Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-09-11

Saíocht Aneas chugainn

   Mar a luaigh Tadhg, tá cnuasach Muimhneach "Aneas" ar na bacáin, faoi stiúir Bhrenda Ní Shúilleabháin. Tá sé sin ar mo mhianliosta cheana féin!
Tá an mian sin comhlíonta anois, níos faide anonn ná a shíl mé, agus cóip seolta, díreach ón bpreas ag Futa Fata chugam.
Tá earra slachtmhar curtha le chéile arís ag Futa Fata; téacsanna - ó Chorca Dhuibhne is Musgraí - cnuasaithe ag Brenda Ní Shúilleabháin agus nótaí curtha aici leo, mar a bhí in Aniar.

Bíonn claonadh ar mo leithéide smaoineamh ar Chorca Dhuibhne mar áit ar mórán dúlra is beagán daoine; tá leigheas ar an míthuiscint sin i gcuid de ghrianghraif Lanka Haouche Perren, a bhfuil daoine, troscán agus foirgnimh iontu chomh maith le tírdhreacha áille. Tar éis an tsaoil is le daoine caint, agus caint is saíocht na ndaoine atá á chnuasach.

Tá an chumasc céanna is a bhí in Aniar de rannta, leathrainn, tréanna agus píosaí níos faide idir cumadóireacht filí  na leabhair is filí pobail. Saibhreas iontach, in árthach gleoite - leabhar boird caife ach ábhar machnaimh is spreagtha ann.

Ar uairibh mhothaigh mé go raibh nótaí Bhrenda rud beag ró theagascach, barraíocht ann faoi staid reatha na tíre agus na hEaglaise; ré nach mbaineann leis na sleachta, agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh an chiall céanna leo laistigh de thraidhfil blianta. Go hiondúil le saothar dhá theangach ní bacaim leis an mBéarla - ach ní hionann an t-eolas ins an dá leagan de na nótaí, agus bhain mé tairbhe as an dá theanga a léamh.

An bail céanna leis na híomhánna; thaitin cuid acu liom go mór, cuid eile áfach (agus daoine iontu) mhothaigh mé go raibh siad ró shaorga, ró stáitsithe.  Seomra ranga den sean dóigh, abair, leabhar ar gach cruinnlín ach gan ann ach beirt dalta, buachaill is cailín is cúla gcloigeann linn.

Bím ag éisteacht go minic ar mo sheinnteoir póca leis an CD a tháinig le Aniar - tá fíor díomá orm nach bhfuil a leithéid curtha ar fáil le Aneas. Súil agam go ndéanfar amach anseo é.

Mar sin féin, is fíor an méid a dúirt foinse amháin le Brenda:

B'fhearr liom agatsa é ná i gCill Chuáin é
Is iomaí seod atá san úir, i gCill Chuáin is cealla nach é - is maith ann leabhar slachtmhar mar seo a chaomhnaíonn cuid de.

Aneas
Údar: Brenda Ní Shúilleabháin
Grianghrafadóir: Lanka Haoche Perren
Lándaite, Clúdach Crua
Líon na lth: 112 lth
ISBN: 978-1-906907-78-5
Praghas:  €25