13 October 2014

Cráite ag turscar

Tá maidhm tráchtanna turscair ag teacht isteach, mar sin tá tráchtanna múchta agam go fóill.

11 October 2014

Tionscadal Bob Marley - Pictúirí

Le caoinchead Jim Berkeley agus IMRAM. Gliogáil le méadú.








Nuachtseirbhís mar a tuairisc?

Faoi dheireadh thiar thall seoladh Tuairisc.ie an tseachtain seo. Bhí go leor cainte roimh ré faoi "dhá seirbhís ar aon uair" mar go bhfuil seirbhís ag RTÉ. Bhíothas ag maíomh go mbeadh dúbláil i gceist. Ní fheicim gurbh amhlaidh sin; ar an gcéad dul síos is scéalta beaga nuachta amháin a bhíonn ag RTÉ. Ní mór dom a rá go bhfuil an díomá orm féin leis an seirbhís sin, agus is beag feidhm a bhainim as. Ar maidin ar na slí chun na hoibre a bheadh fonn orm nuacht a léamh, ach ní bhíonn aon scéal nua as Gaeilge acu. Seirbhís 12/5 seachas 24/7 atá ann. Ní thuigim sin mar go mbíonn feasacháin nuachta ag RTÉ RnaG um a 7 ar maidin, agus Nuacht as Gaeilge ar RTÉ Raidió 1 um a deich istoíche; réimse i bhfad níos leithne ama ná mar atá ar an suíomh. Ní fiú dom  bheith ag léamh rudaí ar an suíomh atá cloiste agam ar an raidió. (Meas sibh an bhfuil réiteach mo cheiste, nó nod faoi san alt seo ar Tuairisc.ie?)
Maidir le Tuairisc.ie, léigh mé sciar mhaith de ar mo fón póca Déardaoin díreach i ndiaidh a sheolta.
Bhí mé ar an mbus abhaile, agus fíor sásta go raibh sé soléite go maith ar mo scáileáin bheag agus go raibh cnaipe ann le scéalta a scaipeadh le Twitter! 
Is deacair breith meáite a thabhairt an fiúntas an togra bunaithe ar an gcéad eagrán amháin. Bhí faill ag foireann Tuairisc snas a chuir ar sa chúlra agus iad ag ullmhú don seoladh. Bheinn ag súil le sár céad eagrán mar sin, agus ar an mórgóir táim sásta gurbh sin a fuair mé. Tá cuid de na scéalta nuachta pas beag gearr, sílim. Níl aon lucht ar na haltanna anailíse áfach agus ardaíonn sé mo chroí leithéidí Alex Hijmans a bheith ag tuairisciú arís do foilseachán nuachta Gaeilge. Tá daoine fónta ó laethanta Foinse ag  colúnaíocht ann freisin.
Tá mós sásta freisin go bhfuil spás á chuir ar fáil do scríbhneoirí Gaeltachta fearacht Joe Steve Ó Neachtain.
Ana smaoineamh is ea úrscéal a fhoilsiú ina ghiotaí, agus léite, i Rannóg na bhFoghlaimeoirí.
Agus tá físeáin Ar Son na Cúise iontach ar fad.
Conchubhar sách géar ina léirmheas féin orthu ach tá bunús lena ghearáin maidir leis na sé contae. Maith go leor, tá saineolas ar leith ag Póilin Ní Chiaráin ar chúrsaí ó thuaidh - ach sílim gur amharc aneas atá i gceist, ag míniú "iad siúd" dúinne ó dheas. Tá gá leis sin cinnte. Ach tá cainteoirí laethúla i mBéal Feirste, Doire agus an Srath Bán, agus go deimhin fud fad na sé contae. Is fíor go bhfuil cúpla scéal "Gaeilge" ag Robert McMillen ann freisin. Ba mhaith liomsa áfach léargas ó leithéidí Ian Malcolm agus Eoin Ó Néill a fheiceáil freisin - daoine atá fáiscthe as an saol ó thuaidh.
Tá bunús freisin le pointe Conchubhar faoin easpa nascanna  - peaca marfach sin ar suíomh ar líne! Tá beagán imní orm go bhfuil deighilt idir an fhoireann theicniúil agus na hiriseoirí. Ba cheart go mbeadh iriseoirí ar suíomh ar líne in ann nascanna agus araile a chuir lena n-ailt féin gan stró.
Tá cúpla mion ghearáin theicniúil agam féin - Is cosúil go bhfuil fotha RSS nasctha leis an suíomh Tuairisc.ie ach theip orm é a chuir le mo léitheoir netvibes - níl an fotha ag freagairt. Níl logánú iomlán ceart déanta ar an suíomh ach oiread - cur nath fágtha i mBéarla. (Sheachnóinn an focal "úrnua" freisin nuair is "is déanaí" atá i gceist. I saol an idirlín, níl scéal ó inné - ná ó dhá uair a chloig ó shin - "úrnua"). Bhí moladh fiúntach ag Caoimhe Ní Laighin ar Cormac ag a 5: go mbeadh foghlaimeoir in ann feidhm a bhaint as a luch chun ciall focail a aimsiú; le Foclóir Uí Dhomhnaill & De Bhaldraithe  ar líne, ba cheart go mbeadh sin sodhéanta le roinnt Javascript.

Tríd is tríd, feictear dom go bhfuil tús maith curtha leis an dtogra atá muid uilig ag feitheamh go mífhoighneach air. An cheist anois ná an mbeidh siad in ann, mar a dúirt Cathal Goan le Adhmhaidin, an craos deamhan a choinneáil sásta.

Guím gach rath orthu san iarracht, agus beidh mé ag tacú leo sa mhéid is gur féidir liom!

IMRAM: Amhráin na Saoirse

Buanchuid de'm saol faoin dtráth seo imeachtaí blianta IMRAM agus na tionscadail ceoil ach go háirithe. Fágann siad go mblaisim de cheolta nach nós liom a bhlaiseadh. Reggae, mar shampla!
Bhí mé rud beag imníoch nuair a chonaic mé Liam Ó Maonlaí faoi hata ard olna i ndathanna Rasta, Léine bán oscailte go himleacán air, é costarnacht. An mbeadh scigaithris i gceist? Leithghabháil chultúrtha?
Tar éis an tsaoil fáisceadh Liam Ó Maonlaí as an gcúlra céanna liom féin, mórán, meánaicme sócúil dheisceart Bhaile Átha Cliath. Ainneoin é bheith báite san cheol, ina shaoránach le fada de phoblacht uilíoch ilnáisiúnta an cheoil - an raibh sé cuí?
Seo ceol na ndaoine gorma, faoi chois ag an gcine geal.Amhráin na streachailte i gcoinne éagóir is Ár. Grá is buairt an fhir faoi chois.
Mhaolaigh sé m'imní beagán nuair a chrom Caoimhín Mac Giolla Catháin ar canadh; fáisceadh eisean as Iarthar Bhéal Feirste, fuineadh a Ghaeilge as an streachailt cultúrtha ansiúd - is tá faobhar uirthi. Agus tá sé féin tumtha san Reggae le fada fíorach an lá, lena ghrúpa Bréag.
Agus má bhí ball de grúpa Bob Marley, Natty Wailer, sásta glacadh leis, mheas mé, bheadh sé ceart.
Scaipeadh m'imní go hiomlán áfach nuair a chrom triúr béithe gorma de bunadh na hAfraice ar chanadh. Justine Nantale, Esosa Ighodaro, Zeenat Sarumi ag luascadh go meidhreach agus ag canadh - as Gaeilge! Gaeilge bhinn blasta. Ní leithghabháil a bhí anseo ach pósadh cultúrtha. Imeascadh dhearfach.
Leaganacha trascruthaithe Gabriel Rosenstock  ag freagairt go hiontach don gceoil. Bréag ag seinm drumaí, trumpa, sax, giotár - draoi eile Giotár ag tionlacan freisin - Steve Cooney. Natty Wailer ag fuineadh ceoil meidhreach meallatach ar an méarchlár. Liam, Caoimhín is na mná ag canadh go fuinniúil.
An slua féin meallta chun canadh le leithéidí Rac, a bháibín.
Bhí fuinneamh dochreidte san Pavilion, tonnta ceol ag briseadh thar an slua, á scuabadh leo go dtí go raibh gach a raibh ann ar a gcosa don amhrán Éirigh, Seas Suas.
Ansin cuireadh clabhsúr le sár oíche ceoil leis an amhrán Eacsadas - Liam Ó Maonlaí sealbhaithe ag spiorad an cheoil ag rince mar a bheadh deirbhíseach.
Mar tionlacan feadh na hoíche bhí filíocht físe Margaret Lonergan - íomhánna de Bhob Marley féin, ach freisin go leor íomhánna roghnaithe go cúramach le dul leis na hamhráin - sluaite ag agóid, sclábhaithe á fhuadach, lorg an Áir ar chathracha, laochra is ceannasaithe Rastafárach. Leoin beo agus siombail - Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví.

Jah obair, ó thús deireadh.

Mar fhocal scoir, mír nuachta ó TG4 aréir (taifeadta roimh an gceolchoirm):


08 October 2014

Taisce nochta ag Leabhar Breac

Is cuimhin liom leabhar Stevenson a léamh agus mé i mo ghlas-stócach, níos óige fós ná laoch an scéil Jim Hawkins. Is cuimhin liom leabhair Stevenson a bheith foclach fadálach in áiteanna. Tá an bhlonag uilig gearrtha amach ag Darach Ó Scolaí san leagan bhreá seo aige den scéal.
Fágtar muid le heachtra spleodrach chorraitheach a ghluaiseann le cóir gaoithe go hOileán an Órchiste agus ann streachailt ann. É ar fad trascruthaithe i nGaeilge ghlé soiléir, le nathaíocht cuí. (Ní fear mara mé, mar sin bhí dornán focal a raibh orm an foclóir a ransú dóibh - liagóir abair)
Léigh mé le faobhar agus le fonn an scéal, agus tá mac liom leath bhealach tríd - trua nach raibh a leithéide ann agus é cúpla bliain níos óige!
Bíonn díospóireacht ann go minic faoin tairbhe leabhair a aistriú ón mBéarla (Tuarascáil ag Anna Heusaff anseo a chíorann an cheist). Bímse go hiondúil amhrasach faoi, mar go mbíonn amhras orm an léifear an leagan tiontaithe má tá fáil ar an mbunleagan. Théis an leagan seo a léamh, táim ag athmhachnamh. Seans gur fíre nath Ghabriel Rosenstock faoi litríocht a bheith traschruthaithe seachas aistrithe. Is cinnte go bhfuil rud sa bhreis an seo le haois an bunleabhar - fuighle is friotal nach mblaisfinn murach é.
Ní mór a admháil freisin gur earra álainn ann féin an leabhar - maisithe leis na bun-léaráidí a rinne N.C. Wyeth agus a bhunaigh a cháil siúd. Cló agus leathanaigh soiléir, snasta.

Gura fada buan Leabhar Breac i mbun saothair mar seo!

Oileán an Órchiste
Robert Louis Stevenson

€15.00 (crua);
176 lch;
ISBN 978-1-909907-40-9

07 October 2014

Scéalta, déithe agus deamhain

Mar thoradh ar chomhrá ar Twitter a chuir mé fios ar an leabhar seo de chuid Neil Gaiman, Bhí cúpla rud leis léite agam cheana, agus ar ndóigh Good Omens (a scríobh sé le Terry Pratchett) na cianta cairbreacha ó shin.
Casadh nua ar an gceist atá ann "Cad d'imigh ar carachtar béaloidis na n-imircigh ach a ndeachaigh siad go SAM?"
Bhí cineál ionadh orm a laghad de déithe na hÉireann a bhí ann; tá ról suntasach ag Suibhne Gealt agus tagair don Mór Ríon ach dáiríre is casadh eile ar scéal na hAesir atá i gceist, le ról láidir tánaisteach ag déithe na Slavach, na hÉigipte is Anansi na hAfraice. Ragnarok i Meiriceá.
Thaitin na hintriachtaí do mór liom, mion scéalta a d'inis dán duine nó beirt ba chúis le plandáil a ndéithe thall.
Tá samhlaíocht sách dorcha ag Neil Gaiman ach mothaím go mbíonn áit ann fós don dóchas, agus cinnte is ar tóir na córa, ainneoin a chostas atá laoch an scéil seo.
Is geal le seánra é feictear dom "Déithe i Meiriceá" - tráth dá raibh mé ag iarraidh fanacht bord ar bhord leis an méid a bhí mo mhic ag léamh do bhí mé ag léamh leabhar dá leithéid le Mike Scott - Eachtraí Nicholas Flamel (i bhfad níos mó Gael ansin mar a bheith-feá ag súil leis). Tá cúpla sraith ag Rick Riordan freisin, ag plé dán leanaí déithe na Gréige, na Róimhe agus na hÉigipte.
Gan amhras scéal i bhfad níos soineanta iad sin, agus iad dírithe ar dhéagóirí. Ach ar an mórgcóir na téamaí céanna - an duine ag iomrascáil lena dhéithe.
Sílim go spreagann siad fiosracht i leith an bhéaloidis freisin (cé go raibh mé féin riamh tugtha don miotaseolaíocht)
Tá scéalta breátha ag na Gael - ní an Ruraíocht agus an Fhiannaíocht amháin, ach pearsan fearacht Macha Mongrua, nó fiú Mac Coinglinne a  mbeadh leagan don fichiú haonú aois dá n-eachtraí spéisiúil.

Tarraingíonn scéal scéal ...

An curadh mhír

blog awards ireland Is cosúil de réir tuairiscí ar Twitter gurbh an blag seo a bhain an duais don mBlag Gaeilge is fearr ag an deireadh seachtaine. Táim buíoch de pé duine a d'ainmnigh mé don duais. Tá an blagsféar Gaeilge éirithe ciúin thar mar a bhíodh; mothaím gurbh craobh an fear inste scéil atá bainte agam seachas an curadh mhír!
Tá súil agam go mbeidh iomaíocht ghéar ann an bhliain seo chugainn! (Ach dáiríre níl mé cinnte conas gur bhfeadfaí an éagsúlacht blaganna i nGaeilge a chuir i gcomparáid le chéile go cóir pé scéal é- níl i gcoiteann againn ach an teanga go hiondúil)