07 August 2014

An bhfuil ré an Náisiún Stáit thart?

Tá cuimhneachán agus comóradh ar an chéad cogadh bharbartha faoi lán seoil faoi láthair. Cogadh idir impireachtaí ab ea sin, agus réabadh na himpireachtaí a cailleadh as a chéile - an Ostair-Ungáir agus an Tuirc ach go háirithe, agus go pointe an Rúis. Tá fréamhacha cuid den na coimhlintí atá linn inniu san réabadh sin, a bhí faoi thionchar láidir idé an stáit do gach náisiún. 
Cé gur fheil an mhúnla sin go pointe san Eoraip, bhí grúpaí suntasacha creidimh agus teanga a fágadh ar an dtaobh mícheart de na teorainn nua - fiú gan na pobail scaipthe fearacht na Giúdaigh agus na Gearmáiniseoirí cathrach a chuir san áireamh. 
Chomh maith leis sin, is minic gur bhog fearann pobail rud a fhág pobal eile lonnaithe in áit a raibh tábhacht aige do phobal eile - Gort na Lon Dubha do Seirbiaigh abair, ach atá anois i seilbh Albánaigh.
Ach is san Meán Oirthear, a bhí ina thaipéis saibhir de phobail ilchreidmheacha, il-eitneach a rinneadh an dochar is mó, le teorainn saorga - línte ar mhapaí tarraingthe ag na himpireachtaí buacacha faoi Comhaontú Sykes Picot.
Tá an scéal ina phraiseach san Afraic freisin, áit atá na stáit bunaithe ar an méid talún ar éirigh le amhantraithe ón Eoraip sciobadh, le nó gan údarás impireachta mar thaca acu. Beag beann ar threibheanna, creideamh ná náisiún na háite.
Eascraíonn cuid mhór de choimhlintí an lae inniu as daoine is pobail a shíleann iad féin a bheith san Stáit mícheart - sin nó dream eile ag iarraidh iad a dhíbirt chun stáit íonghlan aon-eitneach aon-chreidmheach a chruthú.
Rinne Eoin Pól II, ina leabhar, "Cuimhne agus Féiniúlacht" idirdhealú thábhachtach - idir "náisiúnachas" a chuireann náisiún an náisiúnaí fhéin chun cinn ar aon dream eile, agus "tírghrá", a éilíonn na cearta céanna do gach náisiún.
Fearacht an teaghlach, feictear dom gur buan-chuid de féiniúlacht an duine an náisiún a mhothaíonn sé páirt a bheith aige ann.
Is beag duine a bheadh ar aon fhocal le MacMorris in Anraí V
Of my nation? What ish my nation? Ish a villain and a basterd and a knave and a rascal. What ish my nation? Who talks of my nation?
Ach an gcaithfidh an polis a bheith bunaithe ar náisiún?
Tá frithshampla éifeachtach ann i lár na hEorpa - an Eilvéis. Ceithre teanga, an iliomad treibh agus creideamh agus iad go síochánta le chéile ó na meánaoiseanna. Cuid de rún s'acu sílim ná rialtas fíor láidir fíor daonlathach áitiúil.
Is gá do polis an aois seo  an oiread agus is féidir a fhágáil faoi chomhair na gcomharsan. Gan amhras, tá oll-chomhlachtaí ilnáisiúnta le cumhacht thar na bearta eacnamaíochta. Tá gá mar sin le gnéithe den pholis atá in inmhe riail an dlí a chuir i bhfeidhm ar a leithéidí.
Is gá spás a chruthú do mhianta náisiúnta daoine freisin.
Fuair an Eaglais Chaitliceach cuid dá struchtúr riaracháin - deoisí agus paróistí abair - as fothracha na hImpireachta Rómhánaí.
B'fhéidir gur féidir leis an polis nua aimseartha foghlaim ón Eaglais - tá struchtúr eile inti, fearacht na hOrd Rialta atá scaipthe tríd an domhain; agus baill na hOrd céanna freagrach don Easpag áitiúil ar cheisteanna áirithe, agus dá gceannasaíocht féin ar cheisteanna eile.
Seans go bhfeadfaí struchtúr cónaidhmeachta a bhunú ar samhail dá leithéid, le ceisteanna áirithe faoi smacht aonad tíreolaíochta, a mbeadh pirimid acu ann leis an méid is mó coimhdeachta is féidir, agus ceisteanna cultúrtha faoi aonaid roghnaíocha a mbeadh duine cláraithe leo mar bhall de náisiún?

Agus sin mo racht go n-uige seo.

No comments: