Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-10-08

Taisce nochta ag Leabhar Breac

Is cuimhin liom leabhar Stevenson a léamh agus mé i mo ghlas-stócach, níos óige fós ná laoch an scéil Jim Hawkins. Is cuimhin liom leabhair Stevenson a bheith foclach fadálach in áiteanna. Tá an bhlonag uilig gearrtha amach ag Darach Ó Scolaí san leagan bhreá seo aige den scéal.
Fágtar muid le heachtra spleodrach chorraitheach a ghluaiseann le cóir gaoithe go hOileán an Órchiste agus ann streachailt ann. É ar fad trascruthaithe i nGaeilge ghlé soiléir, le nathaíocht cuí. (Ní fear mara mé, mar sin bhí dornán focal a raibh orm an foclóir a ransú dóibh - liagóir abair)
Léigh mé le faobhar agus le fonn an scéal, agus tá mac liom leath bhealach tríd - trua nach raibh a leithéide ann agus é cúpla bliain níos óige!
Bíonn díospóireacht ann go minic faoin tairbhe leabhair a aistriú ón mBéarla (Tuarascáil ag Anna Heusaff anseo a chíorann an cheist). Bímse go hiondúil amhrasach faoi, mar go mbíonn amhras orm an léifear an leagan tiontaithe má tá fáil ar an mbunleagan. Théis an leagan seo a léamh, táim ag athmhachnamh. Seans gur fíre nath Ghabriel Rosenstock faoi litríocht a bheith traschruthaithe seachas aistrithe. Is cinnte go bhfuil rud sa bhreis an seo le haois an bunleabhar - fuighle is friotal nach mblaisfinn murach é.
Ní mór a admháil freisin gur earra álainn ann féin an leabhar - maisithe leis na bun-léaráidí a rinne N.C. Wyeth agus a bhunaigh a cháil siúd. Cló agus leathanaigh soiléir, snasta.

Gura fada buan Leabhar Breac i mbun saothair mar seo!

Oileán an Órchiste
Robert Louis Stevenson

€15.00 (crua);
176 lch;
ISBN 978-1-909907-40-9