Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-02-24

Slán le Seán

Séan Ó Cuirreáin, an Litir ⁊ Foireann na hOifige
(Íomhá le hEoin Ó Riain)

An fáth go ndeachaigh mé siar ar an Domhnach

Gaeilgeoir uirbeach mise, duine a bhfuil Gaeilge aige mar gur chinn mo shin shean athair go n-athshealbhaíodh sé féin í. Spreag sin a mhac siúd Diarmuid le dul go Com Dhíneol agus Gaeilge a fhoghlaim tríd tumoideachas. Thóg sé siúd a chlann, m'athair ina measc le Gaeilge i Deilginis.  Thóg seisean mise agus mo dheartháireacha agus deirfiúracha le Gaeilge i dTír an Iúir. Níl nasc teaghlaigh agam leis an nGaeltacht mar sin, ach ní dóigh liom gur chaith mé riamh níos mó na cúpla seachtain sa Ghaeltacht in éineacht.
Dhaingnigh tréimhse thar lear i thús mo shaol fásta an Ghaeilge mar chuid de'm fhéiniúlacht  mar chainteoir athdhúchais, agus is le Gaeilge agus Gearmáinis atá mo chlann á thógáil ag mo bhean is mé féin.
An slua ag bailiú
Cé nach bhfuil mórán ama caite agam sa Ghaeltacht, braithim dáimh láidir léi agus a pobal. Tá Raidió na Gaeltachta go háirithe agus litríocht na Gaeltachta, sean agus nua, lárnach domsa agus tuigim go maith gurbh astu a eascraíonn pé slacht atá ar mo chuid Gaeilge.
Tuigim, mar a leagtar amach san alt dhuairc seo agus i gcáipéisí eile go bhfuil an Ghaeltacht á creimeadh go leanúnach agus go bhfuil uair na cinniúna ann.
Is mór an tairbhe a bhain mise go pearsanta as Gaeilge a bheith agam go díreach agus go hindíreach - táim go láidir den dtuairim gur chuidigh an dátheangachas go mór liom i mo ghairm beatha mar ríomhchláraitheoir. Santaím an deis céanna sin don oiread agus is féidir de mo chomh-shaoránaigh, ar mhaithe leis an tír trí chéile.
Mise, dearg le fearg!
Íomhá le Marion Ní Shúilleabháin
Níl slánú na teangan ná na Gaeltachta le fáil i seirbhísí Stáit amháin. Agus ní sprioc iontu féin iad ach oiread. Tá sé tábhachtach go mbeadh teanga ar fáil don gcainteoir dúchais san oiread réimsí agus is féidir le go bhfeadfadh sé nó sí faobhar agus barr slacht a chuir uirthi.
Pobail tuaithe pobail na Gaeltachta - pobail bheaga. Is beag costas pearsanta ormsa dul in adharca le maorlathaigh d'fhonn seirbhís as Gaeilge a fháil - go hiondúil níl mé ag brath ar an seirbhís sin. (Is san earnáil phríobháideach atá mé ag obair).
Sa mhullach ar an dáimh le pobal na Gaeltachta a thug siar mé, tá meas, buíochas agus urraim agam do Sheáin Ó Cuirreáin agus dá fhoireann bheag, dílis dúthrachtach.
Is minic nuair a rinne mé iarracht seirbhís stáit a fháil trí Ghaeilge gur chlis orm -  go hiondúil de bharr easpa eagar san oifig nó rannóg a raibh mé ag plé leo. Bhí dóchas agamsa nuair a reachtaíodh Acht na dTeangacha go mbeadh deireadh leis an sleamchúis, mar go mbeadh dualgas anois ar ranna stáit seirbhísí i nGaeilge a bheartú agus a chuir san áireamh. Monuar chlis go tubaisteach ar córas na scéimeanna cionn is nár dréachtaíodh agus daingníodh ach líon beag acu, agus na forálacha iontu sách lag. Mar sin féin rinne Oifig an Choimisinéara Teanga a dtréan dícheall aon fhadhb a bhí agam a réiteach, ag baint feidhm as "spiorad na reachtaíochta" nuair ba ghá.  Go hiondúil bhí sásamh éigin le fáil agam fiú nuair nár réitíodh an cheist go hiomlán.
Óige na Gaeltachta ag bronnadh litir
don Aire ar fheidhmeannach de chuid na Roinne
(Íomhá le hEoin Ó Riain)

 

Céard atá uainn? Cearta Teanga!
Cén uair? Anois!

Is ó cheartlár mo chroí a bhí mé thiar mar sin le mo bhuíochas a chuir in iúl do Sheáin agus dá fhoireann, agus le seasamh le muintir na Gaeltachta. Ba phribhléid dom bheith ar aor láthair le laochra ceart sibhialta na seascaidí, fearacht Seosamh Ó Cuaig agus Joe Steve Ó Neachtain. Ba phribhléid freisin bheith i measc leithéidí Donncha Ó hÉallaithe, Micheál Ó Foighil, Gearóid Ó MurchúTadhg Mac Dhonnagáin, dream a bhfuil éachtaí bainte amach acu. Ba ardú meanman dom bheith i measc lucht Misneach na Gaillimhe,  dream a fuair mé mé fhéin ina measc de bharr gurbh iad ba ghlóraí! (Agus anois tá piachán i mo sceadamán, ó bheith ag scairteadh ar m'aire bheag!) Ach ba ola ar mo chroí an glúin is óige de phobal na Gaeltachta a fheiceáil ann go líonmhar.

 

Slán le Seán

Bhí slua bhreá bailithe san Spidéal ag oifig an Choimisinéara. Léadh amach an litir ghairid buíochais a bhí le bronnadh air ansin. (Le léamh anseo) Thug sé féin óráid ghairid ansin agus fad is a bhí seisean ag rá go raibh a chroí chomh hard leis an Earagail de bharr na tacaíochta bhí tocht orm fhéin.
Is féidir éirim a chainte a thabhairt i ndá phointe:
  • Go bhfuil an Rialtas ag éileamh ar phobal na Gaeltachta leanadh de bheith ag labhairt Gaeilge eatarthu féin, ach gan í a labhairt leis an Stáit.
  • Go mbíonn an Stáit ag cur ar dhaltaí Gaeilge a fhoghlaim ar feadh ceithre bliana déag, ach ansin ag ceilt aon deis orthu feidhm a bhaint aisti leis an Stáit chéanna.

 

Dearg le Fearg!

Thugamar ár n-aghaidh soir ansin go dtí na Forbacha, scuaine fhada daoine idir óg agus aosta, "pickup" romhainn agus mionbhus inár ndiaidh. Fuair mé mé féin i measc grúpa Misneach na Gaillimhe a raibh dornán slua ghairm éifeachta acu:
Táimid dearg / Dearg le Fearg!
Céard tá uainn? / Cearta Teanga! Cén uair? Anois
Agus ceann a chuaigh go mór i bhfeidhm orm mar go léiríonn sé gurbh scéal na tíre dán na Gaeltachta freisin:
Tír gan óige / Tír gan Todhchaí
Mar chaomhach meánaosta ní raibh mé iomlán ar mo chompord le scairt eile a bhí acu cé go dtuigim a bhfraoch:
Bás don gcóras / Réabhlóid anois!
Ghiorraigh sin na cúig ciliméadair soir, cé go raibh orainn stopadh minic go leor le scuaine fhada chranna a scaoileadh tharainn - an mór chuid acu ag séideadh a mbonnán agus iad a dul thart le tacaíocht a léiriú.
Nuair a tháinig muid chomh fada le Roinn na Gaeltachta léigh Darach Ó Tuairisg an litir don Aire amach sular bhronn an cuid is óige den slua, an dream a thug ann muid dáiríre, ar fheidhmeannach de chuid na Roinne é. (Litir iomlán anseo)

 

Na hÉileamh

  1. go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh;
  2. go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta;
  3. go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain;
  4. go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta;
  5. go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
Tacaím leis na héileamh sin ar fad - ach go háirithe leis an éileamh ar Bhord Oideachais Gaeltachta.  Tá mo leanaí féin ag freastal ar Ghaeloideachas sna Clocha Liatha agus Bré.  Tá daltaí Gaelscoile ann áfach de bharr gur roghnaigh a dtuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge; tá an scoil agus na tuismitheoir
í ag obair as lámha a chéile dá bhrí sin. Sin rud nach féidir talamh slán a dhéanamh de sa Ghaeltacht, go háirithe agus breis daoine gan Gaeilge a bogadh isteach ann, nó ag pósadh isteach ann, nó ag filleadh le muirir a tógadh lasmuigh. Sa mhullach ar sin, is léir don dall nach bhfeileann curaclam amháin do dhaoine ar theanga coimhthíoch dóibh dáiríre í an Ghaeilge agus do chainteoirí. dúchais Gaeilge a bhfuil forbairt agus dúshlán teanga dlite dóibh, agus de dhíth orthu chun faobhar agus slacht a chuir ar an dteanga féin, go háirithe in aois ina bhfuil an teicneolaíocht ag tabhairt an mórtheanga isteach ní hamháin ian dtithe, ach ina bpócaí!
Cé go dtuigim an tábhacht le nuachtán i bhforbairt teanga agus pobail, tá amhras áirithe orm an tacaíocht stáit an dóigh is fearr; b'fhearr liom forbairt a fheiscint ar mhúnla Goitse.
Mart sin féin feictear dom na héileamh a bheith réasúnta, agus go bhfeadfaí iad a chur i gcrích gan mórán costas, ach toil a bheith ann.

Leis an Rialtas gníomhú anois. Ach ní bheidh mé ag cur na balcaisí dearga i dtaisce fós! Níl an feachtas seo ach ag cruinniú nirt.

Tír le teanga, tír le hanam!

Tá neart grianghraif eile ar shuíomh Sheáin Ó Mainnín.