Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-08-23

Comhaos í féin is an stát

Tá spéis curtha agam le déanaí arís i bprós agus filíocht Mháire Mhac an tSaoi - bhí An Paróiste Míorúilteach liom mar lón léitheoireachta ar mo shaoire ar na mallaibh. Mar sin, fuair mé a dírbheathaisnéis ón leabharlann, le súil agus go bhfaighinn léargas éigin ar foinsí a filíochta.
Cuimhní cinn teaghlaigh atá ann; agus is mós spéisiúil an teaghlach atá i gceist, a tuismitheoirí araon sáite in eachtraí bhunaithe agus buanaithe an stáit, agus an fulaingt as crá croí a héirigh as. A hathair Seán McEntee, a throid i 1916 agus a bhí lárnach i bhFianna Fáil (ach a d'iompaigh orthu nuair a tháinig na men in mohair suits chun cinn).  A máthair. A huncail Pádraig de Brún agus David a thóg an t-ainm Michael sa chreideamh agus a bhí ina Chairdinéal ar ball, agus ina chara le Pius XII go dtí gur éirigh míthuiscint eatarthu - scéal a insíonn Máire anseo le binb.
Cuimhní cinn atá anseo - scéal carntha ar scéal, eachtra ar eachtra. A grá láidir dá céile Conor Cruise Ó Brien ina snáth tríd (suntasach gur a hainm pósta atá ar seo, agus dris cosain dá réir dom agus mé á lorg). Trácht éigin ach fíricí ceilte ar an ngrá mídhlisteanach as a d'eascair Ceathrúintí Máire Ní Ógáin.
B'iad na dánta máithriúla i nGuth an Fhile atá agam an mo seinnteoir póca cuid mhór den chúis a chuir mé spéis i Máire Mhac an tSaoi arís - labhraínn siad leis an dtuismitheoir ionam - agus tá trácht thall is abhus ar eachtraí a spreag dán nó dhó ina measc. Tá cuir síos ann ar a gcaidreamh le iníonacha Conor óna chéad pósadh, agus an dá leanbh altrama - gorma - a d'uchtaigh siad nuair ba léir nach raibh páistí dá gcuid féin i ndán dóibh.
Is fiú go mór na cuimhní seo a bheith cnuasaithe, agus tá an chreidiúint ag dul do Michael O'Brien a mheall uaithi an saothar, agus leo siúd ar fad a chuidigh léi.
Mar sin féin, beidh mé ag fanacht fós ar an beathaisnéis a thugann léargas dom ar an bhfile - ar doimhniú a ceirde. Is beag de sin atá ar fáil anseo, cés móite do chorr thagairt do thaighde (agus eachtra tubaisteach a chur corr ina saol léinn ag a thús de bharr faillí duine eile).


THE SAME AGE AS THE STATE
The Autobiography of Máire Cruise O'Brien
Máire Cruise O'Brien
O'Brien Press
Crua :ISBN:9780862787998
Bog:ISBN:9780862788858
EPUB:ISBN:9781847175045

2014-08-19

Dráma ó Chorca Dhuibhne i mBaile Átha Cliath

Malachaí Mac Amhlaoibh, Áine Ní Mhuircheartaigh
agus Muiris Ó Fiannachta. Grianghraf le Gearóid Casey.

MISE, SUBHÓ AGUS MACCÓ


Daoine ar an imeall! Teanga ar an imeall! Dráma ar an imeall!

Beidh dráma aon-ghnímh leis an bhfile agus drámadóir clúiteach Biddy Jenkinson don teideal Mise, Subhó agus Maccó á léiriú sa New Theatre, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ar an 25ú/26ú/27ú de Mheán Fómhair ag 7:30i.n. Is iad Aisteoirí An Lab, lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne, atá á léiriú. Cé gur scéal tragóideach é seo faoi thriúr a mhaireann ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath, tá greann fite fuaite tríd, chomh maith le hábhar machnaimh.

Léiríodh an dráma in Amharclann An Lab ag tús na bliana agus bhí sé le feiscint i rith an tsamhraidh de bharr an éilimh a bhí air. Caitheann an dráma súil ghéar ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine gan dídean.  Níl éalú acu ón gcruatan ach isteach i réimse na samhlaíochta agus na miotaseolaíochta.  In ainneoin na constaicí agus na n-údarás, deineann siad gach iarracht aire a thabhairt dá chéile agus léiríonn siad meas nach beag don nádúr i lár na cathrach.

Dúirt Stiúrthóir Aisteoirí An Lab, Áine Moynihan faoin turas go Baile Átha Cliath: 
“Tá dian-obair curtha isteach ag foireann an dráma seo chun caighdeán ard léirithe a bhaint amach agus cé nach bhfuilimid mar chuid oifigiúil den bhFéile Drámaíochta is mian linn ár gcuid a dhéanamh chun cur le drámaíocht na Gaeilge sa chathair le linn na Féile. Tá ábhar an dráma seo tráthúil mar gheall ar an ngéarchéim a bhaineann le heaspa dídine na laethanta seo, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus ba mhaith linn cabhrú chun áird a tharraingt ar an bhfulaingt a bhaineann leis.”

Beidh ticéidí ar fáil ag  01 6703361 nó ag an doras ar €12/10.

Amharclann agus Ionad Ealaíon na Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí is ea An Lab.


Breis Eolais:
Áine Moynihan
Stiúrthóir Ealaíne,
An Lab, An Daingean, Co. Chiarraí
087-8546572
www.anlab.ie
www.facebook.com/LabAnDaingin

2014-08-17

Seoda na leabhair

Seod náisiúnta is ea Leabharlann Chester Beatty, atá anois lonnaithe i bhfoirgneamh ar leith i Caisleáin Bhaile Átha Cliath. Fear ab ea Chester Beatty a rinne ollsaibhreas sna mianaigh de bharr a scil iontu, agus a chaith cuid mór den saibhreas céanna ag bailiú lámhscríbhinní agus seoda ceardaíochta go háirithe ón Domhan Thoir. I dtreo deireadh a shaol bhog sé go hÉireann (bhí cáin ioncaim níos fabhraí anseo ná i Londain!) agus thug mórchuid dá chnuasach leis.
Ar feadh i bhfad bhí an cnuasach san teach a bhí aige i nDomhnach Broc, ach sa bhliain 2000 d'oscail an foirgneamh nua. Níor éirigh liom riamh cuairt a thabhairt ar an Leabharlann nuair a bhí sé lonnaithe i nDomhnach Broc ach tá scata cuairt tugtha agam ar san ionad nua. Fearacht mórán iarsmalainne, níl spás ach do chuid den ábhar, agus bíonn athraithe ann, agus léirithe speisialta freisin.
Ní nós liom páirt a ghlacadh i dturais - is fearr liom féachaint ar mo chonlán féin, ach bhí mé sa chathair inné agus bhí fhios agam go raibh turas as Gaeilge le bheith ann. Bheartaigh mé féachaint an gcuirfeadh sin le'm eolas agus taithí (agus ar ndóigh bhí cupán tae saor in aisce mar bhreab...)
Tá clár oibre fairsing forbartha ag an leabharlann atá spléach ar obair saorálaithe chun é a sheachadadh, agus is duine den na saorálaithe sin a chuireann an turas míosúil as Gaeilge ar fáil - Jack Fitzgerald. 
Cúigear againn a bhí ann an babhta seo (chuir a laghad daoine a bhí ann ionadh & díomá orm) agus thug muid aghaidh ar an taispeántas speisialta reatha, áit a bhfuil earraí ar leith roghnaithe do ghach litir d'aibítir an Bhéarla. Bíonn cuir síos ginearálta as Gaeilge san taispeántas buan, ach ní raibh anseo - mar sin bhí breise luach dom leis an mbreis eolas a roinn Jack orainn san teanga is ansa liom! Is deas freisin tuairim dhuine eile a chlos faoi seoda mar seo, agus eolas sa bhris ar na nótaí a fháil, gan trácht ar an ndeis ceist a chuir! 
Tar éis dúin cupán tae a bheith againn san proinnteach iontach atá ann (Bóthar na Spíosraí, agus is cumhra spíosrach a bhí an áit) d'fhill muid chun féachaint ar pháir ársa san taispeántas buan - Dánta Grá ón Éigipt atá trí mhíle bliain d'aois, agus Soiscéal agus giotaí eile ón mBíobla ó fíor thús ré na Críostaíochta.
Tá cáil ar na dánta grá - tá leaganacha Béarla ar fáil anseo:

Mholfainn go mór do dhaoine an deis a thapú an turas seo a dhéanamh - dar leis an bhféilire anseo beidh deis arís ar an 13ú MF agus an 18ú DF um a dó.

Buíochas arís, Jack, as an léargas ar leith!

A Bhean Óg Ón

Ar chúpla cúis tá spéis i saothar Máire Mhac an tSaoi athmhúscailte ionam le deireanas. Tá a nóibhille A Bhean Óg Ón ar mo leabhragán le blianta. Sílim gur léigh mé cheana é, ach níl cuimhne beacht agam air. Ach de bharr a bhfuil léite agam ó shin sílim gur mó sásamh a bhain mé as an babhta seo pé scéal.
File mór de chuid Iarthar Duibhneach é Piaras Feiritéar agus tá roinnt dánta grá cúirtéiseach dá chuid a bhaineann le Meg Ruiséal.
San úrscéilín seo samhlaíonn Máire Mhac an tSaoi eachtra ina dtagann Piaras i gcabhair ar Mheig. De bhrí gurbh de na huaisle an dís, agus iníonacha na n-uaisle ach go háirithe ina gceithearnaigh i gcluiche na dTithe Móra um maoin agus tionchar, tá polaitíocht agus uisce faoi thalamh na linne léirithe san scéal, agus gnáth eachtra gaisceoireachta freisin. 
Leabhairín bheag thaitneamhach, bunaithe ar an stair agus fáiscthe as filíocht Feiritéar (mórán mar atá scéal Ghearóid Iarla as a chuid siúd).
Cúpla uair  a chloig sonas is só le baint as cinnte.

A Bhean Óg Ón….
Máire Mhac an tSaoi
Cló Iar-Chonnachta 2001
ISBN 1902420500

Binneas bronnta ar Ghuthanna Síoraí

Cathal Quinn agus Clódagh Nic Gabhann
(Cóipcheart Kevin Abosch)
D'fhreastail mé inné ar ar leagan drámata de saothair ó fhilíocht Heaney, Yeats agus Beckett triúir file Éireannacha a bhfuil duais Nobel bainte acu; beirt acu as filíocht as Béarla, duine acu a scríobh an chuid is mó dá shaothar as Fraincis.

Guthanna Binne Síoraí is ainm don taibhiú faoi stiúir Tristan Rosenstock.

Roghnaigh siad sleachta as an bhfilíocht chun taibhiú trí mhír a chruthú - faoi na teidil An Óige, Suirí agus Lánúnas, agus Críonnacht. Sin, ar ndóigh céimeanna an bheatha, agus mothúcháin uilíocha bainteach leo.
Ní raibh mé in Amharclann na nAisteoirí i Coláiste na Tríonóide roimhe; spás deas atá ann, agus bhain siad feidhm ana mhaith as. Tá dearadh simplí ach éifeachtach cruthaithe ag Zia Holly - Crann (na Beatha?) mór déanta as rópaí; Cathaoir luascáin ar chlé, agus cliabhán ar dheis.

Megan Kennedy agus Clódagh Nic Gabhann
(Cóipcheart Kevin Abosch)
Beirt aisteoir, damhsóir agus an ceoltóir Enda Reilly a thugann beatha don bhfilíocht - na leagan bunaidh agus aistriúcháin Gabriel Rosenstock.
Níl mé eolach ar theanga na rince, ach caithfidh mé admháil, fiú do mo leithéidí d'aineolaí chuir an damhsa béim ar leith ar focail na bhfilí, atá fáiscthe as an dtaithí uilíoch daonna, a aimsíonn macallaí i gcroíthe mórán gach daonnaí.
D'oibrigh an chliar go héifeachtach as lámha a chéile, damhsa, urlabhra, gothaí agus ceol Enda Reilly ag fí taipéis shaibhir a chuaigh i bhfeidhm go mór orm.
Tá an léiriú reatha thart, ach tá mé cinnte go mbeidh deiseanna eile an seó a fheiceáil - go deimhin creidim go raibh sé le feiceáil thar lear cheana, agus go mbeidh arís.
Is beag m'eolas ar fhilíocht na triúr, (agus ar mhaithe le mo leithéidí d'ainbhiosán tá liosta de na dánta sa chlár) ach tá mo dhóthain aithne agam orthu gur aithin mé na guthanna éagsúla s'acu - guthanna áfach a rinne chomhcheoil éifeachtach san taibhiú seo.
Má bhíonn deis agaibh é bhlaiseadh, tapaígí é!

Tá breis eolais anseo:

2014-08-10

Athchuairt ar an gCléireach



Tá sé roinnt blianta anois ó chéad léigh mé An Cléireach. Bhí allagar faoi ar na mallaibh ar Twitter agus luaigh Marcas gur mheas sé é a bheith ró dhlúth, rud nár thuig mé go hiomlán. Anois agus an leabhar athléite agam, tuigim níos fearr an rud a bhí á mhaíomh aige.
Cé gurbh é Cléireach an teidil an snáth a choinníonn bréidín an scéil le chéile tá scéalta eile na linne fite fuaite lena scéal; agus cuid mhór acu léirithe in eachtraí a a insítear dó féin le linn oíche scéalaíochta nó ar ball mar thuairisc. Tá roinnt gearradh obann ama san scéal, siar agus aniar i saol an Chléirigh, agus roimhe fiú.
Scéal a thosaigh roimh a ré, agus a theagmháil leis, i measc na scéalta, scéal faoi lámhscríbhinn ársa agus an te ar thit mar oidhreacht air cúram a thabhairt dó, agus na castaí ina chinniúint a tharla dá bharr.
Ré an tAthrú Creidimh atá i gceist, agus bhí torthaí thar athrú creideamh amháin i gceist leis sin. Buille mharfach ag ea Imeacht na nIarlaí don aos dána Gaelach, agus don gcóras iomlán a bhí ina mheascán idir feodachas na Normannach agus córas aicmeach léinn is gairm na nGael.
Tá Cléireach an teideal idir na sean uaisle agus a n-aos dána agus an dream atá anois ag teacht faoi bhláth beag beann ar an sean reacht, ach a bhfuil ómós acu don sean reacht go pointe.
Tá Darach Ó Scolaí ina mháistir paiteanta ar an riail gan insint dúinn cad atá ag tarlú, ach é a léiriú dúinn. Tá an teannas agus na fórsaí a d'imir ar na daoine a mhair tríd an ré fhuilteach cogaíoch sin, cogadh a d'fhág an Eoraip ar fad ina bhlár chatha, le mothú anseo. Léiriú arís eile go bhfuil dán agus stair na hÉireann fite fuaite le dán na Mór Roinne, léargas atá caillte cuid mhaith abhus.
An teist ar leabhar atá ann gur féidir é a athléamh, agus mór sásamh a bhaint as. Rud atá fíor faoin leabhar seo.

An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac
ISBN 978-0-898332-33-9

2014-08-09

Comhlánú le dónna agus an lúb nár lúb!

I rith na seachtaine chuir fabht sa bhogearra atáim ag obair leis mearbhall orm. Píosa cód a bhí profa, dar liom, agus a d'oibrigh. Ní raibh i gceist ach lúb simplí - ceithre treoir simplí san teanga díolama nach raibh le déanamh aige ach luach áirithe a scríobh isteach sa chuimhne go réimsí seoltaí. Bhíos lán chinnte gur oibrigh sé, bhí sé profa agus athphrofa agam, ach faoi chúinsí ar leith - ag glanadh réimse cuimhne ar chrua earra nua, ní raibh an beart á dhéanamh.

Seo a bhí le déanamh:
1) Méadaigh an seoladh de focal amháin
2) Scríobh an luach go dtí an seoladh
3) Cuir i gcomparáid leis an seoladh deiridh
4) Más lú ná an seoladh deiridh é, fill ar 1.

Ar chúis nár thuig mé ar feadh i bhfad bhí céim 1-3 ag tarlú uair amháin, ach ní raibh an lúb ag filleadh. Bé 0x60000000 an tús, agus 0x80000000 an deireadh, ar ríomhaire 32 giotán. Faoi dheireadh, bhuail splanc tuisceana mé - bhí an comparáid á dhéanamh amhail is do mba slánuimhreacha le sín a bhí i gceist - ach ba cheart go mbeifí ag caitheamh leo mar slánuimhreacha gan sín. San córas comhlánú le dónna a bhaintear feidhm as le ríomhairí, tá 0x80000000 diúltach, agus dá bhrí sin níos lú ná 0x60000000.
000 0 0
001 1 1
010 2 2
011 3 3
100 4 -4
101 5 -3
110 6 -2
111 7 -1

Léiríonn an tábla an córas le 3 giotán.Is féidir 8 uimhir a chuir in iúl le 3 giotán; más slánuimhreacha gan sín a úsáidtear, tá 0..7 ar fáil. Ach bíonn uimhreacha le sín de dhíth. An buntáiste a bhaineann leis an gcóras comhlánú le dónna ná go n-oibríonn suimiú agus dealú beag beann ar an sín.

Is éard is brí le comhlánú le dónna (nach fíor comhlánú atá i gceist leis) ná 0 agus 1 a bhabhtáil agus ansin 1 a chuir leis.

Mar shampla - 2 = 010b.
Comhlánú le haon: 101b.
Haon a chuir leis sin: 110b.

Feicfidh sibh go bhfuil 1 in san giotán is mó luach i gcónaí d'uimhir diúltach, agus náid d'uimhir dearfach. Is mór an áis é sin. (ach tá gaiste eile ann freisin, nuair a tharlaíonn síneadh síne nuair nach mbítear ag súil leis - mír eile do sin amach anseo!)


2014-08-07

An bhfuil ré an Náisiún Stáit thart?

Tá cuimhneachán agus comóradh ar an chéad cogadh bharbartha faoi lán seoil faoi láthair. Cogadh idir impireachtaí ab ea sin, agus réabadh na himpireachtaí a cailleadh as a chéile - an Ostair-Ungáir agus an Tuirc ach go háirithe, agus go pointe an Rúis. Tá fréamhacha cuid den na coimhlintí atá linn inniu san réabadh sin, a bhí faoi thionchar láidir idé an stáit do gach náisiún. 
Cé gur fheil an mhúnla sin go pointe san Eoraip, bhí grúpaí suntasacha creidimh agus teanga a fágadh ar an dtaobh mícheart de na teorainn nua - fiú gan na pobail scaipthe fearacht na Giúdaigh agus na Gearmáiniseoirí cathrach a chuir san áireamh. 
Chomh maith leis sin, is minic gur bhog fearann pobail rud a fhág pobal eile lonnaithe in áit a raibh tábhacht aige do phobal eile - Gort na Lon Dubha do Seirbiaigh abair, ach atá anois i seilbh Albánaigh.
Ach is san Meán Oirthear, a bhí ina thaipéis saibhir de phobail ilchreidmheacha, il-eitneach a rinneadh an dochar is mó, le teorainn saorga - línte ar mhapaí tarraingthe ag na himpireachtaí buacacha faoi Comhaontú Sykes Picot.
Tá an scéal ina phraiseach san Afraic freisin, áit atá na stáit bunaithe ar an méid talún ar éirigh le amhantraithe ón Eoraip sciobadh, le nó gan údarás impireachta mar thaca acu. Beag beann ar threibheanna, creideamh ná náisiún na háite.
Eascraíonn cuid mhór de choimhlintí an lae inniu as daoine is pobail a shíleann iad féin a bheith san Stáit mícheart - sin nó dream eile ag iarraidh iad a dhíbirt chun stáit íonghlan aon-eitneach aon-chreidmheach a chruthú.
Rinne Eoin Pól II, ina leabhar, "Cuimhne agus Féiniúlacht" idirdhealú thábhachtach - idir "náisiúnachas" a chuireann náisiún an náisiúnaí fhéin chun cinn ar aon dream eile, agus "tírghrá", a éilíonn na cearta céanna do gach náisiún.
Fearacht an teaghlach, feictear dom gur buan-chuid de féiniúlacht an duine an náisiún a mhothaíonn sé páirt a bheith aige ann.
Is beag duine a bheadh ar aon fhocal le MacMorris in Anraí V
Of my nation? What ish my nation? Ish a villain and a basterd and a knave and a rascal. What ish my nation? Who talks of my nation?
Ach an gcaithfidh an polis a bheith bunaithe ar náisiún?
Tá frithshampla éifeachtach ann i lár na hEorpa - an Eilvéis. Ceithre teanga, an iliomad treibh agus creideamh agus iad go síochánta le chéile ó na meánaoiseanna. Cuid de rún s'acu sílim ná rialtas fíor láidir fíor daonlathach áitiúil.
Is gá do polis an aois seo  an oiread agus is féidir a fhágáil faoi chomhair na gcomharsan. Gan amhras, tá oll-chomhlachtaí ilnáisiúnta le cumhacht thar na bearta eacnamaíochta. Tá gá mar sin le gnéithe den pholis atá in inmhe riail an dlí a chuir i bhfeidhm ar a leithéidí.
Is gá spás a chruthú do mhianta náisiúnta daoine freisin.
Fuair an Eaglais Chaitliceach cuid dá struchtúr riaracháin - deoisí agus paróistí abair - as fothracha na hImpireachta Rómhánaí.
B'fhéidir gur féidir leis an polis nua aimseartha foghlaim ón Eaglais - tá struchtúr eile inti, fearacht na hOrd Rialta atá scaipthe tríd an domhain; agus baill na hOrd céanna freagrach don Easpag áitiúil ar cheisteanna áirithe, agus dá gceannasaíocht féin ar cheisteanna eile.
Seans go bhfeadfaí struchtúr cónaidhmeachta a bhunú ar samhail dá leithéid, le ceisteanna áirithe faoi smacht aonad tíreolaíochta, a mbeadh pirimid acu ann leis an méid is mó coimhdeachta is féidir, agus ceisteanna cultúrtha faoi aonaid roghnaíocha a mbeadh duine cláraithe leo mar bhall de náisiún?

Agus sin mo racht go n-uige seo.

2014-08-04

Mac Grianna an Bhéaloidis

Níl fhios agam níos mó cár phioc mé suas cóip de "An Grá agus an Ghruaim" ach tá fianaise áirithe ar an leabhar gur i siopa dara láimhe a fuair mé é. I dócha gur cheannaigh mé moll leabhair eile leis mar is cosúil nár léigh mé ó shin é. Ach chuala mé dráma ar Raidió na Gaeltachta faoi Seosamh Mac Grianna ar na mallaibh a spreag mé chun léitheoireachta agus bhí an leabhar i measc na leabhair a chroch mé liom ar saoire. Leabhar scoile atá san eagrán atá agam (fianaise láidir ansin go bhfuil an cúrsa éirithe ana bhog ó shin!) ach níl an oiread sin dochar déanta don leabhar buíochas le Dia - tá an ghráin agam ar leabhair smeartha.

Gearrscéalta atá anseo - cuid mhór acu lonnaithe i Rann an Feirste agus cosúlachtaí idir na téamaí agus na téamaí i scéalta a dheartháir Máire - ach an reacaireacht an éagsúil, gan a bheith maoithneach. Tá idir grá agus gruaim anseo cinnte, ach tá daonnacht domhain ann, ainneoin duairceas a bheith ann freisin.

Tá scéal ó ré eile ann freisin "Creach Choinn Uí Dhónaill", agus seo buaic an leabhair domsa. Shamhlóinn go bhfuil ábhar scannáin den scoth ann. File maslaithe a bhaineann díoltas amach trí saighdeadh faoi comharsa cumhachtach chun creach a dhéanamh ar an taoiseach a mhaslaigh é, dar leis - ag baint feidhm as a chuid filíochta agus a thuiscint ar shíceolaíocht an taoisigh. Bean álainn a rinne iarracht roimh ré an masla a réiteach ach ar theip ar a hiarracht - ach nach ngéilleann don teip agus a úsáideann a tuiscint féin ar mheon an taoisigh chun an cealg a bhaint as craos agus mórtas. Féile, troid, creach, éalú, capaill, con ... agus filíocht agus cainteanna láidre.

Tá athnuachan déanta ar mo spéis sa Ghriannach agus rún daingean agam Mo Bhealach Féin a athléamh agus iarracht eile a dhéanamh tabhairt faoi Dá mBeadh Ruball ar an éan.

2014-08-03

Cérinneachán éadrom éifeachtach

Ar chúis éigin shleamhnaigh sé o'm chuimhne gur fhógair Seán go raibh gála eile dá shraith foilsithe. Ar amhraí an tsaoil luigh mo shúil air agus mé sa Chafé Liteartha le déanaí agus chroch mé liom le léamh é.
Dúirt Seán tráth ná gurbh é an sprioc atá aige ná léitheoireacht éadrom a chuir ar fáil a ghiorródh turas eitleáin cúpla uair a' chloig.
an sprioc sin go paiteanta. 
Scéal bleachtaireachta a thosaíonn amach in Éirinn ach a mbíonn corra agus castaí ann, chomh maith le corr bóthar chaoch - a tharraingíonn tíortha thiar agus thoir isteach sa scéal - máille stair déanach na hÉireann agus a thionchar ar SAM freisin. Agus corr eachtra collaíochta ... 
Ceann don trá, nó go deimhin don eitleáin. Tá an scéal inchreidte go maith dar liom agus lasmuigh de chorr bhotúin deasc-eagarthóireachta ("urlár dara" in áit darach; "Conair" in áit siúlán cúpla uair) snasta. Gluaiseann an scéal go gasta. D'alpfá siar é!
Toisc gur cérinneachán atá ann, níl i gceist agam aon rún a sceitheadh.


Seán Ruiséal agus na Corpáin ar Shiúlán na hAille
Fhoilsitheoir: Coiscéim
Údar: Seán O'Connor
ISBN 10: 6660012130313

(Is ait liom nach bhfuil an ceann seo ag litríocht!)

2014-08-02

Deilginis

Eagraíonn na Cnocadóirí siúlóidí gairide tar éis obair ar an Déardaoin i rith an tsamhraidh. Níor éirigh liom freastal ar mórán siúlóidí de chuid na Cnocadóirí le scaithimh anois ach Déardaoin seo chaite bhí turas go hOileáin Deilginise eagraithe agus thapaigh mé an deis. Bhí mé ar an oileáin uair amháin cheana ach tá sin níos mó ná scór bliain ó shin anois. Shíl mé nach raibh bád farantóireachta ann níos mó, ach is cosúil go ndearnadh feabhas ar an pointe tuirlingthe ar an Oileán d'aon uaim chun deis a chruthú. Tá bád ann le linn an samhraidh chun an caolas idir Cuan na Coille Móire1 agus an Oileán a thrasnú. Bhí scata maith againn ann, agus bhí ar an mbád cúpla turas a dhéanamh.
Níl cónaí ar bith ar an Oileán níos mó ach tá cúpla fothrach ann. Séipéal ársa - ón 10ú aois - ach an cuma air go athraíodh go teach cónaithe ag tráth éigin é - tá tinteán ann. Le linn aimsir Napoleon tógadh túr Martello ann agus freisin batair trí ghunna. Is cosúil go bhfuil túr Martello Dheilginis eisceachtúil mar nach raibh cónaí ar na fairtheoirí ann - bhí lóistín san foirgneamh ina raibh an bataire. Tá doras an túr iata anois agus gan teacht air. Ach is féidir féachaint isteach ina bhfuil fágtha den bataire.
I seilbh na bhfaoileáin, coiníní agus gabhair atá an Oileán thairis sin. Chonaiceamar a lán coiníní - ina measc cinn iomlán dubh. Tá tuairim agam gur ó peata coinín a shíolraíonn na cinn dubha, ach n'fheadar cad d'fhág ar an oileáin iad!
Áit deas ciúin suaimhneach atá ann chun uair nó mar sin a chaitheamh - cé go bhfuil tú buailte suas leis an gcathair, d'fhéadfá bheith amuigh ar an iargúil!

Lagshiúleach leithscéalach

Aireagail Gallarus
Chaith muid an ghnáth-coicís thiar in Iarthar Duibhneach le déanaí. Go hiondúil bíonn deis agam Cnoc Bréanainn a dhreapadh. I mbliana bhí fúm siúl ó Clochán Bhréanainn aduaidh go dtí an Baile Breac. Ach nuair a bhí uain agam siúl ní raibh an síon oiriúnach - ceo agus ceobhrán.
Níor éirigh liom ach dhá dreas siúlóide a dhéanamh - Cosán na Naomh ó Ceann Trá babhta amháin, agus ansin thart ar chuan an Daingin chomh fada leis na Clocha Oghaim i mBaile an tSagairt.
Is ar bhóithre nó bóithríní glasa is mó atá Cosán na Naomh, agus ní sin an siúl is ansa liom.
Ach tá sé de bhuntáiste ag siúl mar seo gur beag an baol ón aimsir! Tá roinnt ionad seandálaíochta fán mbealach, Gallarus agus Cill Maoilchéadair ina measc.

Capaill agus Caisleán Gallarus as chúlra
Cloch oghaim Cill Maoilchéadair
Eaglais Cill Maoilchéadair
Cearc Breac
Bíonn bláthanna fiáine le feiceáil go fairsing agus iad faoi bhláth an tráth seo den mbliain. Ar an mbóithrín glas idir an Leataoibh Beag agus an Leataoibh Meánach bhíomar ag siúil idir sceacha fiúise agus dord na mbeach (agus feithidí eile a chuir as do mo mhac) le clos go láidir. Bhí tús an ghiota seo ian dhraoib ar fad, ach ós gá do feirmeoirí a gcuid fearais a thabhairt go dtí na goirt, níl fhios agam an bhfuil réiteach ar sin.
Idir Cill Maoilchéadair agus Corr Áille trasnaíonn an chosáin Rinn Chonaill. Bhí magairlíní le feiceáil go flúirseach ansin. Siúlóid thaitneamhach atá ann, agus marcáilte go maith.