30 December 2014

Cloch ar Charn: Reiner Rolff

Baineadh stangadh asam le déanaí agus mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar mo shlí ar obair ar maidin: fógraíodh go raibh "Reiner Rolff, An Ghleann Mór, Dún Chaoin" imithe ar shlí na fírinne.

Nuair a chuaigh mé go Beirlín sna 1990í i dtosach ghlac mé ballraíocht i dtrúpa gasóga ar mhaith le aithne a chuir ar dhaoine a bhí níos giorra do m'aois ná mo chomhghleacaithe, a bhí ar fad roinnt blianta níos sine ná mé. Tharla mé i measc díorma a thug Stamm Normannen orthu féin, a bhain le eite den ngasógaíocht a raibh tionchar láidir ag na gluaiseachtaí óige idir na cogaí orthu chomh maith le gasógaíocht Bhaden Powell. Seachas patról ilaoiseach athraitheach mar a chleachtar abhus, is an fine (Sippe) a mbunaonad - grúpa dlúth d'aon aois. Tá sé de nós acu fanacht i dteagmháil le chéile i bhfad thar aois na gasógaíochta, rud a fhágann líonra taithí agus cairdeas ag na gasóga reatha, agus líonra cairdis ag daoine fásta. Mar sin chuir mé aithne ar scata duine spéisiúil. De bharr a gcultúr freisin bhí spéis acu i bhfinscéalaíocht agus amhránaíocht chomh maith leis na gnáth imeachtaí gasógaíochta. Is minic léargas rómánsach ag Gearmánaigh ar Éirinn, an cineál Éirinn a léirítear i nDialann as Éirinn Böll. Bhí an tréith sin sách láidir i measc an lucht aitheantais nua seo - ach bhí fear ar an dtalamh acu freisin.

Bhí Reiner Rolff tar éis bogadh go Dún Chaoin sna 1970í ach bhí teagmháil láidir fós aige leis an ngluaiseacht sa Ghearmáin, é ag feidhmiú mar machnóir agus fáidh acu.

Nuair a phós mé i 1994 bhí duine de na gasóga úd ag an mbainis ( a bhí abhus i mBaile Átha Cliath). Nuair a chuaigh sé go rabhamar ag caitheamh mí na méala i gCorca Dhuibhne, mhol sé go láidir dúinn cuairt a thabhairt ar Reiner ina dhíseart. Shúil muid lá ó Mám an Óraigh áit a raibh teach ar chíos againn, chomh fada le Dún Chaoin. Bhí oifig an phoist fós i nDún Chaoin an uair úd, agus chuir bean an phoist sa treo cheart muid chun an teach a bhí atógtha ag Reiner is a theaghlach a aimsiú.

Fuair muid tigín cluthar sa ghleann, le cosán chuige trasna féarach ó bhóthar an Chlasaigh. Chuir Reiner is a bhean Ingrid agus a mac Heiko fáilte is féile romhainn, agus bhí comhrá fhada spéisiúil againn. Thug siad anraith bhlasta féin-déanta as Samhadh dúinn. B'shin sin, eachtra fánach san saol.

Ach deich mbliana níos déanaí, muid fillte ar Éirinn, bhí muid ar saoire ag Trá na hInse. Chuaigh muid ar chamchuairt na leithinse, agus bhuail isteach arís ag Reiner. Bhí Ingrid imithe ar shlí na fírinne ó shin ach bhí Reiner is Heiko fós ann, fós ag dul don machnamh is don saoirseacht cloch! Ón uair deireadh a bhí mé ann bhí fine dá aitheantas ón nGearmáin tar éis teacht agus cineál Jurte a thógáil ar a thalamh. Sin an puball de chuid na steipe atá glactha chucu féin ag gasóga na Gearmáine. Seachas as éadach dubh is as clocha agus adhmad atá an ceann seo tógtha, díon adhmaid ar bhall íseal cloiche. Cloch ag an ndoras agus an siolla Om greanta air mar go raibh sé ceaptha bheith ina áit reacaireachta agus scéalaíochta.

D'fhill mé traidhfil seachtainí ina dhiaidh sin liom féin - bhíos théis bheith briste as mo phost i rabharta iomarcaíochta ag deireadh an saoire - agus chuala ann Micheál Ó Dubhshláine ag roinnt scéalta le rang scoile ón nGearmáin. Táim buíoch de Reiner freisin as mé a chuir in aithne do Mhicheál. Cuir muid amach scéal dá chuig faoi charraig an Ghiorria as Gearmáinis agus Gaeilge. Fuair mé deis tríd an aitheantas seo freisin Cáit Bab Feiritéar a chlos ag insint scéalta. Bhí togra eile le bheith ar na bacáin againn ach tháinig bás Mhíchíl agus stróc a bhuail Reiner i 2007 idir sinn agus a chur i gcrích.

Idir an dá linn bhí sé tar éis muid a chuir i dteagmháil le cara leis a bhí tar éis teach a athnuachan ar an mBaile Breac agus a bhí sásta é ligeann ar chíos do lucht aitheantais ar phraghas a chlúdódh na costais.  Is ansin atá muid ag triall ar saoire ar feadh coicís gach bliain.

Cé gur imigh an urlabhra cuid mhór ó Reiner leis an stróc bhí mé fós ag tabhairt cuaird ar, i dteach altranais sa Daingean i dtosach agus ansin san Ospidéal pobail. Bhraith mé teagmháil éigin leis an machnóir ainneoin na deacrachtaí.

Táim fíor bhuíoch dó as na comhráite thar na blianta agus as an nod a thug tearmann dúinn don saoire bliantúil. Aisteach go leor agus é chomh fada sa Ghaeltacht, ní dóigh liom gur shealbhaigh sé an nGaelainn riamh i gceart, cé gurbh cuid den bpobal é cinnte. Ach bhí meas aige uirthi agus ar an gcultúr. Bhí dánlann aige sa Daingean ar feadh seal agus chuidigh le roinnt ealaíontóirí teacht ar a bpobal. Bhí múrphictúir suntasach le duine acu - Bob Ó Chathail - san teach aige a bhí ina ábhar comhrá.

Bád seoil, fleur de lis (na ngasóg) ar an mBratainn bheannach ag seoladh i dtreo na gealaí lán agus Tiaracht roimhe. Gan duine ná deoraí le feiceáil ar bhoird. Spreagadh machnaimh do leithéidí Reiner a bhí sáite  i smaointeoireacht antrapasúnacht Steiner faoin duine is a cheangal le daoine eile is leis an dúlra.

Is saibhre mo shaol as na teagmháil fánacha seo thar na blianta. Suaimhneas síoraí go raibh aige.

(Tá feartlaoi eile as Gearmáinis anseo)

No comments: