Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-01-01

An Chliarlathas Chaitliceach agus an Chollaíocht

Tugadh an suntas don méid a dúirt an Pápa Proinsias ina agallamh - "ní gá labhairt faoi na nithe sin i gcónaí". Glacadh leis go raibh sé ag trácht ar chollaíocht, hómaighnéasacht, ginmhilleadh agus a leithéidí. Níor tugadh mórán suntais don aguisín a chuir sé leis - "Ins na cúrsaí seo, is mac dílis de chuid na hEaglaise mé".

Ach an fíor go raibh an Chléir, nó an teagasc "i gcónaí" ag trácht ar na cúrsaí sin? Shílfeá é ó na nuachtáin. Ach, mar shampla, tá 760 leathanach i gCaitciosma na hEaglaise Caitlicí. Pléann 13 leathanach de sin leis an séú aithne - Ná déan adhaltranas. (Eax 20:14). Péire eile leis an naoú aithne - Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.” (Eax 20:17). Gan amhras, pléitear le ginmhilleadh faoin cúigiú aithne, Ná déan marú. (Eax 20:13) 8 leathanach san iomlán, agus gan ach alt a plé le ginmhilleadh in alt acu. Sin, ar a mhéid, 2% den iomlán. 

Bheadh ionadh orm, ach aon chorpas teagasc mar é a chuir san áireamh, go mbeadh an figiúir mórán éagsúil. 

Tá, mar shampla, thart ar dhosaen leabhair le Josef Ratzinger ar mo leabhragáin agam, idir bun-saothar fearacht na leabhair ar Íosa, agallaimh leis, agus cnuasaigh aistí. Níl mion-áireamh déanta agam, ach bheadh amhras orm da mbeadh an 2% féin de thrácht ar chollaíocht iontu.

Cad faoi ndear an íomhá coiteann, mar sin? Ní h-ansa. Baineann an teagasc ar an gcollaíocht le gach duine faoi seach, agus tá gné de atá poiblí ar bhealaí. Sa mhullach ar sin, táthar ag fógairt saoirse iomlán i gceisteanna collaíochta ó seascaidí an chéid seo chaite; agus tá na meáin - an fhógraíocht ach go háirithe - báite i miangas agus macnas. Is dris cosain teagasc na heaglaise don dearcadh sin, dearcadh a fheileann don dtomhaltas.

Abhus ach go háirithe, tá tosca bhreise le chuir san áireamh - an piúratánachas mífholláin a bhí i réim sa phobal agus eaglais abhus, agus ar eascair uafás na neachtlanna Mhaigdiléana as, agus a thug sciath chosanta do bhithiúnaigh a d'imir drochíde corpartha, anama agus collaíochta ar ghasúir, agus iad faoi scáth na hEaglaise agus monuar le cosaint an chliarlathais.

Scagtar gach ráiteas ón Róimh tríd an phriosma seo, agus fáisctear an giotán cainte cuí as na focal - ainneoin gur thagairtí imeallacha iad go hiondúil.

Is maith, mar sin, go bhfuil teacht ar na bunleagain sách éasca. Is maith freisin go bhfuil - faoi láthair ar aon nós - codanna níos mó den teagasc atá á chraobhscaoileadh ag an bPápa Proinsias agus sárú an scagaire coitianta seo. 

Tá súil agam go mbeidh an toradh ba mhian leis siúd air - go n-éireodh le níos mó againn aithne níos fear a chuir ar Chríost.

Sampla maith a theachtaireacht do Lá Domhanda na Síochána - Bráithreachas bunchloch agus slí na síochána.