Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-09-18

Aighneacht maidir le hAthbhreithniú an Chaighdeáin

Seo leanas an aighneacht atá seolta isteach agam:

Is ar bhonn pearsanta atá an aighneacht seo á dhéanamh agam.

Cainteoir athdhúchais Gaeilge atá ionam, sé sin le rá, tógadh le Gaeilge mé ach ag tuismitheoirí nach ón nGaeltacht iad. Níl aon oiliúint foirmiúil sa Ghaeilge agam seachas an méid a bhain mé amach i bhfad ó shin don Ardteist. Agus is eol dom nach mbeidh gach rud a scríobhaim anseo ceart de réir an Chaighdeáin Oifigiúil, fiú an chinn athbhreithnithe. Ach ormsa seachas ar an gcaighdeán an locht faoi sin.

Creidim gur feidhm tuairisciúil atá ag aon Ghraiméir agus go gcloíonn an ChO leis sin don gcuid is mó. Ainneoin go raibh sé ráite san gcéad eagrán go
“[d]Tugann an caighdeán seo aitheantas ar leith d’fhoirmeacha agus do rialacha áirithe ach ní chuireann sé ceartfhoirmeacha eile ó bhail ná teir ná toirmeasc ar a n-úsáid.”

baineadh mí úsáid as an gCO le dearbhú go raibh leaganacha áirithe Gaeltachta  “mícheart”. Feictear dom go dtéann an leagan athbhreithnithe go sásúil i ngleic leis an tosca sin. Ainneoin mo leithéidí de chainteoir Athbheochana agus an scaipeadh atá ar nuachainteoirí lasmuigh de na ceantair traidisiúnta Gaeltachta feictear dom fós gur ar scoth na cainteoirí agus scríbhneoirí Gaeltachta ba cheart aon chaighdeán a bhunú.

Cloisim caint go minic ar an ngá an teanga a “shimpliú” ar mhaithe le cainteoirí neamhthraidisiúnta agus foghlaimeoirí. Ní dóigh liom go mba beartas stuama a bheadh ansin. Ní chreidim go gcuirfí dáiríre le líon na gcainteoirí líofa, agus feictear dom go leathnófaí an bhearna suntasach atá ann cheana féin idir chainteoirí Gaeltachta agus foghlaimeoirí agus nuachainteoirí áirithe uirbeacha. Tá áiseanna iomadúla ar fáil chun cabhrú le daoine snas a chuir ar a gcuid Gaeilge scríofa; faoi láthair tá Gramadóir á fhorbairt do LibreOffice, mar shampla http://www.scriobh.ie/Page.aspx?id=78&l=1.
Chomh maith leis sin tá na háiseanna http://acmhainn.ie/, https://www.aistear.ie/ agus http://www.gaois.ie/ga/paradocs/ ar fáil, gan trácht ar an corpas a forbraíodh don foclóir nua http://corpas.focloir.ie/ .

Baineann sciar eile de na deacrachtaí leis an borradh faoi aistriúchán a tháinig de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla. Feictear dom áfach nach gá gur bearnaí sa Chaighdeán Oifigiúil bunús na ndeacrachtaí seo, ach an deacracht a bhaineann le meamraiméis tur a thiontú faoi bhrú ama a fhágann aistritheoirí i ngleic le carn mór ainmfhocail sa Bhéarla agus iad éiginnte conas córas gramadaí na Gaeilge a chuir i bhfeidhm ar an gcnap. Creidim go mba mhaith an rud treoir stíle do na leithéid a fhoilsiú, ach nach athrú ar an ngramadach atá de dhíth ach bealach le teacht timpeall ar an bhfadhb seo a eascraíonn as nósmhaireacht an Bhéarla. Baineann mórán an cheist céanna leis na holl-uimhreacha nach bhfuil sa ghnáthchaint ach a mbíonn trácht orthu i gcúrsaí airgeadais agus polaitíochta. Is féidir go bhfuil gá le gníomh anseo, ó tharla uimhreacha na Gaeilge sách casta. (Tá léargas maith tugtha anseo ag Michal Boleslav Měchura http://lexiconista.com/Uimhreacha.pdf )

Ceal foras eile teangain, is dócha gurbh ar chrann Rannóg an Aistriúcháin a thiteann sé a leithéidí de threoir stíle a fhoilsiú. Ainneoin gur i réimse cinnte agus sách cúng na reachtaíocht a luíonn bhur obair, agus ceangal oraibh fasaigh a leanadh feictear dom gur dócha go bhfuil modhanna forbartha agaibh le ceisteanna gnáis mar seo a réiteach agus go mb'fhiú a leithéid a fhoilsiú.