04 December 2014

Ag Timireacht ar líne!

Táim i mo shíntiúsóir de chuid an Timire le traidhfil blianta, agus anois is arís tugaim lámh chúnta do na saorálaithe a bhíonn ag obair ar an Timire ⁊ ar leabhair de chuid Foilseacháin Ábhar Spioradálta - a bhfuil dornán dá leabhair ar mo leabhragáin freisin.

Sé an Timire an iris is sine as Gaeilge atá á fhoilsiú go leanúnach - eagrán gach ráithe ó 1911! Bíonn lón mhachnamh ann i gcónaí, idir ailt a scríobhadh dó agus ábhair aistrithe dó. Tá réimse leathan tuairimíochta ann - tá ailt léir agam a scríobh Joe Higgins, Trevor Ó Clochartaigh agus Rónán Mullen - clúdaíonn sin réimse leathan i bpolaitíocht na hÉireann! (Léiríonn freisin an rud a dúirt an Pápa nuair a fiafraíodh de an Daonlathaí Sóisialach é - go bhfuil lipéid mar míchuí, go chúngaíonn siad duine agus creideamh)

Bíonn stair, cráifeacht agus urnaí sna leabhair ó FS (bhí siad ró mhall ag glacadh seilbh ar an mbranda FÁS).

Aréir seoladh suíomh nua idirlíne agus athchló de leabhar thar a bheith tábhachtach - "An Bíobla do Pháistí"

Oíche thar a bheith taitneamhach a bhí. ann i Halla Foras na Gaeilge cé nach mór dom a admháil gur beag duine níos óige ná mé a bhí ann! (Tá sé i gceist ócáid eile a bheith ann amach anseo ag am oiriúnach do leanaí)

Chuir Máire Breatnach, Mick O'Brien agus muintir Mac Cába tús leis an oíche le roinnt ceoil. (Bhí mac liom ceapaithe seinm ach ghlac sé an seanfhocal úd faoi lúidín an phíobaire a bhíonn díomhaoin ró dháiríre, agus bhris an lúidín rud a chuir as an áireamh é)

B'í Bláthnaid Ní Bhrádaigh Bean an Tí, ag sníomh na míreanna le chéile go cliste.

Ray Mac Mánais is mó a labhair, cainteoir spreagúil a thug léargas cuimsitheach ar an suíomh agus a rinne ana chaint ar an mBíobla, le scéalta barrúla fite fuaite faoina thábhacht don creidmheach óg. (Fonn orm roinnt dá scéalta a reic. Amach anseo, seans).

D'aithris Aideen Mac Bride scéalta ón mBíobla. scéalta a insíonn sí ar scoil i mBaile Munna, bunaithe ar an leabhar a bhí á sheoladh - aistriúchán a rinne Donla Uí Bhraonáin sna 1980í ar "Lion Children's Bible". Buntáiste leis an gcur chuige sin ná go mbíonn na léaráidí ann; bhí Lion ag déanamh scata aistriúcháin an uair úd agus bhí na téacsanna le cuir sa leagan amach céanna. Bhí Donla ag rá go ndeirtear go mbíonn an Ghaeilge 11% níos faide más próis atá i gceist le hais an Béarla; gur fhág sin go raibh uirthi bheith gonta. Mar a tharlaíonn sé, tá cóip den gcéad cló agam a fuair mé (sílim) i siopa dara láimhe uair éigin. Tig liom dearbhú go raibh toradh a saothar fónta, fileata nádúrtha.

An Bíobla fotha saol an Chríostaí ar ndóigh; is ann a chuirtear aithne ar Íosa agus Dia. Deirtear go bhfuil an Tiomna Nua folaithe san sean Tiomna; agus an Sean Tiomna nochtaithe san Tiomna Nua. Tá réimse scéalta ón dá thiomna anseo agus iad feiliúnach don aois ghrúpa. Tá feidhm bainte agam astu cheana le'm iníon. (Ní raibh an leabhar agam agus mo mhic san aois cheart)

Fiú don ainchreidmheach tá tuiscint ar an mBíobla tábhachtach i gcultúr an Iarthar - is iomaí meafar as atá fite fuaite sa chaint. is fíor nach bhfuil an Bíobla chomh lárnach i litríocht na Gaeilge is atá sa Bhéarla nó sa Ghearmáinis, áit ar mhúnlaigh aistriú an Bhíobla an teanga scríofa.

Mar sin féin, sa bhreis ar an creideamh, is cuid de oidhreacht cultúrtha an Iarthair ar Bhíobla.

Is breá liom mar sin fáil éasca a bheith arís ar an eagrán seo!

No comments: