Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-11-29

Mo chroí i mo bhéal

Tar éis dom éirí gafa leis An Bronntanas bhí bearna le líonadh ar oíche Déardaoin nuair a tháinig sé sin chun deiridh. (Caithfidh mé admháil go n-oibríonn margaíocht Twitter ormsa, na rudaí atá feicthe agam ar TG4 le déanaí - agus is ag dul i bhfad atá an liosta - is scéalta ar Twitter a mheall chucu mé).

Bhí mé ag faire mar sin ar an gcéad gála de Corp agus Anam 2 mar sin. Bhí sé, caithfidh mé a rá, i bhfad níos scanrúla ná an Bronntanas - ainneoin, nó b'fhéidir toisc nár léiríodh an oiread foréigean ann, cé go raibh foréigean ag tarlú. Scéinséir den scoth, scríbhneoireacht thar a bheith láidir. Scéal thar a bheith inchreidte, tá a mhacasamhail d'eachtraí léite sna nuachtáin againn (ró mhinic).
Comhfhreagraí coiriúlachta teilifíse Cathal Mac Iarnáin (Diarmuid de Faoite) atá i lár na sraithe, agus a (easpa) chaidreamh lena theaghlach mar chúl scéal. Tá léirmheas i bhfad níos fearr ná mar atá ar mo chumas a thabhairt ar fáil ar Tuairisc.ie

San céad eachtra seo éiríonn sé gafa le cás fir atá foréigneach lena leannán agus é amuigh ar bhannaí, agus tuigeann go bhfuil casadh chun donais san scéal de bharr é a ladar a chuir ann. Agus go bhfuil sé tar éis é féin agus a leathbhádóir a chuir i mbaol....

Rith sé liom, ach scóip a thabhairt do roinnt do na carachtar eile san scéal go bhfeadfaí fadscannán iomlán a bhunú ar an scéal. Bhí léiriú thar a bheith cumhachtach ó na haisteoirí ar fad, an bithiúnach, an athair faoi bhrú, an bleachtaire, leannán an bhithiúnaigh is a deirfiúr, bean céile agus clann an iriseora - thar barr ar fad agus d'fhéadfaí cur lena bpáirteanna siúd ach an t-am a bheith ar fáil.

Is scríbhneoir cumasach é Darach Mac an Iomaire, agus tá fógartha aige go bhfuil sé i gceist san sraith seo na laigí sa chóras dlí abhus a iniúchadh agus fírinne a nochta tríd scéalaíocht. Is fónta, clise agus fiúntach an bheart sin.

Ó thaobh na Gaeilge de, is mar a labhair na carachtar anseo a bheadh an fuighle uirbeach dá mbeadh tar éis éirí leis an athbheochan. Bhí blas agus cruinneas ag chuile aisteoir, rud nach mbíonn i gcónaí. (Seachas na mionnaí móra agus dornán uaillbhreasa a bhí as Béarla. Deis caillte, seans, rud éigin dúchasach a chuir in áit an foc uileláithreach?)

Sílim go  bhfuil an baoite seo slogtha agam agus an duán greamaithe ionam, agus go mbeidh mé ag faire arís...

2014-11-23

Bronntanas físiúl - (aire, sceitear rúin!)


Bhí drogall orm riamh éirí gafa le sraith teilifíse, mar nach mian liom go mbeadh sceideal ina mháistir orm. Ach ó tharla anois an córas teilifíse againn tríd an idirlíon agus bosca  cliste, tá smacht agam ar cathain is féidir liom faire ar clár, agus ní baol dom ceann a chailleadh de bharr coinne eile (chomh fada is nach dteipeann ar an idirlíon)

Spreag bolscaireacht Rosg ar Twitter m'fhiosracht agus d'éirigh mé thar a bheith gafa leis an scéinséir An Bronntanas. Ón tús bhí bá agam leis an laoch JJ (Dara Devaney). Ón tús bhí bá agam freisin le Jakub (Janusz Sheagall). Tá seans ann gur réamhchlaonadh a bhí ann - ainneoin a chorr is a bhí an cuma ar gníomhartha, níor mhian liom creideamh gur bithiúnach é. Bhíos sásta gur tháinig an scéal le m'instinn. Cé nach raibh bá dá laghad agam lena charachtar, MacDara, caithfidh mé a rá go ndearna Pól Ó Gríofa sár léiriú ar an cladhaire de dhruncaeir mí-éifeachtach a tharraingíonn mí ádh ar féin agus ar a chomhluadar. Táim ceanúil ar scéinséir mar seo i bhfoirm leabhair, ach is annamh mé ag féachaint ar rudaí fuilteacha, foréigneacha ar an dteilifís. Is maith liom an carachtar a thuigeann a dhorchacht féin, ach atá ar a dhícheall an ceart a dhéanamh - tréith a bhain le JJ agus Jakub araon, feictear dom.

Bhí laigí áirithe san scéal atá soiléir dom anois, ach nár chuir bac ar an taitneamh. Bhí daoine i láthair san áit ceart ag an am cheart ró éasca, abair. Bhí an scéal grá idir JJ agus Róisín (Michelle Beamish) rud beag tobann - bheadh feidhm le roinnt stair chun é dhéanamh níos inchreidte. Ach bhí radhairc cumhachtacha ann freisin. Mion léirithe thar barr, abair. JJ ag doirteadh leanna chun siúl ag leac a athair, ag tabhairt droim láimhe don mbealach éalaithe éasca sin.

Rinneadh leagan scannáin den sraith agus tá sé curtha isteach ar na hOscar mar scannán i dteanga eachtrannach. Go n-éirí leo!

Táimse gafa pé scéal é, agus beidh mé ag faire ar Chorp agus Anam 2 Déardaoin ...

Bean (agus scata fir) lán de stuaim

Fuair mé mé féin san Back Loft, i láthair ag léiriú den saothar idir lámha de chuid Guthanna Binne Síoraí - Má Thagann Tú. Faoi stiúir Tristan Rosenstock, táthar ag fí dánta agus amhráin grá i nGaeilge i dtaipéis drámaíochta, ag oscailt fuinneoga trí Bhéarla ar léann agus éigse ár sinsir. Tá cur síos i dTuairisc ag Tristan ar an coincheap anseo.
Agus muid ag teacht isteach, seoladh fir ar dheis, mná ar chlé. (Bhí slua maith i láthair, ach sílim go raibh beirt ban in aghaidh an fhir ann! Agus gan ach dornán a d'aithin mé, deá theist)
Rinneadh ceiliúradh ceolmhar ar an ngrá in amhrán, ceol agus reacaireacht - na bun-amhráin Gaeilge scaití á reic in aistriúcháin Gabriel Rosenstock, scaití á mhíniú go cliste in athfhriotail - dochtúir ag iniúchadh an dream tinn le grá, litir grá á léamh, aisteoir ag léiriú focail amhráin, i bpearsa an mhealltóra. Bhí an bréagadh, an grá éagmaiseach, an grá comhlíonta, an ragairne ar fad ann. An seanduine dóite agus an maighdean soineanta. Miangas Leaba Shíoda agus geanmnaíocht ar éigean A Bhean lán de stuaim. Éadóchais an té meallta, bean i nDónall Óg, fear i Máirín de Barra.
Cuireadh críoch leis le comhairle ón 9ú aois Is é mo shámud re mnái.
Cuireadh an lucht féachana ag rince ansin - iadsan a bhí ar an imeall pé scéal. Mo thrua an ógbhean ar thit sé ar a crann rince leis an mbodach anásta seo!

Bhí plé spéisiúil dhá theangach  i ndiaidh an taibhe; agus ba léir go raibh an léiriú imithe i bhfeidhm orthu siúd ar bheagán Gaeilge. Sprioc aimsithe!

Táim ag súil go mór an saothar snasta a fheiceáil san samhraidh seo chugainn - tá an ghealladh faoi. Bígí ag faire amach, agus tapaígí an deis!

2014-11-21

Tuairisc ar Thuairisc

Tuairisc ann le traidhfil seachtainí anois. Tá gach cuma ar an scéal go ndearna an foireann tús maith; agus daoine ag tarraingt orthu de réir anailís Google ar úsáid an suímh.

Táimse breá sásta leis - bíonn ar mo chumas scata scéalta as Gaeilge a léamh ar m'fhón póca ag dul ar obair ar maidin. Tá meascán iontach colúnaithe acu - fáiltím ach go háirithe roimh deis rialta scéalta ó ar fud na cruinne le Alex Hijmans a léamh. Agus tá guth láidir Gaeltachta neamhspleách ann - Seosamh Ó Cuaig. Is aoibhinn liom an spíonadh a dhéanann Antain Mac Lochlainn ar chúrsaí teangain.
Tá freastal áirithe á dhéanamh ar chúrsaí litríochta freisin.
Agus is ola ar mo chroí go bhfuil Ar Son na Cúise againn arís, agus físeán ag dul leis. Dearbhú gur Boc Mór(TM) in saol na Gaeilge tú aor a bheith déanta ort ag ASNC.
Ní mór dom a rá gur aontaigh mé leis an cáineadh a rinne Conchubhar Ó Liatháin (i bhfoirm grinn anseo) ar an bpobalbhreith a rinneadh fadscéal as le ceisteanna a fhoilsiú diaidh ar ndiaidh. Dá dheasca sin ní raibh na ceisteanna chomh tráthúil sin. Tá bunús freisin leis an méid a agraíonn sé faoi Tuairisc a bheith níos dírithe ar an ndlínse seo. Is trua sin, mar tá go leor rudaí suntasach ag tarlú i saol na Gaeilge ó Thuaidh. Tír Chonaill féin ní fhaigheann an oiread sin clúdach. Anois agus Goitse imithe is trua nach bhfuil Danny Brown ag scríobh do Thuairisc. Agus ba cheart go mbeadh iriseoirí atá lonnaithe san sé contae - agus tá go leor acu ann - ag soláthar ailt freisin.
Ba bhreá liom féin colún le dearcadh aontachtach Ian Malcolm a fheiceáil arís - ba láidreacht sin i Lá, sean agus nua.

Ach ar an mórgóir táim thar a bheith sásta le Tuairisc.

Is fíor go mbíonn a lán clúdach ar scéalta Gaeilge ann - ach tá sin riachtanach mar nach bhfuil siad á chlúdach sna mórmheán náisiúnta. Go deimhin, is Tuairisc.ie atá ag briseadh cuid de na scéalta faoin nGaeilge a foilsítear as Béarla ina dhiaidh. É seo mar shampla, faoi focloir.ie

Go raibh siad fada buan!

2014-11-19

Innealtóirí agus Mná!

Tharraing an Dr Matt Taylor achrann ar féin mar gur chaith sé léine gáifeach le mná as anime air agus é ag caint leis an Domhan faoi éachtaí Philae. Bhí stoirm Twitter ann dá bharr, agus ghlac sé leithscéal le deora ina shúile dá bharr. Anois, ní chaithfinn féin léine clúdaithe le mangarsacha i leathair le gunnaí agus fuipeanna. Agus is dóigh liom gur botún suntasach, easpa gairmiúlachta, ba chionsiocair leis a bheith ag caitheamh léine mar é ar ardán mar sin.

Ach mar innealtóir tá léargas áirithe agam ar an gcultúr a d'fhág caoch é ar an botún a bhí á dhéanamh aige. 

Bhí - sílim - 300 mac léinn a thosaigh ar an gcúrsa innealtóireachta liomsa i COBÁC fadó, fadó. Bhí fiche bean ina measc, ar a mhéid. Mórchuid de na fir óga, mo dhála féin, is as scoileanna aon-inscne a tháinig siad. Bhí siad ciotach dá réir ina gcaidreamh le mná (agus mór chuid de na mná ciotach freisin, iad nua éalaithe ó scoileanna clochar). Bhí cultúr "fearúil" ragairne ann. Agus fimíneacht a chuir as dom an uair úd agus fós - stail agus bullaí fir an fear óg a mheall mórán ban; ach ró fhial lena cuid a bhí bean a raibh cúpla buachaill aici thar tréimhse bliana. 

Chaith mé deich mbliana sa Ghearmáin, áit a mhothaigh mé go raibh leatrom inscne buanaithe. Ní dóigh liom gur oibrigh mé le mná in aon chor go dtí i dtreo deireadh, agus ansin féin is Sualannaigh ab ea iad. Bhí bean nó beirt sa rannóga eile. Bhí mná ag obair sa rannóg pearsanra cinnte, agus mar rúnaithe. Is cuimhin liom teicneoir mná amháin a bheith ag obair do chomhlacht traenach nuair a bhí mé ag obair ar thraein nua. Bhog sí ar aghaidh go dtí post eile a raibh airgead níos fearr ag dul leis. Chomh luath agus a rinne sí sin chrochadh na pictiúr de mhná nochta san oifig arís. (Ba chuairteoir mise, ní raibh deis agam ach mo dhrogall a chuir in iúl. Sheachain mé an oifig sin).

Ar ais in Éirinn, le cúig bliana déag anuas, bhí comhghleacaithe baineann agam - cúig nó sé ar a mhéid. Bhí mná mar bhainisteoirí agam ar feadh tréimhsí gairide.

Bheadh mo thaithí coiteann sa ghairm, shamhlóinn. Má tá rud neamh-choiteann faoi sé go raibh mé ag obair le agus faoi mhná!

Rud a fhágann cultúr fearúil go láidir i réim, agus gan deis ag fir caidreamh nádúrtha gairmiúil a chothú le mná. 

Fágann an easpa mná sa ghairm easpa eiseamláir do mhná óga. Na mná a bhíonn sa ghairm, caithfidh siad cuir suas le cultúr lofa. Fáinne fí. Fáinne fí nach gcabhraíonn seafóid fearacht an leabhar seo de chuid Barbie leis - a threisíonn an teachtaireacht go bhfuil rud éigin mí-bhanúil faoi innealtóireacht. Seafóid amach is amach atá ansin, ó tharla gurbh mná go leor de seanfhondúirí na gairme, ach a scéal ceilte mar gurbh i rith an chogaidh a shaothraigh siad (agus mar nach ndearna siad stocaireacht ar a son féin mar a níonn fir ró mhinic)

Lámh ar lámh le sin tá cultúr tocsaineach na cluichí agus na meáin a chuireann mangarsacha mealltacha  brollach ar leis romhainn ar gach deis - agus mura dhéanann, déanfaidh bean! éigin clamhsán mar a rinneadh an seo maidir le caidreamh ró ghairmiúil, saor ó dhrúis in Interstellar. Táím bréan bailithe de fhógraí ar leathanaigh idirlín a thaobhaím ag lorg eolas gairmiúil a chuireann mangarsach samhalta anime romham ag reic cluiche éigin. Sin nó mná Rúiseacha nó Áiseacha á reic liom.

Is gá do na fir fás suas, agus easpa aibíochta an chaithreachais a scaoileadh le sruth. Ní hacmhainn dúinn déanamh d'uireasa tallann, samhlaíocht agus scil na mban san innealtóireacht.

Níl mé cinnte conas is féidir an fáinne fí a réabadh, ach caithfear sin a dhéanamh.

Agus sin mo racht go n-uige seo!

2014-11-17

Tríd Prios Éadaigh agus Idir Theangacha

Chaith mé an Satharn sa chathair ag ócáidí éagsúla liteartha. Thosaigh rudaí amach le caint mar chuid de Fhéile Leabhar Bhleá Cliath - Idir Theangacha/Between Languages Anna Heussaff agus Antain Mac Lochlainn faoi agallamh ag Cormac Ó hEadhra.
Aistriúchán idir Gaeilge agus teangacha eile, go háirithe Béarla a bhí faoi chaibidil, agus na dúshláin ar fad a bhaineann le haistriúchán - an méid a chailltear ach freisin an méid is féidir a bhaint. Traduttore, Traditore a deir na hIodálaigh. (Tá aiste spéisiúil den teideal úd anseo:)
Mar is dual dó, bhí a chuid taighde déanta ag Cormac, agus mheall sé smaointe spéisiúla ar an ábhar ó Antain agus Anna.
Tá saothar dá cuid aistrithe go Béarla ag Anna - Buille Marfach - Deadly Intent. An ndóigh, is crann os coill é Antain i measc aistritheoirí le fada. Ghluais an comhrá siar is aniar go spéisiúil, le corr smaoineamh ón urlár freisin; thug Antain léiriú ar a cheird tríd an file Fiona Bolger a bheith ag léamh dán léi féin, agus eisean ag léamh a leagan; agus iad á léamh ansin arís líne ar líne. Léiriú a bhí ann ar idir buntáistí, buanna agus caillteanais an aistriúchán. Thug Anna roinnt samplaí de na dúshláin a bhain le tiontú a saothar féin - friotal a bhí galánta as Gaeilge ach amscaí as Béarla, agus arbh gá é chuir i bhfoirm nua as Béarla chun an n-íomhá a bhreith slán. Thug sí samplaí freisin den deacracht ar leith a bhaineann le Gaeilge a chur ar saothar do pháistí - deacracht breise i gceist mar nach mbíonn cumas léitheoireachta as Gaeilge forbartha céim ar céim lena n-aois - ceal deiseanna léamh. (Tig liom sin a dhearbhú ó mo thaithí léanmhar féin, ana dheacair mo mhic a cur ag léamh Gaeilge cé gur shlog siad carraigeacha móra leabhair as Gaeilge agus Gearmáinis)

Caint thar a bheith suntasacha bhí ann, mórán gnéithe clúdaithe.

Seoladh cruthúnas eile ar scil Antain i ndiaidh na cainte - An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh‏ - scéal cáiliúil C.S. Lewis do ghasúir. Thug Michael Cronin píosa bhreá cainte uaidh faoi Antain agus a shaothar - ainneoin é bheith imníoch faoi súile agus cluasa géara an eagarthóra! Dúirt Antain ar ball nach raibh sé ar dualgas, agus mar sin nár baol dó an rud a dúirt duine eile faoi - go dtagann "tensions" ina "declensions" ach a bhfeiceann sé Antain!

Anois duine mise atá tugtha le fada do shaothar C.S. Lewis, idir ficsean agus díonchruthaithe. Tá ionad buan ar mo leabhragán ag Croinicí Nairnia le fada, agus iad léite roinnt uaireanta agam ó chéad léigh mé iad agus mé i mo dhéagóir óg.

Tá áthas orm a dhearbhú go raibh pléisiúr ar leith a bheith ag léamh leagan Antain, ainneoin corr dris cosain Ultach a bhain tuisle as an deisceartach seo! Tá an tuin cuideachtúil scéalaíoch atá ag Lewis sa leagan Béarla tugtha slán trasna aige. Shamhlófá is tú ag léamh gur eachtraí atá ag suí taobh leat i suíochán compordach ag reic na himeachtaí corraitheacha duit. D'aimsigh sé an friotal agus fuigheall cuí do gach neach san scéal, agus ainmneacha oiriúnacha freisin. (Beidh dúshlán leis na hainmneacha sna leabhair eile, áfach - is beag ainm dílis san céad eachtra seo, téann siad i líonmhaire mar a théann na leabhair ar aghaidh)

Gheall Antain, ach é bheith saolach, an seacht leabhar a aistriú. Go raibh sé saolach, mar sin, agus cá bhfios nach gcromfadh sé ansin ar Gaeilge a chuir ar eachtraí Perelandra!

Tá an leabhar tiomnaithe ag Antain do Ghabriel Rosenstock, Ard draoi aistritheoirí Éireann, Más é Gabriel an ard draoi, m'anam ach gurbh é Antain an ard saoi.

An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh
C.S. Lewis a scríobh.
Antain Mac Lochlainn a chuir Gaeilge air.
An Gúm 2014
ISBN 9781857918885

2014-11-16

Rosenstrasse 1943

Mionsonra de dhealbh Ingeborg Hunzinger
Lá deiridh na Feabhra 1943. Beirlín le bheith glan ó Giúdaigh. An SS ag scuabadh daoine isteach i leoraithe. Stoc gunnaí len iad a bhrostú. Ceann cúrsa: aineoil. Seachtain dar gcionn. Sciar fillte. Lucht pribhléid. Arischversippt. I gcleamhnas le bean Gearmánach. Bhíodar in áit faoi leith. Tháinig a mná. D'éiligh a bhfear. Scread. Thóg gleo. Balla mná diongbháilte. Drogall ar an SS meaisínghunnaí a imirt orthu. Ghéill.

Aon eachtra i stair. Daonnacht ag baint a chreach den Tríú Reich. Sampla uaigneach. Sampla ar bheag eolas air.

Murach gur sheas mo nuachar mar chuspa don dealbh cuimhneacháin ...

Makaronik: good good


Chaith mé an lá inné ag imeachtaí éagsúla Gaeilge; ag críochnú mo lá san Project chun dráma Dave Duggan Makaronik a fheiceáil.

Bhaineas an shult as agus mé tumtha ann agus an díchreideamh ar fionraí. Anois i solas fuar an lae tá deacrachtaí agam cur síos cén fáth - is sceitse seachas pictiúr ola iomlán atá sa dráma gairid seo, smaointe á spreagadh sa lucht féachana seachas  scéal lán forbartha.

Diostóipe atá ann. Sa bhliain 2084 tá feidhmeannach sóisear - Makaronik - baineann, ach ladrann neodraithe i mbéarlagair na hImpireachta - i bhfothracha Béal Feirste, é de dhualgas uirthi taifid iomlán a dhéanamh den nGaeilge, na hiarsmaí a scrios agus na taifid a sheoladh chuig an Lár, mar a bhfuil Uaisle na hImpireachta. Tá na teangach á scrios, ag tosú leis na mór theangacha, mar go mhothaíonn an Impireacht faoi síor bhagairt uathu. Teanga nua atá ag lucht na hImpireachta - Empirish - nuachaint i stíl 1984 Orwell, foclóir laghdaithe agus comhréir íosta aige.
Sin is mó a labhraíonn an bheirt oifigeach - giota beag níos sinsearaí - Diarmaid agus Gráinne atá tagtha chun bailchríoch a fheiceáil curtha ar shaothar Makaronik. Braitheann Diarmaid ach go háirithe, ós é is sinsearaí, faoi bhrú mór. Tá botún éigin déanta ag an dís sa mhisean deireanach i Dacár.

Tá dóchas agam go mbeidh an dráma seo ar chamchuairt arís, mar sin tá rún agam iarracht a dhéanamh gan aon nod a mhillfeadh an phlota a sceitheadh.

Bíonn teannas idir an triúr de bharr mhí shocracht Dhiarmada, agus a amhras faoi an bhfuil Makaronik chomh simplí is a ligeann sí uirthi. (Níl). Cuireann sé as go mór dó go bhfuil amhráin mhacarónacha á canadh ag Makaronik. Laidin agus Béarla fite fuaite trína cuid Gaeilge.

Baintear  feidhm as an creatlach seo chun ceisteanna maidir le cumhacht, foréigean, grá, dílseacht, dualgas agus seachas rud ar bith eile, feidhm teangacha agus an féidir iad a mharú.

Bhí an seit deartha go samhlaíoch, mar a bheadh  bolg fothrach spás árthaigh, scáileán anseo agus ansiúd. Baineadh feidhm as na scáileáin chun fortheidil a léiriú a thug achoimre as Béarla ar an méid a bhí ag tarlú trí Ghaeilge - mórchuid den forbairt, as Gaeilge a tharla.

Tá lón machnamh sa dhráma. Tréaslaím a saothar le Bríd Ó Gallchóir agus Aisling Ghéar. Is trua gur chuir fadhbanna cumarsáide bac ar stocaireacht don dráma - bhí lucht féachana níos mó tuilte aige.

Makaronik: good good

Má bhíonn deis agaibh é fheiceáil, tapaigh é. (Tá an chamchuairt reatha thart)

2014-11-02

Krauts Mháirtín

Phioc mé suas an leabhar seo le Máirtín Ó Muilleoir sa leabharlann inné. Eachtraí triúir mic léinn Feirsteach  ar obair agus ar an ndrabhlás i mBeirlín na 1980í. Greannmhar, garbh, graosta. (Tráthúil go leor táim féin fillte le gairid ó seachtain gar do Bheirlín. Bhí cónaí orm ann ar feadh na 1990í, agus bhíos ar cuaird ann cúpla uair sna 1980í).
Tosaíonn an scéal amach an-mhaith ar fad agus mheall sé cúpla sean scairt gáire asam le nathaíocht chliste ag cur síos ar útamáil agus fantaisíocht na mic léinn, agus a gcaidreamh le chéile agus an dream thart orthu. Tá an cur síos ar aicmeachas agus céimleathas i measc lucht oibre Bheirlín an-chruinn de réir mo thaithí féin.  Ach tá an bogadh ag Gearmánaigh san scéal idir Beirlín Thoir agus Thiar mí-stairiúil; ní raibh sé éasca ag saoránaigh na cathrach bogadh siar agus aniar, agus caolseans go mbeadh daoine ón Oirthear ag obair Thiar ach i gcásanna fíor eisceachtúla. I dtreo deireadh tá an cuma air gur chaill Máirtín inspioráid agus plota - tá deireadh an scéil áiféiseach. 
Bheadh eagarthóir liteartha in ann, sílim, cabhrú leis an údar bailchríoch níos sásúla a chuir ar an scéal, mar tá cnámha scéil maith ann. Agus tá tabhairt faoi dearadh cruinn ann. 
Mholfainn an leabhar mar sin féin mar léitheoireacht éadrom (seachas do phiúratánaigh, ach ní thuigeann siadsan léitheoireacht éadrom pé scéal)

Krauts
Máirtín Ó Muilleoir
Coiscéim 1992