí Bulfin.

06 June 2013

Tumchónaí Gartáin 2013



Bhí an "Tumchonaí" a eagraíonn Gaelphobal i gcomhar le Comhluadar ar siúl ón Aoine go dtí an Domhnach beag seo. Ní raibh ar mo chumas féin taisteal go dtí an Satharn, nuair a d'éirigh mo mhac is sin, m'iníon agus mé féin go fíor luath ar maidin chun an bóthar siar ó thuaidh a thabhairt orainn féin. An a mbus a bhí muid ag taisteal, isteach go lár na cathrach agus ansin go Leitir Ceanainn ar bhus McGinley. Bhailigh Máirtín ansin muid agus thug muid chuig Ionad Eachtraíochta Gartáin. Níor túisce ann muid - thart ar a dó - gur ruaigeadh amach ar an loch muid chun roinnt cadhcála a dhéanamh.
Chuaigh mé amach sa loch i mbád dúbailte le'm iníon - ach thréig sí mé don turas ar ais! Chomh maith leis an aclaíocht bhí cluichí spraíúla i gceist mar is léir ón bhfíseáin thuas! Bíonn an deireadh seachtaine leagtha amach  sách scaoilte agus deis ag na páistí spraoi agus na daoine fásta cabaireacht idir imeachtaí eagraithe fearacht rásanna uibhe! Tá raidhse spás ann freisin ach ó tharla ar aimsir a bheith go breá bhí na páistí amuigh don gcuid is mó - san loch! Ach dá mbeadh an aimsir go holc, bhíothas réitithe chuige le cluichí fearacht peil boird, billéardaí agus araile.
Choinnigh Gina agus roinnt comhghleacaithe bia linn - flúirse agus scoth an bídh, rud nach éasca agus thart ar cúig theaghlach déag ocracha le sásamh! (Agus géaraíonn aer úr goile, táim á rá leat)
Istoíche ansin bhí  tráth na gceist ann agus ansin céilí mór. Faraor bhí mé fhéin scriosta ag an lá fhada agus is ó mo leaba a chuala mé giotaí den chraic a bhí acu siúd a rinne oíche go maidin de!
 Bhí na páistí thar a bheith sásta maidin Domhnaigh nuair a tháinig na caisleáin preabacha! Bhí Aifreann as Gaeilge i dteach na mbáid ina dhiaidh sin dóibh siúd arbh mian leo é. Ansin faraor bhí sé in am an bóthar a bhuaileadh (Ní deireadh seachtaine fada a bhí i gceist sna sé contae)
Bhí sé go deas buaileadh le sean chairde is cairde nua, agus is iontach an deis atá ina leithéidí  do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus nach mbíonn an deis acu freastal ar imeachtaí níos faide, an saoire Gaeltachta ag Comhluadar, mar shampla.
Gura fada buan lucht a eagraithe!