21 December 2014

Cainníocht nó Cailíocht?

Agus tionscadal leabhar na Gaeilge á phlé cloistear an tuairim go minic go bhfuil "barraíocht" leabhair á fhoilsiú, agus go mba cheart na hacmhainní teoranta a dhíriú ar líon beag leabhair d'ardchaighdeán.
 Tá an amhras orm faoin dtuairim sin. Tá dhá easpa mhór ar thionscadal na leabhair Gaeilge. An phríomheasnamh, foinse gach oilc, easpa léitheoirí. As laghad an mhargaidh sin a eascraíonn an dara easnamh, i. scríbhneoirí atá in ann am agus dua a chaitheamh le saothar. Fágann sin muid taobh le scríbhneoirí páirtaimseartha nó iadsan atá anois ar phinsean agus am acu dul le scríobh. Toradh ar sin an líon mór imleabhair caoil filíochta nó gearrscéalta ar mhargadh na leabhair Gaeilge.
 Is gá an fháinne fí sin a bhriseadh, ach conas?
 Léitheoir craosach mise.
 Ní de thaisme a tharla sin - bhí raidhse leabhair sa mbaile againn, agus líon mór eile i dtithe mo sheantuismitheoirí. As dream mé mar sin a raibh meas acu ar leabhair. Ach ní sin iomlán an scéal. Bhí leabharlann trasna an bhóthair uaim sa bhaile, agus tharraing mé air go minic. Ní raibh mórán leabhair Gaeilge ann ar ndóigh, agus is dócha gurbh an seal a chaith mé ar imirce sna 1990í a dhoimhnigh mo spéis sa nGaeilge agus i léamh na Gaeilge dá réir.
 Ach chuige seo atá mé - bhí líon mór leabhar ar fáil dom ag aois thábhachtach chun nós na léitheoireachta a bhunú agus a bhuanú - sna déaga luatha agus sna blianta roimhe sin.
Ansin atá Eachroim á chailleadh ag tionscadal na leabhar Gaeilge dar liom.
Is beag leabhar atá ar fáil don aois ghrúpa sin atá spéisiúil. Dá bhrí sin téann siad as cleachtadh Gaeilge a léamh; agus dá bhrí sin mothaíonn siad go bhfuil dua ag baint leis agus bíonn doicheall orthu dá réir roimhe.
Chuir sé arraing tríd mo chroí le déanaí nuair a dúirt m'iníon (8) go bhfuil léamh an Bhéarla níos fearr aici ná léamh na Gaeilge. Ach is eagal dom gurbh fíor di. Tá sí de shíor ag léamh leabhair faoi síoga as Béarla - tá sraitheanna de na leabhair seo ann, go bunúsach an scéal céanna á reic arís is arís le troscán difriúil. Is beag mo mheas orthu mar leabhair. Seachas seo - cuireann siad m'iníon ag léamh, roghnaíonn sí féin iad sa leabharlann, bíonn tóir aici orthu. Is deacair domsa dul in iomaíocht leis sin leis an dornán leabhar i nGaeilge a chuirim roimpi.
Chonaic mé an rud céanna le mo mhic - brící móra leabhair as Gearmáinis agus as Béarla á shlogadh acu, ach drogall roimh leabhar Gaeilge.
Tá an rud céanna tugtha faoi deara acu siúd a scríobhann don aoisghrúpa - bíonn orthu an chaint a shimpliú ach an t-ábhar a bheith spéisiúil. Is deacair an dá thráth sin a fhreastail.
Tuigim go bhfuil acmhainní teoranta ar fáil do leabhair Gaeilge. Tuigim gur gá bheith tíosach leo. Tuigim freisin do na foilsitheoirí a chaitheann am agus dua le beagán leabhar ar ardchaighdeán a fhoilsiú. Is maith ann iad.
Ach is gá féachaint chuige go spreagfar glúin úr léitheoirí, go gcuirtear réimse leathan leabhair spéisiúla - spéisiúil dóibhsean - faoin mbráid.
Tá na leabhair ann, cé go bhfuil cuid mhór acu as cló agus gan teacht orthu. Bheadh cuid acu seanchaite anois, agus an teanga iontu dúshlánach. Ach d'fheadfaí iad a chuir ar fáil.
B'fhiú go mór leabharlann a bhunú sna Gaeltachtaí dírithe ar leabhair Ghaeilge, go háirithe don aos óg, agus go mbeadh seirbhís ghluaiste ag an leabharlann sin ar fud na tíre.
Níl ach réiteach amháin ar cheist na leabhair Gaeilge. Léitheoirí a earcú!

No comments: