Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-01-19

Cuaifeach ceolmhar cloigneach

Rubble na Mickies agus leis sin tríológ Séamas Mac Annaidh críochnaithe anois agam.
Táim idir dhá chomhairle faoin dtríológ agus an leabhar seo go háirithe. Chuir sé mo sháith mearbhall orm. Giotaí as saothair eile, an eachtra céanna inste cúpla uair, scaití amhail is do mba píosa dírbheathaisnéise de chuid Shéamais atá ann, uair eile agus duine de na carachtar in áit an údair, uaireanta reacaireacht ó dhearcadh eile ar fad. 
Tá giotaí fánacha a shílfeá bheadh bainteach le saothar eile ann, agus ansin cur síos ar chuaird ar Sheosamh Mac Grianna, máille giota ó dhuine eile ar fad faoin uair go raibh Mac Grianna ina chónaí i gCluain Tairbh ina fhear siúil.
Mheabhródh sé úrscéalta Flann O'Brien dhuit, cumarsáid idir údair agus a charachtair - ar cúpla leibhéal, mar go bhfuil scríbhneoir lárnach san scéal sa bhreis ar Séamas. Agus carachtar ag beartú foréigean a imirt ar an n-údair, agus vice versa. Sleachta fada léanta de léacht mar dhea ar Phaganini. An áit breac le halter egos de chuid an údair, agus de chuid a charachtair. 

Táim sásta go bhfuil na leabhair léite agam, agus  aithne curtha agam ar údar chumasach ar leith, ach  tá mearbhall fós orm faoin scéal agus níl mé cinnte an ndearfainn gur bhain mé sult as. Tairbhe, b'fhéidir.