Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-08-17

A Bhean Óg Ón

Ar chúpla cúis tá spéis i saothar Máire Mhac an tSaoi athmhúscailte ionam le deireanas. Tá a nóibhille A Bhean Óg Ón ar mo leabhragán le blianta. Sílim gur léigh mé cheana é, ach níl cuimhne beacht agam air. Ach de bharr a bhfuil léite agam ó shin sílim gur mó sásamh a bhain mé as an babhta seo pé scéal.
File mór de chuid Iarthar Duibhneach é Piaras Feiritéar agus tá roinnt dánta grá cúirtéiseach dá chuid a bhaineann le Meg Ruiséal.
San úrscéilín seo samhlaíonn Máire Mhac an tSaoi eachtra ina dtagann Piaras i gcabhair ar Mheig. De bhrí gurbh de na huaisle an dís, agus iníonacha na n-uaisle ach go háirithe ina gceithearnaigh i gcluiche na dTithe Móra um maoin agus tionchar, tá polaitíocht agus uisce faoi thalamh na linne léirithe san scéal, agus gnáth eachtra gaisceoireachta freisin. 
Leabhairín bheag thaitneamhach, bunaithe ar an stair agus fáiscthe as filíocht Feiritéar (mórán mar atá scéal Ghearóid Iarla as a chuid siúd).
Cúpla uair  a chloig sonas is só le baint as cinnte.

A Bhean Óg Ón….
Máire Mhac an tSaoi
Cló Iar-Chonnachta 2001
ISBN 1902420500