16 November 2014

Rosenstrasse 1943

Mionsonra de dhealbh Ingeborg Hunzinger
Lá deiridh na Feabhra 1943. Beirlín le bheith glan ó Giúdaigh. An SS ag scuabadh daoine isteach i leoraithe. Stoc gunnaí len iad a bhrostú. Ceann cúrsa: aineoil. Seachtain dar gcionn. Sciar fillte. Lucht pribhléid. Arischversippt. I gcleamhnas le bean Gearmánach. Bhíodar in áit faoi leith. Tháinig a mná. D'éiligh a bhfear. Scread. Thóg gleo. Balla mná diongbháilte. Drogall ar an SS meaisínghunnaí a imirt orthu. Ghéill.

Aon eachtra i stair. Daonnacht ag baint a chreach den Tríú Reich. Sampla uaigneach. Sampla ar bheag eolas air.

Murach gur sheas mo nuachar mar chuspa don dealbh cuimhneacháin ...

2 comments:

ormondo said...

An-spéisiúil. Is cuimhin liom gur chuala mé faoin éacht sin roinnt blianta ó shin. Aisteach go leor nach gcloistear níos mó faoi. Seans nach n-oireann sé don insint oifigiúil, ar bhealach éigin.


Agus tá do bhean chéile, mar a déarfá, verewigt. Conas mar a roghnaíodh mar chuspa í?

aonghus said...

Nílim cinnte. Bhí aithne aici ag a leor ealaíontóirí. An dealbhóir ina measc, sílim, agus d'óir sí don rud a bhí ina samhlaíocht siúd. Ag tús ár suirí a bhí muid an tráth úd, mar sin níl gach sonra agam.