Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-03-04

Anois teacht an Charghais...

...Beadsa i'm thost.

Mar is iondúil, beidh mé ag staonadh don gcuid is mó ó úsáid an idirlín seachas do chúrsaí oibre.

Slán go Cáisc!

Teip níos fearr

Is breá liom an Dánlann Eolaíochta.
Is iontach an lón machnaimh a chuireann siad ar fáil, agus ní taise don taispeántas reatha - Teip níos fearr - teideal a thagann ó gearrscéal de chuid Beckett, Worstward Ho:

All of old. Nothing else ever. Ever tried. Ever failed. No matter. Try again. Fail again. Fail better.
Marana ar an dteip, nó ar an rud a tugtar teip air atá ann, i ngach gné. Ach, mar a deir mana amháin atá ar an mballa acu:
Níl a leithéid de rud ann agus turgnamh ar theip air. Níl ann ach turgnaimh a raibh toradh gan choinne orthu.
Léiríonn samplaí áirithe de teipeanna san taispeántas "teip" ar tháinig bua as, mar shampla an dath  sintéiseach liathchorcra a d'eascair as sraith turgnamh chun rud eile ar fad a chuir ar fáil.

Taispeántas a chuaigh i bhfeidhm go mór orm féin ná an goradán a dearadh le páirteanna saora agus éifeachtacha don domhan i mbéal forbartha - ach nach nglacadh aos leighis leis mar nár fhéach sé i gceart. Meabhrú nach leor go n-oibreodh aireagán, caithfear glacadh a bheith leis ag na húsáideoirí!

Tugadh cuireadh do Jane Ní Dhulchaointí, tionscnóir sugru bheith ina coimeádaí don taispeántas, mar go bhfuil a aireagán sise bunaithe ar an bhfíric go dteipeann ar rudaí, ach nach sin deireadh an scéil.

Agus, mar shampla - an teip é nuair a leánn fiús? Cinnte, gan fabht áit éigin, ní theipfeadh ar an ngléas cosanta sin - ach is an teip a fheidhm, d'fhonn teip níos measa a sheachaint!

Ag deireadh an lae, níl aon duine nach dteipeann air ach an duine nach ndéanann aon iarracht!

Nó mar a deir leabhar na seanfhocal:
Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís;  (Sea 24:16)
Éirí arís, sin an eochair! Éiríonn go maith leis an taispeántais seo, agus go ghíceanna na litríochta ní hamháin go bhfuil lámhscríbhinn Beckett ann, móide a leasaithe  ach tá Fedora Bhrain Ó Nualláin ann, i gcomóradh ar a leabhar An Treas Phéas, a raibh gach cuma air gur teip a bhí ann, sa dóigh is gur lig Myles air go raibh sé caillte - ach atá anois ina bhunchloch i gcanóin a shaothar!

Má bhíonn deis agaibh, buail isteach! (Tá caifé deas ann freisin!)

Ní Ceadmhach Neamhshuim

Níl cuil, níl leamhan, níl beach
Dar chruthaigh Dia, níl fear,
Nach dualgas dúinn a leas,
Níl bean; ní ceadmhach neamhshuim
A dhéanamh dá n-imní;
Níl gealt i ngleann na ngealt,
Nár chuí dhúinn suí lena ais,
Á thionlacan an fhaid
A iompraíonn thar ár gceann
Ár dtinneas-ne ‘na mheabhair.

Níl alt, níl sruth, níl sceach,
Dá iargúlta iad, níl leac,
Bídís thuaidh, thoir, thiar nó theas,
Nár cheart dúinn machnamh ar a suíomh
Le gean is le báidhíocht;
Dá fhaid uainn Afraic Theas,
Dá airde í gealach,
Is cuid dínn iad ó cheart:
Níl áit ar fuaid na cruinne
Nach ann a saolaíodh sinne.
Seán Ó Riordáin

Nuacht an lae faoi chúrsaí suaite na hÚcráine, nach dtuigim agus go bhfuilim amhrasach faoin iontaofacht na nuachta, ach a chuireann imní mar sin féin orm, a mheabhraigh an dán seo dom.

2014-03-02

Forbairt gan Béarla?

I dtrácht ar an mhír deireanach agam dúirt Lawrence
D'fhéadfá a rá go bhfuil an Ghaeltacht tearc-fhorbartha, ar nós thuath na hÉireann ar fad. Ach le 30 bliain anuas, is í an fhorbairt a mheall an Béarla isteach arís agus arís eile; cuir i gcás na Forbacha. An crua-cheist: cén chaoi leis an nGaeltacht a fhorbairt gan comaitéirí ar bheagán Gaeilge a tharraingt isteach?
Is fíor dó ar ndóigh, agus uaireanta chuidigh Údarás na Gaeltachta leis an mealladh sin. Anois agus cúraimí pleanála teanga ar an Údarás freisin tá dóchas éigin ann go gcuirfear cúinsí teanga san áireamh i bhforbairt tionsclaíoch.  

Níl aon amhras orm ach go meallfaidh bóithre níos fearr breis Béarlóirí isteach sa Ghaeltacht, agus níl réiteach an Chadhnaigh - iad a chrochadh ar an sceach is giorra inmholta. Níl aon amhras orm go leanfaidh breis Béarla an banda leathan freisin, le leithéid na meáin sóisialta agus ach go háirithe an t-ábhar ar fad a bheidh ar fáil tríd seirbhísí fearacht  Netflix.

Ní mór a aithint go bhfuil an lámh in uachtar ag an Béarla san tionsclaíocht agus san teicneolaíocht faisnéise ach go háirithe.

Ní sin iomlán an scéil áfach. Féach gurbh as an mionlach a labhraíonn Sualainnis sa bhFionlainn Linus Thorvalds, ceannródaí Linux. Ísiltíreach - Guido van Rossum a d'fhorbair Python. Seapánach Yukihiro “Matz” Matsumoto, a d'fhorbair Ruby

Ní bac teanga eile ar mháistreacht ar an mBéarla. An dúshlán ná an Ghaeilge a fhorbairt ag cainteoirí dúchais sa Ghaeltacht agus lasmuigh, i mo leithéidí de chainteoirí athdhúchais, agus i measc cainteoirí líofa eile freisin.

Tá ról ag an gcóras oideachas ansin - is gá aithint go bhfuil cúrsaí art leith sa Ghaeilge de dhíth don gcainteoir dúchas agus líofa le hais an ghlan foghlaimeoir. Cúrsaí a ligfidh do Ghaeilgeoirí óga iad féin a thumadh san gcuid is fearr den litríocht agus a thabharfaidh dúshláin dóibh.

Is gá freisin dlús a chuir le hobair COGG chun go mbeidh na háiseanna teagasc cuí ar fáil as Gaeilge dóibh siúd atá ag fáil a gcuid meánscolaíochta inti - agus go mbeidh na háiseanna céanna ar ardchaighdeán seachas ina leaganacha bacacha den bunleabhar Béarla. (Bíonn na leabhair Béarla in úsáid go coitianta sna scoileanna ó mo thaithí féin)

Tá deiseanna eile ann áfach mar a léiríonn an sár cnuasach áiseanna atá á chnuasach ag Ciarán ⁊ a chomhghleacaithe ar an suíomh Nascanna.

Tá na dána digiteacha ag cuir leis na foinsí chun tochailt sa Ghaeilge freisin - mar shampla na suímh Logainm agus Dúchas. Tá ábhar do scoláirí Gaeilge ar fáil níos fusa anois a bhuí le leithéidí CeltCorpas an Acadamh Ríoga.

Mar sin, ainneoin go leanfaidh rabharta an Béarla, agus do dtreiseoidh an forbairt ar an rabharta tá dóchas agamsa go bhfuil deiseanna ann do curach na Gaeilge (agus naomhóg na Gaelainne) barr a bhaint as an rabharta eolais!

An Ríomhlóid abú!