14 May 2014

An Eoraip agus an Ghaeilge

feachtas ann le linn na toghcháin ag Conradh na Gaeilge iarraidh ar na hiarratasóirí don bParlaimint Eorpach fógairt 
"go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016."
Ciallaíonn an maolú seo nach bhfuil de dhualgas ar forais an Aontas Eorpach caitheamh leis an nGaeilge mar a chaitear le gach teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais (tá 23 acu ann). Deonaíodh an maolú de bharr easpa daoine leis na hardscileanna teanga - aistriúchán agus ateangaireacht - atá riachtanach chun an obair a chuir i gcrích. Bhí sé i gceist go dtapódh an Rialtas abhus an deis chun na cúrsaí oideachas cuí a chur ar fáil, rud atá tarlaithe go pointe.
Ní mó ná sásta atá Donncha Ó hÉallaithe faoi, agus in alt i Beo deir sé:
"Ní féidir cur amú airgid poiblí agus cur amú cumais daoine a chosaint, agus sin a bheadh ann, dá bhfíorófaí mianta an Chonartha."
Bhí claonadh orm aontú leis, agus aontaím go fóill maidir le ráiteas eile dá chuid:
"Is anseo sa mbaile a theastaíonn na aistritheoirí maithe le scoth na Gaeilge, ní sa mBruiséil ag cur a gcuid cumais agus a gcuid scileanna amú."
Ach seo an rud: tá an buiséid don gcóras aistriúcháin agus ateangaireachta leagtha amach ar bhonn Eorpach. Ní chaithfear pingin rua sa bhreis ar an nGaeilge abhus fiú mura dtagann deireadh leis an maolú. Bhí plé spéisiúil idir Daithí Mac Carthaigh agus Donncha ar Cormac ag a Cúig faoin ábhar, ag éirí as an alt. Ceann de na pointí suntasacha a rinne Daithí ná nach raibh an oiliúint cuí á chuir ar aos léinn sa Ghaeilge roimh an céim teanga oifigiúil a dhéanamh den nGaeilge agus go raibh cúrsaí ar ardchaighdeán curtha ar fáil ó shin. Agus go mbeadh sciar de na céimithe sin ar fáil don Státseirbhís abhus má bhíonn an Rialtas ag earcú arís chun na bearnaí follasacha atá ann a líonadh.

Maidir le moltaí eile Dhonncha, go háirithe an ceann seo:
(iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.
Ní dóigh liom go bhfuil an Eoraip curtha san áireamh i gceart ag Donncha. Ar an gcéad dul síos, baineann prionsabal na coimhdeachta le cúrsaí cultúrtha ach go háirithe san Eoraip - caolseans go gcuirfeadh an Bhruiséil a ladar isteach sa cheist. Ar an dara dul síos, níl an Ghaeltacht chomh uathúil sin san Aontas, agus bheadh ar aon treoir ón Eoraip a bheith oiriúnach do gach tír inti. Tá's ag an saol go bhfuil na teangacha mionlaithe faoi bhrú san Spáinn agus sa Fhrainc agus caolseans go mbeadh a Rialtais siúd i bhfách le haon bheartas chun mionteanga a neartú. Sa mhullach ar sin, tá ceist na teangach an-íogair i lár na hEorpa. D'fhág titim as a chéile an Impireacht Ostra-Ungárach tar éis an Céad Cogadh Domhanda a lán pobail ar an taobh "mícheart" de theorainn éigin. Tá aighnis teanga agus cultúr forleathan dá bharr san Eoraip. Fiú sa Ghearmáin tá mionlaigh Slavacha san Oirthear agus mionlach a labhraíonn Danmhairgis san Tuaisceart. Bheadh scéimeanna mar a mholann Donncha achrannach mar sin, agus caolseans go mbeadh aontú fúthu.

Creidim mar sin go bhfuil Realpolitik ag baint leis an moladh ón gConradh. Agus ba cheart dúinn tógáil air, agus mar shampla an scoth seirbhís atá ar fáil ón bParlaimint a úsáid mar shlat tomhais do Forais abhus chun léiriú dóibh cad is féidir a bhaint amach! (Spéisiúil go leor is mar thoradh ar ghearáin chuig Ombudsman na hEorpa atá an seirbhís chuimsitheach á chuir ar fáil ón bParlaimint)

3 comments:

ormondo said...

Idir an dá linn i gcás na Gaeilge is amhlaidh gur fearr drochsheasamh ná géilleadh mar is beag slí géillte atá fágtha. I gcúrsaí teanga is deacair an neamhchumas a cheilt.

smagl said...

Tá an cheist seo thar a bheith tábhachtach do thodhchaí na teanga. Thug mé cuairt ar ionad Cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil i mí na Samhna seo caite agus bhí chuile rud ann ar fáil trí Ghaeilge (i bhfoirm labhartha agus scríofa). Bhí an cur i láthair ann ar fheabhas. Ba chúis mhórtais agus gliondar croí dom é go raibh an Ghaeilge suas ansin leis na teangacha Eorpacha eile. Agus chomh maith leis sin ba theistiméiracht é ar cé chomh éifeachtach is atá an fhoireann bheag aistritheoirí s'againne thall ansin.

Aontaím leis an tuairim go gcuireann an obair sa Bhruiséil go mór le hinfreastruchtúr na Gaeilge. Is obair cheannródaíoch í an obair atá ar siúl ag an bhfoireann ansin. Tá siad ar thús cadhnaíochta i bhforbairt na teanga, á leathnú agus á haclú le haghaidh réimsí nua. Tá siad i bhfad chun tosaigh sna cúrsaí seo ar a gcomhghleacaithe i státseirbhís na hÉireann, agus deirim é sin mar iar-Phríomhoifigeach sa tseirbhís anseo. Ba chóir go mbeadh sé ina chúis náire do Rialtas na hÉireann gurb amhlaidh atá an scéal. B’fhéidir go gcuideoidh an chomparáid idirnáisiúnta linn le náire a chur orthu faoi seo sa deireadh.

Vincent Morley said...

Seo sampla maith den dátheangachas mar a shamhlaítear é in Éirinn:
www.president.ie