Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-06-02

Gráinne Mhaol

 Bhí Gráinne Mhaol luaite ag a múinteoir le'm iníon (atá i Rang a I) tamall siar agus luaigh sise liomsa é. Nuair a bhí mé san siopa leabhar ina dhiaidh sin bhí leabhar á lorg orm fúithi. Bhí fhios agam go raibh táirge den scoth curtha ar fáil ag Cló Mhaigh Eo - duais-leabhar leoga - ach bhí amhras orm an mbeadh sé iomlán feiliúnach do chailín óg!
Ní toisc gur bean thar a bheith mealltach atá i léaráidí Bruno Büll ach toisc gur saol sách fuilteach fiáin a chaith Gráinne Mhaol, agus tá sin reicthe go soiléir ag Gisela Pizatto.
Tá sé spéisiúil gurbh aniar ón Bhrasaíl a thagann an insint seo chugainn ar shaol bhean láidir spleodrach. Iarla Mac Aodha Bhuí a chuir Gaeilge ar an téacs, agus is scéal spleodrach atá ann, ó óige Ghráinne go dtí a seanaois, scéal foghlaíochta, streachailt, cumainn le fir agus cath le fir eile - na Sasanaigh ach go háirithe; agus a cuaird cáiliúil ar bhean láidir eile, Eilís I Shasana.
 Léigh mé in éineacht le'm iníon é - bheadh an téacs rud beag ró dheacair di - agus bhaineamar araon taitneamh as. Mar sin féin shamhlóinn gurbh d'aois ghrúpa rud beag níos sine a d'fheilfeadh sé ó cheart.
Sílim go gcloínn idir téacs agus léaráidí dlúth go maith don fíor stair gan dul chun leadráin - seachas botún bheag amháin - bratach na Ríochta Aontaithe mar sheol ar long Sasanach, i bhfad sular ceapadh an bhratach céanna!
Scéal a chuirfidh na cuislí ag coipeadh - eachtraíocht agus teannas.

Gráinne Mhaol:
Údar: Gisela Pizzatto
Maisitheoir: Bruno Büll
Aistriúchán: Iarla Mac Aodha Bhuí
Bog ISBN: 978-1-899922-90-1
Foilsithe: 2013
Praghas: €11.00