Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-08-23

Comhaos í féin is an stát

Tá spéis curtha agam le déanaí arís i bprós agus filíocht Mháire Mhac an tSaoi - bhí An Paróiste Míorúilteach liom mar lón léitheoireachta ar mo shaoire ar na mallaibh. Mar sin, fuair mé a dírbheathaisnéis ón leabharlann, le súil agus go bhfaighinn léargas éigin ar foinsí a filíochta.
Cuimhní cinn teaghlaigh atá ann; agus is mós spéisiúil an teaghlach atá i gceist, a tuismitheoirí araon sáite in eachtraí bhunaithe agus buanaithe an stáit, agus an fulaingt as crá croí a héirigh as. A hathair Seán McEntee, a throid i 1916 agus a bhí lárnach i bhFianna Fáil (ach a d'iompaigh orthu nuair a tháinig na men in mohair suits chun cinn).  A máthair. A huncail Pádraig de Brún agus David a thóg an t-ainm Michael sa chreideamh agus a bhí ina Chairdinéal ar ball, agus ina chara le Pius XII go dtí gur éirigh míthuiscint eatarthu - scéal a insíonn Máire anseo le binb.
Cuimhní cinn atá anseo - scéal carntha ar scéal, eachtra ar eachtra. A grá láidir dá céile Conor Cruise Ó Brien ina snáth tríd (suntasach gur a hainm pósta atá ar seo, agus dris cosain dá réir dom agus mé á lorg). Trácht éigin ach fíricí ceilte ar an ngrá mídhlisteanach as a d'eascair Ceathrúintí Máire Ní Ógáin.
B'iad na dánta máithriúla i nGuth an Fhile atá agam an mo seinnteoir póca cuid mhór den chúis a chuir mé spéis i Máire Mhac an tSaoi arís - labhraínn siad leis an dtuismitheoir ionam - agus tá trácht thall is abhus ar eachtraí a spreag dán nó dhó ina measc. Tá cuir síos ann ar a gcaidreamh le iníonacha Conor óna chéad pósadh, agus an dá leanbh altrama - gorma - a d'uchtaigh siad nuair ba léir nach raibh páistí dá gcuid féin i ndán dóibh.
Is fiú go mór na cuimhní seo a bheith cnuasaithe, agus tá an chreidiúint ag dul do Michael O'Brien a mheall uaithi an saothar, agus leo siúd ar fad a chuidigh léi.
Mar sin féin, beidh mé ag fanacht fós ar an beathaisnéis a thugann léargas dom ar an bhfile - ar doimhniú a ceirde. Is beag de sin atá ar fáil anseo, cés móite do chorr thagairt do thaighde (agus eachtra tubaisteach a chur corr ina saol léinn ag a thús de bharr faillí duine eile).


THE SAME AGE AS THE STATE
The Autobiography of Máire Cruise O'Brien
Máire Cruise O'Brien
O'Brien Press
Crua :ISBN:9780862787998
Bog:ISBN:9780862788858
EPUB:ISBN:9781847175045