21 January 2014

Iníon Keevack

Ag éirí as an píosa a scríobh mé faoi Scéalta Ó Oileán An Turtair luaigh Marcus an leabhar Iníon Keevack liom agus chuir mé fios ar ón leabharlann.
Ní raibh aon iomrá cloiste agam roimhe ar an údar Mícheál Ua Ciarmhaic.
Úrscéal spleodrach atá anseo, lonnaithe i dTuaisceart Mheiriceá, a mheabhródh duit scéalta Jack London faoi bheith ar an lorg. 
Eachtra tóraíochta agus grá. Bhí an cur síos ar an dúlra agus na heachtraí fán mbealach fíor mhaith. Bhraith mé áfach go raibh an cur síos ar na caidreamh beagán amscaí. Ní raibh Aintín Mildred, a bhí ina cineál leasmháthair olc san scéal, inchreidte dar liom; agus ní raibh gá ar bith leis an daor Seoirse Buí.
Shíl mé i dtosach nach raibh meascán drúis agus Críostaíocht saonta Sheáin agus fiántas ach geanmnaíocht Neeta réalaíoch, ach nílim chomh cinnte den sin théis roinnt machnamh a dhéanamh air. Ní bhíonn daoine iomlán i gcomhréir lena bhfealsúnacht ina mothúcháin.
Scéal ana mhaith atá ann, agus le roinnt beag eagarthóireacht liteartha d'fheadfadh sé bheith ina shár-scéal i seánra atá sceadach go leor in iothlainn na Gaeilge , eadhon, eachtraíocht agus rómáns d'aosánaigh.

Lón aigne agus samhlaíochta, friotal thaitneamhach, fileata. Inmholta.

Iníon Keevack
Micheál Ua Ciarmhaic
ISBN 185791 142 3
An Gúm 1996

2 comments:

Néidí said...

tháinig mé fein is an seabra air seo anuraidh.

Níor éirigh linn é a chríochnú.

deir sé do dhaoine óga atá sé ar an gcúl ach domsa ní raibh an tús oiriúnach .

aonghus said...

Daoine 14+ déarfainn féin. Tá collaíocht ⁊ foréigean i gceist. Agus striapachas ag an tús.

Ní chuireann an stuif sin leis an scéal, dar liom. Níl gá leis.