09 January 2014

Manger la mer

Na turasóirí ag múscailt san tigín cois cósta. Ceo amuigh. Duine ar dhuine lasmuigh. Ansin drong ar dhrong. Buicéid acu. Siúlann isteach sa cheo i dtreo na farraige ⁊ slogtar iad. Na sluaite acu. Ach tá an trá bídeach. Cá bhfuil siad? Filleann déanach, buicéid lán. Mallmhuir rabharta, bia mara!

An t-alt seo san FAZ a mheabhraigh an eachtra seo dom.

2 comments:

ormondo said...

Léigh mé an t-alt; an-spéisiúil. Cuireann ar scríobh tú an trá i mBaile na nGall i gcuimhne dom, áit a raibh mé féin i mo fháiteallaí beag farraige uair nó dhó.

aonghus said...

Sa Bhriotáin a bhí mé féin.