Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-10-11

IMRAM: Amhráin na Saoirse

Buanchuid de'm saol faoin dtráth seo imeachtaí blianta IMRAM agus na tionscadail ceoil ach go háirithe. Fágann siad go mblaisim de cheolta nach nós liom a bhlaiseadh. Reggae, mar shampla!
Bhí mé rud beag imníoch nuair a chonaic mé Liam Ó Maonlaí faoi hata ard olna i ndathanna Rasta, Léine bán oscailte go himleacán air, é costarnacht. An mbeadh scigaithris i gceist? Leithghabháil chultúrtha?
Tar éis an tsaoil fáisceadh Liam Ó Maonlaí as an gcúlra céanna liom féin, mórán, meánaicme sócúil dheisceart Bhaile Átha Cliath. Ainneoin é bheith báite san cheol, ina shaoránach le fada de phoblacht uilíoch ilnáisiúnta an cheoil - an raibh sé cuí?
Seo ceol na ndaoine gorma, faoi chois ag an gcine geal.Amhráin na streachailte i gcoinne éagóir is Ár. Grá is buairt an fhir faoi chois.
Mhaolaigh sé m'imní beagán nuair a chrom Caoimhín Mac Giolla Catháin ar canadh; fáisceadh eisean as Iarthar Bhéal Feirste, fuineadh a Ghaeilge as an streachailt cultúrtha ansiúd - is tá faobhar uirthi. Agus tá sé féin tumtha san Reggae le fada fíorach an lá, lena ghrúpa Bréag.
Agus má bhí ball de grúpa Bob Marley, Natty Wailer, sásta glacadh leis, mheas mé, bheadh sé ceart.
Scaipeadh m'imní go hiomlán áfach nuair a chrom triúr béithe gorma de bunadh na hAfraice ar chanadh. Justine Nantale, Esosa Ighodaro, Zeenat Sarumi ag luascadh go meidhreach agus ag canadh - as Gaeilge! Gaeilge bhinn blasta. Ní leithghabháil a bhí anseo ach pósadh cultúrtha. Imeascadh dhearfach.
Leaganacha trascruthaithe Gabriel Rosenstock  ag freagairt go hiontach don gceoil. Bréag ag seinm drumaí, trumpa, sax, giotár - draoi eile Giotár ag tionlacan freisin - Steve Cooney. Natty Wailer ag fuineadh ceoil meidhreach meallatach ar an méarchlár. Liam, Caoimhín is na mná ag canadh go fuinniúil.
An slua féin meallta chun canadh le leithéidí Rac, a bháibín.
Bhí fuinneamh dochreidte san Pavilion, tonnta ceol ag briseadh thar an slua, á scuabadh leo go dtí go raibh gach a raibh ann ar a gcosa don amhrán Éirigh, Seas Suas.
Ansin cuireadh clabhsúr le sár oíche ceoil leis an amhrán Eacsadas - Liam Ó Maonlaí sealbhaithe ag spiorad an cheoil ag rince mar a bheadh deirbhíseach.
Mar tionlacan feadh na hoíche bhí filíocht físe Margaret Lonergan - íomhánna de Bhob Marley féin, ach freisin go leor íomhánna roghnaithe go cúramach le dul leis na hamhráin - sluaite ag agóid, sclábhaithe á fhuadach, lorg an Áir ar chathracha, laochra is ceannasaithe Rastafárach. Leoin beo agus siombail - Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví.

Jah obair, ó thús deireadh.

Mar fhocal scoir, mír nuachta ó TG4 aréir (taifeadta roimh an gceolchoirm):