12 July 2014

Athchuairt ar Mhéirscrí na Treibhe

Chinua Achebe; Íomhá Stuart C. Shapiro
Le deireanas tá dornán d'úrscéalta Chinua Achebe léite agam de bhrí go bhfaca san leabharlann iad - Things fall apart, Anthills of the Savannah agus A Man of  the People.

Thaitin siad go mór liom. Chuir tagairt san leabhar deiridh úd do "Múinteoir réabhlóideach Éireannach" Alan Titley agus a leabhar Méirscrí na Treibhe i mo cheann.  Leabhar a bhain mé sult as ainneoin paistí crua, agus leabhar a bhraith mé a tháinig an ghar don saol a léiríonn Achebe freisin.

Níorbh é Alan an Éireannach Réabhlóideach gan amhras, cé gur chaith sé féin tamall i ngéibheann san Afraic.


Bhí sé de dhánacht ionam tráth fiafraí de an mbeadh fonn air eagar a chuir ar Méirscrí na Treibhe d'fhonn é dhéanamh níos soléite agus teacht ar léitheoireacht níos leithne. Cé gur ghéill sé go raibh deacrachtaí ann, níl - mar a thuigfeá - fonn ar athchuairt a thabhairt ar saothar déanta.

B'fhiú do léitheoirí streachailt leis mar sin féin; tá boladh agus blas na hAfraice le fáil ann, beagnach mar atá i saothar Achebe.

2 comments:

Néidí said...

b'fhiú stair Biafra a léamh freisin, níos mó ná míle leathanach ach b'fhiú é.

Léigh mé Things Fall Apart don chéad uair nuair a bhíos déagóir, agus tá sé léite agam cúpla uair ó shin. Fós cuireann an deireadh ionadh orm.

Néidí said...

Dála an scéil ach nuair a fuair Chinua bás anuraidh gur scríobh Titley faoi san Irish Times, más buan mo chuimhne