Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-01-13

Spásárthaigh & Bogearraí: Is fearr paiste ná poll!

Cuimhne leagtha amach
Nuair atá leagan nua de ríomhchlár ar fáil, go hiondúil níl le déanamh agat ach an sean leagan a bhaint, agus an leagan nua a íosluchtú agus a suiteáil. Níl rudaí baileach chomh simplí i gcás spás árthaigh. 

Bíonn riachtanas ann mar sin féin na bogearraí ar bhord a athrú chun dul i ngleic le rudaí nach bhfeadfaí fios a bheith fúthu roimh ré - taiscéalaíocht atá ar bun, tar éis an tsaoil. Sa bhreis ar sin, bíonn fabhtanna i mbogearra ar bith - cuma cé chomh faichilleach a rinneadh forbairt agus promhadh air. Glacann NASA leis, ainneoin a ndícheall, go mbeidh fabht in aghaidh gach deich míle líne cóid. Cuid acu, níl bheidh aon iarmhairt ró olc orthu; ach is gnách iad a leasú ach iad a bheith tugtha faoi deara. Sa mhullach ar sin, is gá an bogearra a athrú chun dul i ngleic le teip braiteora nó  gníomhróra. Nó de bhrí go bhfuil athrú ar an misean chun deis nua eolaíochta a thapú.

Ach is minic go bhfuil an spásárthach seolta agus i bhfad i gcéin. Níl athrú bogearra chomh simplí ansin. Bíonn cumarsáid níos moille, agus níos éiginnte. Cinnte, taistealaíonn comhartha raidió ag luas an tsolais. Ach cuimhnigh go dtógann sé breis agus ocht nóiméad ag solas na gréine an Domhan a shroicheadh! Agus beidh Rosetta, mar shampla, breis agus 50 nóiméad chun siúl ón Domhan. Sa mhullach ar sin, de bharr na córais cumarsáide tá srian ar an méid sonraí is féidir seoladh chuig an árthach.

Seachas an clár iomlán a athrú mar sin,  athraítear luachanna áirithe sa chuimhne. Tugtar "paistí" ar na hathraithe seo, agus uaireanta fágtar an bunleagan agus na paistí i gcuimhne buan an árthaigh, agus cuirtear i bhfeidhm iad i gcuimhne bheo an ríomhaire.

Chun go bhfeadfaí é sin a dhéanamh, is gnách poill a fhágáil idir na modúl sa chód, chun deis a thabhairt dóibh "fás".  Tá an cheist measartha éasca sa chás sin; níl le déanamh ach an chlár a thiomsú arís, agus na difríochtaí san leagan dénártha a aimsiú, agus treoracha dá réir a sheoladh go dtí an spásárthach. Cuimsíonn an feidhmchlár ar an spásárthach feidhmeanna chun a leithéid d'athraithe ar an cuimhne a dhéanamh agus a promhadh, mar shampla tríd CRC (seiceáil chioglach iomarcaíochta, modh matamaitice chun athraithe ar limistéir cuimhne a aithint tríd áireamh ar leith a dhéanamh ar an réimse agus é chuir i gcomparáid le freagra réitithe.)

Sin an cás simplí, atá léirithe san limistéir buí thuas - ach nach mbeadh le seoladh ach na difríochtaí. Is gá bheith cinnte nach n-athraíonn seolta sa chuid eile den gclár, nó iad a leasú chomh maith más gá.

Uaireanta áfach is gá píosa iomlán as an nua a scríobh. Tá sin níos cigiltí, mar is gá nasc a dhéanamh ón sean chlár go dtí an clár nua, agus is gá dul ar ais chuig pointe cinnte san clár mar a bhí.

Go hiondúil bíonn péire de gach ríomhaire ar an árthach - córas iomarcaíochta. Fágann sé sin an deis athraithe a dhéanamh ar chóras amháin, agus má bhíonn fadhb leo, athrú ar ais go gasta go dtí an seanchóras.

Bíonn trealamh ar leith ann, neamhspleách ar na bogearraí chun féachaint chuige seo - mar nuair atá moill chumarsáide fhada ann, ní féidir leis an lucht stiúrtha ar an dtalamh an rud ar fad a rialú sách gasta!

(Sin an fáth go ndéantar an oiread promhadh agus iniúchadh ar an dtalamh. Ach mar a dúirt Dijkstra, ní thig le promhadh ach léiriú go bhfuil fabhtanna ann, ní thig leis cruthú nach bhfuil siad ann!)