26 October 2013

Bolcán na mBriathra, Alan Titley



Bhí orm roghnú go cúramach cé na himeachtaí de chuid IMRAM a raibh mé chun freastal orthu i mbliana. Ach ní fhéadfainn an cheiliúradh ar Alan Titley a scaoileadh tharam. 
Thug mé aghaidh dá réir ar McGrattans oíche Satharn seo chaite chun páirt a ghlacadh san scléip. Bhí mé rud beag mall - bíonn an an taistealaí ar iompar phoiblí géilleadh don amchlár - agus bhí seomra uachtarach lán ach a shroich mé é, agus Ailean Dòmhnallach ag comóradh Triath mar is gcóir, i. le ceol an phíb mhór!
Rinne Liam Ó Muirthile adhmholadh i gcaint fiúntach ar an bhfear léann. Ba phíosa litríochta ann féin chaint Thadhg Uí Dúshláine léamha as scrioptúir Titley Fáidh, fite fuaite go healaíonta as bloghanna as saothar chruthaitheach Alan. Ainneoin na deacrachtaí rím a dhéanamh ar "Titley", rinne na fir lúibín Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill  éacht - lúibín fearacht an chinn seo ach é cóirithe chun Alan a cheiliúradh.
Bhí ceol píb uilleann agus amhráin idir eatarthu - an dá rud ó Ailean Dòmhnallach, agus amhráin bhinn ó Máire Ní Choilm.
Fuair an fear é féin deis labhartha freisin gan amhras - agus bhí cnuasach filíochta le seoladh aige freisin  Rabhadh! Dánta. (Ach ní raibh buiséad leabhair agam ar an oíche)
Rinne Cathal Póirtéir cúram fhir an tí go paiteanta mar is dual dó. Bhí an ionad féin ana dheas, murach buicéad an oighear agus scipéid taobh thiar den bheár is beag cur isteach a bhí ar imeachtaí na hoíche. 
Oíche den scoth, agus mar a dúirt Alan féin, le cúnamh Dé beidh muid ar ais i gceann scóir bliain chun breis gradaim a thabhairt dá shaothar! Níl sé ach ag tosú amach, anois agus é saor ó chúraimí oiliúna!

25 October 2013

Wittgenstein ag IMRAM: An rud nach dtig le duine labhairt faoi, is mithid dó bheith ina thost faoi

Íomhá le Christaan Tonnis
Wovon man nicht sprechen kann, darüber muss man schweigen.
Ach bhí mé i láthair, mar sin tig liom tuairisciú!

I measc imeachtaí IMRAM i mbliana, bhí ócáid trí-theangach ag Institiúid Goethe i mBaile Átha Cliath, ócáid a bhí tiomnaithe don bhfealsamh Ludwig Wittgenstein. B'iad focail Wittgenstein a thug scafall don tráthnóna, giotaí as an "Tractatus Logico-Philosophicus" agus na hIniúchtaí Fealsúnacha.
Fite fuaite leo sin, bhí giotaí as scéal Alan Titley "Wittgenstein i gConamara" léite ag an údar.  Agus d'aithris Gerry Murphy dánta Béarla filí éagsúla a spreagadh ag Wittgenstein abhus. B'é Heinz Lechleiter (léachtóir, ní aisteoir!) a bhí molta ag Gabriel Rosenstock le guth a thabhairt do bhriathra Wittgenstein ina theanga dhúchais. Is go paiteanta a chuir sé an cúram i gcríoch!
Bhí ceol le Seán Mac Erlaine agus íomhánna fileata Margaret Lonergan ann chun iomlánú a dhéanamh ar ócáid den scoth.
Admhaím gur tearc m'eolas ar Wittgenstein - deis éisteacht le hAlan Titley a mheall mise ann. Níor thuig mé roimhe go raibh dréacht Alan fite fuaite le briathra as saothair Wittgenstein. Bhí na dánta Béarla spéisiúil freisin - is léir go raibh tionchar domhain ag Wittgenstein agus a smaointe maidir le focail ar cheardaithe focail. Táim fiosracht spreagtha ionamsa fé anois- cé nach fealsamh mé.



Tá gearrscéal Alan Titley ar fáil i:
Eiriceachtaí agus scéalta eile  
Alan Titley
An Clóchomhar  1987

24 October 2013

Aisteoirí Bulfin: LaraeDó

Beidh Aisteoirí Bulfin chugainn arís roimh Nollaig chun splanc a bhaint as ardáin i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh leis an seó is déanaí acu, LaraeDó. Dráma ceolmhar grinn é LaraeDó le hAodh Ó Domhnaill. Is é Barry Barnes an léiritheoir. Díoladh iomlán na dticéad don seó Nollag deireanach a léirigh ag Aisteoirí Bulfin, Gur Eile (2011). Moltar, mar sin, ticéad a chur in áirithe go luath!


Suite san Iarthar Fiáin sna 1880-daí atá LaraeDó. Tagann Buddy, fear óg cathrach ón Oirthear, go baile LaraeDó. Tugann sé cuairt ar Fitzies, an salún, agus buaileann sé le muintir na háite – rainséar mór áitiúil, seanmóirí LaraeDó, bean tí an tsalúin, marcaigh, cailíní salúin agus muintir bundúchasach na háite. Fonn troda ar chuid acu. Fonn rómánsaíochta ar chuid eile. Fonn óil, ceoil agus ragairne ar gach éinne …



Seo iad na sonraí:

Ionad 1: The New Theatre, 43 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2
Dátaí: 3, 4, 5, 6 & 7 Nollaig
Am: 7.30 pm
Áirithintí: (01) 670 3361



Ionad 2: An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh
Dátaí: 14 Nollaig
Am: 8 pm
Áirithintí: (091) 562024



Ticéid:  €15 (mic léinn agus OAP €12)




20 October 2013

Tarraingíonn scéal scéal

B'é Pádhraic Ó Ciardha a thug léacht Mhic Ádhaimh ag Éigse Loch Lao  ‘Spéir Ghorm na Scéalaíochta: Baol nó Deis dúinn?' a bhí mar théama aige agus é ag labhairt, mar a dúirt sé féin, ara shon féin seachas mar leas cheannasaí TG4.
Chuir sé íomhá spéisiúil romhainn mar fhráma tagartha dá chuid cainte. Seisear ban óg ón Spidéil. Triúr acu sa bhaile, triúr in Íochtair an Domhain. Iad ag teacht le chéile ag am áirithe chun faire ar scáileán mhór ar Ros na Rún  - agus iad ag cumarsáid le chéile ag baint feidhm as scáileáin bheaga! Labhair sé freisin ar Chré na Cille an Chadhnaigh. Scéal a thosaigh amach mar  shraith altanna nuachtáin i Scéala Éireann. Rinneadh leabhar as ansin, leabhar mar a dúirt Pádhraic "a cheannaigh na mílte agus a léigh na céadta" (Táimse i measc na céadta sin!). An ndearna an gníomh sin úrscéal as? Ní dóigh le Pádhraic go ndearna. Chuir an scéal dhá chló eile ar féin - Dráma Raidió  agus ansin scannán.(Ó shin dar ndóigh rinneadh Giolcdhráma as)
Thagair Pádhraic ansin don bhfíric gurbh as an log céanna do mhuintir John Ford agus do mhuintir an Chadhnaigh. Cá bhfios, mar sin, ach an stair a bheith rud beag éagsúil gur scannáin a bheadh déanta ag Ó Cadhain, agus macasamhail Cré na Cille scríofa ag Forde?
Táimid ag insint scéalta ó tháinig ann dúinn, ar ndóigh - molann Terry Pratchett Pan Narrens, ápa inste scéil mar ainm ar ár gcine.
Beidh scéalaíocht buan, cé go n-athróidh na modhanna; sa mhéid sin táim ar aon fhocal le Pádhraic. Is dóigh liom áfach go bhfuil sé ró luath deireadh an leabhair ná an úrscéal a fhógairt. Seachas rud ar bith eile, is é an modh is buaine atá ann chun eolas, agus scéalta, a chuir i dtaisce chun go mbeidh teacht orthu. Maireann leabhar na céadta - na mílte bliain. Téann teicneolaíocht dhigiteach as feidhm go gasta!
Ach níl aon cheist ach gurbh cainteoir cumasach é Pádhraic. Scéalaí!

Éigse Loch Lao

Mheall cuireadh chun cainte ó lucht eagair Éigse Loch Lao go Béal Feirste mé le déanaí, áit nach raibh mé riamh dáiríre, cé gur cheannaigh muid cúpla ball troscáin san IKEA ann sular bunaíodh an siopa abhus.
Shocraigh mé freastal ar an ócáid ina iomláine, ag taisteal ó thuaidh ar an Enterprise le bheith ann am lóin de hAoine.  Na Físmheáin Ghaeilge ab ea ábhar na Comhdhála. Cúrsaí teilifíse is mó a bhí á phlé, iarraidh ormsa agamsa Tomaí Ó Conghaile labhairt faoi na meáin sóisialta.
Ní duine mé a bhíonn ag faire mórán ar theilifís, ach aithním tábhacht na teilifíse do mhionteanga. Múnlaíonn an teilifís an chultúir fós, go háirithe i measc daoine an-óga. Bíonn m'iníon féin ag faire ar (barraíocht, i mo thuairim) teilifíse. Ní mór dom a rá gur KiKa na Gearmáine is mó a bhíonn sí ag faire air anois. Ní bhíonn cláir ag Cúla4 ag na hamanna a mbíonn sí ag faire, sách minic. Ach tá taitneamh ⁊ tairbh bainte againn as na cláir ⁊ freisin as an cluichí ⁊ araile ar an idirlíon atá bunaithe orthu. (Deacracht amháin ná go n-athraíonn spéis leanaí sách gasta, ⁊ go mbíonn an clár a bhí iontach tamall bhig ó shin páistiúil ⁊ leadránach anois!)
Chuir Karen Kirby (Ceannasaí Aonad na Gaeilge i mBBC TÉ) ⁊ Róise Ní Bhaoill ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge tús le himeachtaí. Is cuid suntasach den earnáil teilifíse Gaeilge an dá eagraíocht, iad go minic ag obair i éineacht le TG4 agus iad ar fad ag cothú na mion-chomhlachtaí beaga atá ag saothrú sa ghort - ainneoin an éiginnteacht ⁊ an easpa airgid a bhaineann leo araon mar nach bhfuil ionad buan bainte amach ag ceachtar acu in mbuiséid an Rialtais ná an BBC, agus bíonn siad spléach ar dhea thoil ó bhliain go bliain. Tá sé suntasach áfach go bhfuil an taighde ann le léiriú gur infheistíocht seachas costas atá i gceist leis an gcaiteachas ar chláir Gaeilge, mar go spreagann siad an earnáil i gcoitinne ⁊ go bhfuil comhluchtaí a fheidhmíonn trí Bhéarla don gcuid is mó ag fás le tacaíocht an Chiste Craoltóireachta. Bheadh dhá léamh ar sin, dar ndóigh, ach sílim féin gur fearr don earnáil Ghaeilge bheith fite fuaite leis an earnáil i gcoitinne - chomh fada agus nach báitear iad ar fad. Ach níl sé folláin beith an ar imeall i ngeiteo.
Labhair Ruth Lysaght faoi thaithí pobal teanga mionlaithe (i. rud gníomhach is ea mionlú teanga). Bhí a cuid cainte bunaithe ar chomparáid idir thaithí an phobal Maori agus pobal na Gaeilge, iad araon ag iarraidh a léargas féin seachas léargas coimhthíoch orthu féin a nochtach ar scáileáin. Labhair sí an choincheap an Cheathrú Cineama a cheap Barry Barclay - daoine bundúchasacha á gcuir féin in iúl, le meas ar a gcultúir féin seachas Na hAntraipeologicals ag faire ó lasmuigh!
Tar éis dinnéir thug Pádhraic Ó Ciardha sár léacht - sílim go bhfuil blagmhír dá chuid féin dlite dá chaint ar scéalaíocht mar a bhí, mar atá, ⁊ mar a bheidh.
Bhí gradam le bronnadh ar Bhob Quinn ach bhí ócáid eile in onóir eagraithe i gCathair na Mart ar feadh na deireadh seachtaine agus fiú Bob féin ní thig leis bheith in dhá áit chomh fada óna chéile! Bhí píosa cainte curtha ar scannán aige agus fuair muid blaiseadh mar sin dá ghaois ⁊ greann.
Bhí oíche go maidin ansin i gCumann Chluain Ard le scoth na gceoltóirí ó Chonamara - Pól Ó Ceannabháin a bhain Corn Uí Riada anuraidh, agus a dheirfiúr Tríona, agus cairde leo nár thug mé a n-ainmneacha liom ach a bhain splancanna as an urlár lena steipeanna cumasacha damhsa. Cheol duine nó beirt eile, ina measc Doimnic Mac Giolla Bhríde.
Ós rud é go raibh mé fhéin i mo chuí go moch ⁊ le caint an lá dar gcionn, bhí mé ciallmhar agus chuaigh a choladh thart ar mheán oíche! Chuala agus chonaic fianaise áfach gur lean an chriac ar aghaidh ar feadh na hoíche!
Rinne Tomaí píosa cainte ar maidin faoi úsáid na meáin sóisialta chun pobal a nascadh agus a chruthú, agus rinne mise mo chuid cainte ansin - cuid mhaith de na smaointe nochta anseo agam cheana. Tar éis lóin labhair Mary Margaret Murray ó BBC Alba. Bhí a cuid cainte spéisiúil - go háirithe gur cuireadh an dá chineál sprioc rompu -  méid áirithe lucht féachana - 500,000 agus freisin céatadán áirithe de lucht féachana le Gaeilge na hAlbain. Tá an BBC saor ar dhaoirse na fógraíochta, dar ndóigh. Gné amháin a bhain gáire as an gcomhluadar ná an féidir a bronnadh ar BhBC Alba nuair a chlis ar Rangers agus go raibh orthu imirt san tríú rannóg den léig - ag a bhfuil na cearta craolta ag BBC Alba a chonaic léim mór san lucht féachana dá réir. Choinnigh siad seilbh orthu, áfach.
Labhair Seán Tadhg Ó Gairbhí faoi lucht féachana TG4 agus a thuairim féin go mba cheart do TG4 éirí as iarraidh a bheith ag mealladh an 50% den pobal féachana nár amharc riamh orthu agus in áit díriú ar líon agus caighdeán na cláir Gaeilge a fheabhsú.
Rinne Breandán Delap ana phíosa cainte ansin - go sonrach faoi na dúshláin a bhaineann le nuacht a chuir ar fáil as Gaeilge de bhrí go mbíonn ar an iriseoir cainteoir le Gaeilge a aimsiú - agus drogall orthu ceisteanna crua a chuir ar an nduine a d'aimsigh siad le dua. Bhí sé freisin tar éis giota Gaeilge a aimsiú i scannáin Tarzan ó na 1970í!
Faraor, theith mé roimh an chaint deiridh mar nach raibh fonn orm an traein ó dheas a chailleadh.
Tríd is tríd, ana dheireadh seachtaine a bhí ann, agus bheadh fonn orm filleadh.

12 October 2013

G-l-o-r-i-a

Anuraidh le Túr na nAmhrán a cuireadh tús le comhoibriú torthúil idir IMRAM, Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus an Brad Pitt Light Orchestra. 
Bhí amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire plódaithe arís aréir agus an meitheal a dul i ngleic an babhta seo le amhráin Van Morrison (Feirsteach fearacht Liam Carson!). Is iad Gabriel Rosenstock agus Cathal Póirtéir a rinne - ní aistriú - ach traschruthú ar na liricí.
Mar is iondúil anois le himeachtaí dá leithéid de chuid IMRAM bhí íomhánna teilgthe an fhile físe Margaret Lonergan mar chúlra agus léiriú ar an gceoil.
Ach is an ceol a bhí in uachtar - fuinneamh dochreidte ón stáitse ag cuir an lucht féachana ag coipeadh agus na liricí áille á chaitheamh le mothúcháin inár dtreo - ceol agus focail ag treisiú a chéile, agus guthanna sainiúla na n-amhránaithe ag mealladh breis brí as an bhfriotail. Bheadh Liam Ó Maonlaí molta agus mise i'm thost, agus tá aitheantas bainte amach freisin ag Hilary Bow. Ach tá amhránaithe bhreátha ag an Brad Pitt Light Orchestra freisin - thug mé suntas ach go háirithe do (sílim!) David Blake a bhfuil rud éigin - ní garbh an focal ceart, ná ámh, ach cumas éigin díobh - ag baint lena ghlór a chuireann na mothúcháin phléascacha ina luí ar na héisteoirí.
Ba léir go raibh na hoirfidigh uilig tar éis an chuid oibre a chuir isteach san taibhiú, saothar Margaret Lonergan ag roghnú na híomhánna cuí san áireamh. 
Chuaigh Tionscadal Cohen ar chamchuairt - bheadh sé dlite don taispeántas seo dul ar chamchuairt freisin.
Tá sé suntasach nuair a líonann imeacht - ar imeacht Gaeilge ó cheart é - amharclann, agus scata mór daoine ann nach bhfeictear ag imeachtaí Gaeilge go hiondúil. Gné eile d'oideas rathúil IMRAM sin - ag léiriú saibhreas aos liteartha na Gaeilge don saol mór, agus oscailteacht an aois chéanna don idirphlé le foinsí eile.
Seoladh abhaile muid aréir le léiriú den amhrán Gloria a chuir an lucht éisteacha ar fad ar a gcosa agus a bhí ina bhaol, sílim, do fraitheacha an tí!

Nára fada uainn an CD!