Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-12-31

An Mar a Chéile Muid?



Cainteoir athdhúchais mise. Fear cathrach, gan mórán tuisceana ar saol na tuaithe. Fear atá aineolach cuid mhaith ar an nGaeltacht cé's moite de coicís saoire bhliantúil i gCorca Dhuibhne. Agus le bheith ionraic is an tírdhreach agus an suaimhneas a mheallann siar muid. Bíonn áthas orm Gaeilge (nó Gaelainn) a labhairt agus mé ann, ach ní sin cúis mo chuaird ann.

Tá aithne níos fearr agam ar Ghaeltacht na leabhair, agus Gaeltacht an raidió. Tuigim go maith na ionann mo thaithí leis an nGaeilge agus taithí an té a rugadh i gceantar Gaeltachta. Roinne mo shin sheanathair cinneadh Gaeilge a fhoghlaim. Rinne a mhac siúd, mo sheanathair, cinneadh dul siar agus é féin a thumadh i nGaeilge Chom Dhineoil.  Thóg sé triúr clainne le Gaeilge i nDeilginis. Thóg a chlann a clanna féin go dhátheangach. Thóg mé féin clann le Gaeilge. Cinneadh coinsiasach gach céim den slí. Ach ar ndóigh is "dhátheangachas breisitheach" mar a thugann na saineolaithe air a bhí i gceist. Ní raibh baol riamh nach mbeadh Béarla bhreá acu agus í ar leac an dorais acu. Ní raibh - seachas corr mhasla aineolach agus mé óg - aon bhaol go mbeadh an teanga ina dhris cosáin dom. As cúlra sócúil meánaicmeach, sliocht sleachta oidí mé.

Ní hionann cás na muintire thiar a bhí ag dréim leis an mBád Bán, buildeálacha Shasana, agus tarcaisne de bharr an beagán Béarla a bhí acu. Cinnte, mar duine a d'fhás aníos sna 1980í bhí m'aghaidh fhéin ar an mBád Bán - ach is mar innealtóir ghairmiúil a bhí mo aghaidh soir seachas mar spailpín. De thairbhe an dátheangachas bhí seilbh faighte agam ar an nGearmáinis sula raibh mé 12. Níorbh ionann mo thaithí mar sin.

Ach is mór agam an nGaeltacht. Ní leor líonraí cainteoirí cois teallaigh agus cois cuntair chun teanga bheo bhríomhar a choinneáil beo. Tá gá le saol iomlán a bheith á chaitheamh san teanga, agus i bpobal ina bhfuil an teanga beo gan cheist amháin atá sin amhlaidh.

Chonaic - mar a léiríonn sár chlár Sheáin Uí Chualáin - An Mar a Chéile Muid? - glúin Cearta Sibhialta na Gaeltachta sin agus thuig siad freisin gur gá do phobal bheith beo. Bhain siad a lán amach ach faraor sleamhnaigh an teanga le sruth mar nár féachadh chuige go mbeadh Gaeilge i gceist leis na poist a tháinig. (Léiríonn amhrán Pádraig Ó hAoláin "Cumha" an tionchar sin go maith). Bhí an lúb ar lár céanna i gceist leis na poist sin agus atá le straitéis an  Rialtais trí chéile - ró bhéim ar airgead isteach a mhealladh le deontais is cleasa cánach. Ní poist bhuana a eascraíonn as an gcur chuige sin. Go deimhin tá lúb ar lár eile san smaointeoireacht seo agus lucht oideachais ag sodar i ndiaidh an mórchomhlacht is airde glaime ó thaobh na rudaí is ceart a fhoghlaim.

Is annamh fad radharc i gceist leis an glamanna seo, ná go deimhin aon domhain mhachnamh ann fúthu.  Leis an gcraic ar fad faoi "Códáil" a fhoghlaim, b'íoc shláinte dom an alt seo a léamh, a leagann béim ar cur chuige eile, cur chuige a thugann deis do phobail bheith neamhspleách ó thaobh bia agus fuinnimh seachas bheith ina ladrainn do thionscail soghluaiste! 

Beidh poist is slí beatha san todhchaí ag braith ar nithe nach dtig le ríomhairí is innill a dhéanamh níos fearr ná daoine - agus is liosta atá ag crapadh de shíor atá i gceist leis sin.

Feicim deis anseo do phobail na Gaeltachta ach athnuachan a dhéanamh ar an meitheal agus an gcomharchumann. Tá áit acu, áit atá fite fuaite lena gcultúr is atá léirmhínithe ina dteanga. Tá spás ansin chun táirgí atá uathúil, fréamhaithe a chruthú, teacht i dtír ar an deá íomhá atá ag an saol mór dá fearann sceirdiúil dúchasach. Tá a leithéidí de chuir chuige pléite san leabhar "The Irish Edge" le Finbarr Bradley & James Kennelly - agus tá sé suntasach gur sna Gaeltachtaí atá cuid mhaith den na tionscail a pléitear san leabhar.

Ról thánaisteach ina leithéid de ghluaiseacht atá ag mo leithéidí, cainteoirí Gaeilge scoite amach ó na pobail seo - bá agus tacaíocht ár ról. Le bheith rathúil is an bpobal féin a thiocfaidh na hiarrachtaí mar a tháinig le linn tréimhse Cearta Sibhialta - cé gur féidir go mbeadh duine nó beirt againne ag dul siar ag tacú leo. 

Ola ar mo chroí atá ann go bhfuil ag éirí le Tuismitheoirí Na Gaeltachta baill a mhealladh. Creidim go n-eascródh rudaí maithe as daoine diongbháilte a theacht le chéile. Tá rudaí maithe ar bun in earnáil na meáin - ach is do phobal na Gaeilge don gcuid is mó atá siadsan ag saothrú agus ní mórán fás a thiocfaidh ar an pobal más ag freastal ar an bpobal atá cách. Tá gá le breis cuideachtaí ar nós Folláin, Cniotáil Inis Mheáin, Cnoc Suain agus araile, cuideachtaí atá fréamhaithe sa Ghaeltacht ach ag díol go domhanda.

Ba mhaith liom mar shampla, comharchumann bainteoirí feamainne a fheiceáil ag tíocht le chéile agus ar cuir táirgí ard luach ar fáil iad féin seachas a bheith faoi thráill ag comhlacht ilnáisiúnta.

Tá ról áirid ag an Stáit anseo - don gcuid is mó an bealach a fhágáil! Ach ní gan eagar áitiúil a bhainfear sin astu. 

Agus sin mo racht go n-uige seo. Go n-eirí leis an nglúin seo de cheannairí Gaeltachta tógáil ar bhunchloch Cearta Sibhialta!

2014-12-30

Cloch ar Charn: Reiner Rolff

Baineadh stangadh asam le déanaí agus mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar mo shlí ar obair ar maidin: fógraíodh go raibh "Reiner Rolff, An Ghleann Mór, Dún Chaoin" imithe ar shlí na fírinne.

Nuair a chuaigh mé go Beirlín sna 1990í i dtosach ghlac mé ballraíocht i dtrúpa gasóga ar mhaith le aithne a chuir ar dhaoine a bhí níos giorra do m'aois ná mo chomhghleacaithe, a bhí ar fad roinnt blianta níos sine ná mé. Tharla mé i measc díorma a thug Stamm Normannen orthu féin, a bhain le eite den ngasógaíocht a raibh tionchar láidir ag na gluaiseachtaí óige idir na cogaí orthu chomh maith le gasógaíocht Bhaden Powell. Seachas patról ilaoiseach athraitheach mar a chleachtar abhus, is an fine (Sippe) a mbunaonad - grúpa dlúth d'aon aois. Tá sé de nós acu fanacht i dteagmháil le chéile i bhfad thar aois na gasógaíochta, rud a fhágann líonra taithí agus cairdeas ag na gasóga reatha, agus líonra cairdis ag daoine fásta. Mar sin chuir mé aithne ar scata duine spéisiúil. De bharr a gcultúr freisin bhí spéis acu i bhfinscéalaíocht agus amhránaíocht chomh maith leis na gnáth imeachtaí gasógaíochta. Is minic léargas rómánsach ag Gearmánaigh ar Éirinn, an cineál Éirinn a léirítear i nDialann as Éirinn Böll. Bhí an tréith sin sách láidir i measc an lucht aitheantais nua seo - ach bhí fear ar an dtalamh acu freisin.

Bhí Reiner Rolff tar éis bogadh go Dún Chaoin sna 1970í ach bhí teagmháil láidir fós aige leis an ngluaiseacht sa Ghearmáin, é ag feidhmiú mar machnóir agus fáidh acu.

Nuair a phós mé i 1994 bhí duine de na gasóga úd ag an mbainis ( a bhí abhus i mBaile Átha Cliath). Nuair a chuaigh sé go rabhamar ag caitheamh mí na méala i gCorca Dhuibhne, mhol sé go láidir dúinn cuairt a thabhairt ar Reiner ina dhíseart. Shúil muid lá ó Mám an Óraigh áit a raibh teach ar chíos againn, chomh fada le Dún Chaoin. Bhí oifig an phoist fós i nDún Chaoin an uair úd, agus chuir bean an phoist sa treo cheart muid chun an teach a bhí atógtha ag Reiner is a theaghlach a aimsiú.

Fuair muid tigín cluthar sa ghleann, le cosán chuige trasna féarach ó bhóthar an Chlasaigh. Chuir Reiner is a bhean Ingrid agus a mac Heiko fáilte is féile romhainn, agus bhí comhrá fhada spéisiúil againn. Thug siad anraith bhlasta féin-déanta as Samhadh dúinn. B'shin sin, eachtra fánach san saol.

Ach deich mbliana níos déanaí, muid fillte ar Éirinn, bhí muid ar saoire ag Trá na hInse. Chuaigh muid ar chamchuairt na leithinse, agus bhuail isteach arís ag Reiner. Bhí Ingrid imithe ar shlí na fírinne ó shin ach bhí Reiner is Heiko fós ann, fós ag dul don machnamh is don saoirseacht cloch! Ón uair deireadh a bhí mé ann bhí fine dá aitheantas ón nGearmáin tar éis teacht agus cineál Jurte a thógáil ar a thalamh. Sin an puball de chuid na steipe atá glactha chucu féin ag gasóga na Gearmáine. Seachas as éadach dubh is as clocha agus adhmad atá an ceann seo tógtha, díon adhmaid ar bhall íseal cloiche. Cloch ag an ndoras agus an siolla Om greanta air mar go raibh sé ceaptha bheith ina áit reacaireachta agus scéalaíochta.

D'fhill mé traidhfil seachtainí ina dhiaidh sin liom féin - bhíos théis bheith briste as mo phost i rabharta iomarcaíochta ag deireadh an saoire - agus chuala ann Micheál Ó Dubhshláine ag roinnt scéalta le rang scoile ón nGearmáin. Táim buíoch de Reiner freisin as mé a chuir in aithne do Mhicheál. Cuir muid amach scéal dá chuig faoi charraig an Ghiorria as Gearmáinis agus Gaeilge. Fuair mé deis tríd an aitheantas seo freisin Cáit Bab Feiritéar a chlos ag insint scéalta. Bhí togra eile le bheith ar na bacáin againn ach tháinig bás Mhíchíl agus stróc a bhuail Reiner i 2007 idir sinn agus a chur i gcrích.

Idir an dá linn bhí sé tar éis muid a chuir i dteagmháil le cara leis a bhí tar éis teach a athnuachan ar an mBaile Breac agus a bhí sásta é ligeann ar chíos do lucht aitheantais ar phraghas a chlúdódh na costais.  Is ansin atá muid ag triall ar saoire ar feadh coicís gach bliain.

Cé gur imigh an urlabhra cuid mhór ó Reiner leis an stróc bhí mé fós ag tabhairt cuaird ar, i dteach altranais sa Daingean i dtosach agus ansin san Ospidéal pobail. Bhraith mé teagmháil éigin leis an machnóir ainneoin na deacrachtaí.

Táim fíor bhuíoch dó as na comhráite thar na blianta agus as an nod a thug tearmann dúinn don saoire bliantúil. Aisteach go leor agus é chomh fada sa Ghaeltacht, ní dóigh liom gur shealbhaigh sé an nGaelainn riamh i gceart, cé gurbh cuid den bpobal é cinnte. Ach bhí meas aige uirthi agus ar an gcultúr. Bhí dánlann aige sa Daingean ar feadh seal agus chuidigh le roinnt ealaíontóirí teacht ar a bpobal. Bhí múrphictúir suntasach le duine acu - Bob Ó Chathail - san teach aige a bhí ina ábhar comhrá.

Bád seoil, fleur de lis (na ngasóg) ar an mBratainn bheannach ag seoladh i dtreo na gealaí lán agus Tiaracht roimhe. Gan duine ná deoraí le feiceáil ar bhoird. Spreagadh machnaimh do leithéidí Reiner a bhí sáite  i smaointeoireacht antrapasúnacht Steiner faoin duine is a cheangal le daoine eile is leis an dúlra.

Is saibhre mo shaol as na teagmháil fánacha seo thar na blianta. Suaimhneas síoraí go raibh aige.

(Tá feartlaoi eile as Gearmáinis anseo)

2014-12-29

Faobhar Éireannach

Tá sé i gceist agam le tamall an leabhar seo le Finbarr Bradley & James Kennelly a léamh. Tá saothar eile leo Capitalising on Culture, Competing on Difference léite agam. Forbairt ar an gcoincheap ansin atá sa leabhar seo agus samplaí ann d'fhíor comhlachtaí Éireannacha atá rathúil agus gnéithe logánta agus cultúrtha lárnach ina ngnó. 
Bíonn i bhfad barraíocht aird san tír seo ar comhlachtaí móra a mhealladh isteach - le deontais, cleasa cánach agus eile.
Tugann an leabhar seo bunús do dhóigh eile dul chun cinn; agus cé go bhfuil cuid de na comhlachtaí beag agus logánta tá cinn eile atá ollmhór ilnáisiúnta, fearacht Glen DimplexGrúpa Chiarraí.
An rud atá i gcoiteann acu na cinnireacht samhlaíoch fad radharcach, a eascraíonn as tuiscint is compord lena nÉireannachas, an Ghaeilge san áireamh go minic.
Go deimhin tá aitheantas faighte le déanaí ag Gaillimh mar réigiún scannánaíochta - tá cuid den chreidiúint dó sin ag dul don dtogra "Teanga Láraithe" TG4 - a spreag leithéidí Telegael atá anois ina chomhlacht domhanda.
Cuirtear a lán béim abhus ar feabhas san Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Mata - STEM -  agus is cinnte go bhfuil gá le feabhas ansin. Ach tá gá chomh maith le samhlaíocht, agus is as féiniúlacht láidir logánta is fearr a fhásann an samhlaíocht chruthaitheach úd.
Tá an tír seo daor, agus níl aon rath i ndán dúinn más ag iarraidh - mar a rinne muid ró mhinic cheana - braith ar bheith inár bhfoinse oibrithe saor ar bheagán oiliúna atá muid.
Tá gá againn le comhlachtaí beaga agus meán mhéide atá fréamhaithe go logánta, dílis don áit. Tá gá againn le táirgí atá ar ard chaighdeán agus ar ard luach - agus scéal ag dul leo, rud éigin dúchasach nach dtig aithris a dhéanamh ar in áit eile.
Tá deiseanna san tionscal bia, sa cheardaíocht agus san healaíona ach cur chuige i gceart. Go deimhin, fiú in earnáil na teicneolaíochta faisnéise, tá deiseanna ann ach meabhrú ar na láidreachtaí agus buntáistí logánta atá againn. Ach ní dhéanfar sin más síor sodar i ndiaidh airgead isteach atá muid, dream a ardóidh a seolta ach a mbeidh áit éigin eile in inmhe dul in iomaíocht le pé cleas nó deontas atá againn. 
Mar a tharla cheana i dtionscal na déantúsaíochta!
Lón machnamh. Léirmheas níos cuimsithí ag Frank Allen san DRB anseo.

Aon scéal?


Bhí mise sna déaga déanacha nuair a bunaíodh Na Fíréin i 1984, ach ní duine mé a bhí ag éisteacht le mórán ceol comhaimseartha. Sa bhreis ar sin níor chaith mé seal riamh ar aon chúrsa Gaeltachta riamh. Mar sin, seachas corr hit leo a chuala ar Raidió na Gaeltachta thar na bhíos dall ar fad orthu. Spreagadh mo suim iontu de bharr trácht ar Twitter agus an clár Faisnéise fúthu Na Fíréin Arís ar na bacáin. Fós ní duine mé a bheadh ag freastal ar cheolchoirm, ach bhain mé sásamh ar an clár.
Bhí an CD nua le Colm Mac Séalaigh - Aon Scéal - ar mo liosta Nollaig dá réir agus táim breá sásta go bhfuil sé agam!
Ní mór mo thóir ar raic fós féin, ach tá an ceol éasca fiú ar mo chluas-sa. An rud is mo a thaitníonn liom áfach ná go mothaím go mbaineann na liricí le mo leithéidí:
"Nuair a bhí mé óg bhí mé sean 
 D’iompar mé an domhan ar mo dhroim 
 Nuair a bhí mé óg bhí gach rud soiléir 
Bhí gach rud ar eolas agam"
Súil siar mac de chuid na 1980í a bhfuil taithí saoil cnuasaithe anois aige, thuas seal, thíos seal, gan aon mór éachtaí bainte amach aige, ach réasúnta sásta leis an saol ainneoin corr tuaiplis san saol.

Is maith ann a leithéidí!

Tá an CD seo ar fáil ó An Spailpín. Tá ceol na Fíréin ar fáil ar iTunes, ach níl mise dulta i ngleic ceart leis sin fós!

2014-12-27

Tintin & Asterix

Cheannaigh mé Tintin: Todóga na bFarónna tamall ó shin do m'iníon, agus anois don Nollaig fuair sí Asterix na nGallach uaim.
Ar shlí is cúis iontais gur ghlac sé go dtí seo na saothair seo a bheith ar fáil as Gaeilge. Tá an chreidiúint le tabhairt do Dalen Éireann as tús a chuir leis an saothar, agus tá súil agam go mbeidh rath ar sraith!
Comhtharlú fabhrach atá ann go raibh greannán Tintin ar KiKa agus go raibh spéis m'iníon múscailte ann cheana sa dóigh is go raibh sí sásta go léifinn di/léi é. (Níl sí chomh sásta éisteacht le scéalta níos mó agus léamh aici féin ach faraor bíonn sé deacair í ag cuir ag léamh as Gaeilge!)
Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar Tintin, agus an mórgóir creidim gur éirigh go han mhaith leis an greann a thabhairt leis. Tá amhras orm faoi na hainmneacha áfach - bíonn greann iontu go minic san leabhar; ach sílim gur daoine lánfhásta na linne seo amháin a thuigfidh na sleaiseanna amhail "Healy Rae" agus an file Budaí Jenkinson, abair. Bhain ainm amháin gáire croíúil as m'iníon áfach - an Maharjah Mahagut. 

Antain Mac Lochlainn a chuir Gaeilge ar Asterix. Buntáiste atá ann sílim gurbh an chéad leabhar a
aistríodh ar tús. Is cuimhin liom Antain ag rá (le linn Idir Theangacha) go raibh rialacha dochta le cloí leo maidir le hainmneacha agus gur chothaigh deacrachtaí dó chun an greann a thabhairt slán. Measaim gur éirigh go breá leis - beidh le feiceáil cad is dóigh léi féin, tá rudaí eile ar a haird fós agus níl an ceann seo léite le chéile againn fós.

Tá spraoi le baint as an leabhar seo, áiféis is imeartas focal. Ach fainic filíocht an bhaird, Dándírix! 

Beidh mé ag tnúth le breis eachtraí ó Thintin agus Asterix araon. (Beidh éilicsir de dhíth ar Antain agus Gabriel má siad leis an saothar ar fad a chur i gcrích!)

2014-12-21

Cainníocht nó Cailíocht?

Agus tionscadal leabhar na Gaeilge á phlé cloistear an tuairim go minic go bhfuil "barraíocht" leabhair á fhoilsiú, agus go mba cheart na hacmhainní teoranta a dhíriú ar líon beag leabhair d'ardchaighdeán.
 Tá an amhras orm faoin dtuairim sin. Tá dhá easpa mhór ar thionscadal na leabhair Gaeilge. An phríomheasnamh, foinse gach oilc, easpa léitheoirí. As laghad an mhargaidh sin a eascraíonn an dara easnamh, i. scríbhneoirí atá in ann am agus dua a chaitheamh le saothar. Fágann sin muid taobh le scríbhneoirí páirtaimseartha nó iadsan atá anois ar phinsean agus am acu dul le scríobh. Toradh ar sin an líon mór imleabhair caoil filíochta nó gearrscéalta ar mhargadh na leabhair Gaeilge.
 Is gá an fháinne fí sin a bhriseadh, ach conas?
 Léitheoir craosach mise.
 Ní de thaisme a tharla sin - bhí raidhse leabhair sa mbaile againn, agus líon mór eile i dtithe mo sheantuismitheoirí. As dream mé mar sin a raibh meas acu ar leabhair. Ach ní sin iomlán an scéal. Bhí leabharlann trasna an bhóthair uaim sa bhaile, agus tharraing mé air go minic. Ní raibh mórán leabhair Gaeilge ann ar ndóigh, agus is dócha gurbh an seal a chaith mé ar imirce sna 1990í a dhoimhnigh mo spéis sa nGaeilge agus i léamh na Gaeilge dá réir.
 Ach chuige seo atá mé - bhí líon mór leabhar ar fáil dom ag aois thábhachtach chun nós na léitheoireachta a bhunú agus a bhuanú - sna déaga luatha agus sna blianta roimhe sin.
Ansin atá Eachroim á chailleadh ag tionscadal na leabhar Gaeilge dar liom.
Is beag leabhar atá ar fáil don aois ghrúpa sin atá spéisiúil. Dá bhrí sin téann siad as cleachtadh Gaeilge a léamh; agus dá bhrí sin mothaíonn siad go bhfuil dua ag baint leis agus bíonn doicheall orthu dá réir roimhe.
Chuir sé arraing tríd mo chroí le déanaí nuair a dúirt m'iníon (8) go bhfuil léamh an Bhéarla níos fearr aici ná léamh na Gaeilge. Ach is eagal dom gurbh fíor di. Tá sí de shíor ag léamh leabhair faoi síoga as Béarla - tá sraitheanna de na leabhair seo ann, go bunúsach an scéal céanna á reic arís is arís le troscán difriúil. Is beag mo mheas orthu mar leabhair. Seachas seo - cuireann siad m'iníon ag léamh, roghnaíonn sí féin iad sa leabharlann, bíonn tóir aici orthu. Is deacair domsa dul in iomaíocht leis sin leis an dornán leabhar i nGaeilge a chuirim roimpi.
Chonaic mé an rud céanna le mo mhic - brící móra leabhair as Gearmáinis agus as Béarla á shlogadh acu, ach drogall roimh leabhar Gaeilge.
Tá an rud céanna tugtha faoi deara acu siúd a scríobhann don aoisghrúpa - bíonn orthu an chaint a shimpliú ach an t-ábhar a bheith spéisiúil. Is deacair an dá thráth sin a fhreastail.
Tuigim go bhfuil acmhainní teoranta ar fáil do leabhair Gaeilge. Tuigim gur gá bheith tíosach leo. Tuigim freisin do na foilsitheoirí a chaitheann am agus dua le beagán leabhar ar ardchaighdeán a fhoilsiú. Is maith ann iad.
Ach is gá féachaint chuige go spreagfar glúin úr léitheoirí, go gcuirtear réimse leathan leabhair spéisiúla - spéisiúil dóibhsean - faoin mbráid.
Tá na leabhair ann, cé go bhfuil cuid mhór acu as cló agus gan teacht orthu. Bheadh cuid acu seanchaite anois, agus an teanga iontu dúshlánach. Ach d'fheadfaí iad a chuir ar fáil.
B'fhiú go mór leabharlann a bhunú sna Gaeltachtaí dírithe ar leabhair Ghaeilge, go háirithe don aos óg, agus go mbeadh seirbhís ghluaiste ag an leabharlann sin ar fud na tíre.
Níl ach réiteach amháin ar cheist na leabhair Gaeilge. Léitheoirí a earcú!

2014-12-11

Gmail as Gaeilge

Thug mé aghaidh tráthnóna ar cheannáras Google i mBaile Átha Cliath. Bhí cuireadh faighte agam chuig ócáid seolta táirge as Gaeilge - cé nach raibh an táirge luaite. Ach ar maidin ar Twitter scaoileadh an rún agus bhí fhios agam go raibh Gmail as Gaeilge le seoladh - rud a thug deis dom triail a bhaint as roimh an ócáid seolta (níl an leagan d'fhón glic ar fáil fós)
Bhí sluaite ag bailiú isteach san Teilgcheárta, ionad Google do ócáidí dá leithéid agus mé ag teacht isteach, dornán ranganna scoile ina measc. Bhuail mé le cuid mhór daoine a mbím i dteagmháil leo ar Twitter - cuid acu nár bhuail mé leo san fíor saol roimhe.
Treoraíodh gach duine isteach i halla breá mór (bhí an rud fíor eagraithe, níor scaoileadh isteach ach daoine a bhí ar an liosta, lipéid ar gach aoinne acu agus Googlers cairdiúla ag coinneáil súil ghéar ar
rudaí!)
Bhí smacht ag lucht Google ar chúrsaí, agus cuid dá gcliar ag caint i míreanna éagsúla, an teachtaireacht corparáideach follasach faoin snas. Dream mós gairmiúil, fiú má thugann siad "Oibríochtaí Daoine" ar an rannóg pearsanra! B'é a gceannaire siúd Helen Tynan a chuir tús le himeachtaí, ag caint faoin misean atá ag Google. Tháinig cúpla cainteoir eile ón gcomhlacht ina diaidh, ina measc fear spéisiúil ón Iorua, Svein a bhí ag caint faoin chaoi go bhfuil logánú níos fairsinge na aistriú. Thug sé sampla den nath úd ar leathanach cuardaigh Google - "Tá an tÁdh orm inniu". I measc na roghanna a bhí á phlé acu don mBurmais bhí "Titeann sicín caoch i mbabhla rís" - sa deireadh shocraigh siad ar macasamhail Abracedabra. Ach an rud a bhí sé ag maíomh gur gá bhí greannmhar éadromchroíoch - ach go mbraitheann sin ar an gcultúr atá i gceist. Labhair duine de na haistritheoirí ar an ndúshlán a a bhain a bheith le "Labhairt Google" freisin. Ar an ndrochuair ní raibh an té a spreag an togra in inmhe bheith i láthair go pearsanta. Bhí ar an tOllamh Kevin Scannell plé le scrúdaithe - ach sheol sé teachtaireacht físe. Bhí nasc físe freisin le Pobalscoil Ghaoth Dobhair, a raibh lámh ag an múinteoir ríomhaireachta ann san togra. (Monuar tá a ainm imithe uaim - ach shíl mé ach a dtáinig sé ar an scáileán go raibh Unix Hacker den sean déanamh acu ann!)
Ar an drochuair de bharr na doininne, cé go raibh an fís measartha maith bhí an fhuaim go hainnis agus is beag den méid a dúirt siad a chuala muid. Ach thaitin sé go mór liom go raibh dream ón nGaeltacht tugtha isteach i lár an aonaigh - go minic shílfeá gur beag nasc idir na Gaeil ar líne agus muintir na Gaeltachta. 
B'é Hector a rinne an seoladh, agus cé gur meas leibide atá agam féin air, caithfidh mé a admháil go ndearna sé a ghnó go paiteanta, ag spreagadh aisfhreagra ón slua agus ag fáil an buaileadh bos agus an liú ag an pointe cheart.
Bhí tráth na gciest beag teanga agus teicneolaíochta ann freisin, agus ansin tugadh aitheantas don méid de na haistritheoirí a bhí i láthair.

Is obair ar leith aistriú i dtogra ríomhaireachta, ag obair le focail leo féin, gan an comhthéacs i gcónaí soiléir, stíl an táirge le cuir san áireamh, srianta dochta leithéid; tá éacht déanta ag na saorálaithe anseo, obair bhreá snasta a léiríonn an buntáiste atá ag baint le foireann dlúth, ainneoin iad a bheith scaipthe idir Baile Átha Cliath, Gaoth Dobhair agus áiteanna éagsúla sna Stáit Aontaithe.

 Tá buíochas dlite dóibh - an buíochas is fearr ná feidhm a bhaint as toradh a saothar! Gaeiligí bhur Google!



2014-12-07

An Fear Glas

Cathal Ó Searcaigh (clé) agus Éamon Ó Domhnaill
Bhí drogall orm le fada dul i ngleic le filíocht Chathail Uí Shearcaigh; fágann a mhacnas agus a chaint ar a chollaíocht míchompord orm. Ní raibh baint ag an raic faoin scannán úd le mo dhrogall - sa chás sin creidim go ndearnadh éagóir air, gurbh an rud is measa a d'fheadfaí chuir ina leith go raibh sé saonta sa mhéid is nár aithin sé an bhearna maoine idir é agus muintir an Neipeal a d'fhág cuma claonta ar a ghníomhartha, agus nach raibh sé sách airdeallach ina ghnóthaí carthanachta. Chuir fimíneacht an chonairt a bhí ina dhiaidh, ach ag móradh leithéidí Wilde olc orm.
Mar sin féin nílim ar mo chompord le filíocht miangasach, agus bhí baoth tuairim agam gurbh sin is mó a chleacht sé. Ach le déanaí tá sleachta dá chuid léite agam anseo is ansiúd - in  Comhar go príomha a thug orm athmhachnamh.
Táim tugtha ach go háirithe dá shraith dánta faoina chanúint féin - Teanga an Ghleanna.
Tá dánta áille dúlra, tírghrá, cairdis, cumha agus eile ina shaothar nach raibh a ceart tugtha agam dóibh.
Mar sin bhí fonn orm dul ag seoladh an saothair is déanaí - An Fear Glas - rogha dánta as Gaeilge maille aistriúcháin go Béarla. An rud is fad léirithe le líníochtaí de chuid Pauline Bewick.
Is i seomraí Gaelchultúr a bhí an ócáid - a bhí gann buíochas le Dia ar speech-eanna.
Ina áit léigh Cathal roinnt dá dhánta agus léigh na haistritheoirí a leaganacha siúd. Bhí ceol ann freisin ó Brian Kennedy - bunaithe ar dhán de chuid Cathail - agus Una O'Boyle.
Chuir iníon fíor óg a mhac altrama Ravi leis an siamsaíocht - ach ní dóigh liom go raibh sin iomlán pleanáilte - ainneoin duan mholta Chathail di a bheith mar chuid den clár!
Ní raibh sé i gceist agam aon leabhar a cheannach - ach fuair mé sladmhargadh ar an trí saothar is déanaí as Gaeilge uaidh a d'fhoilsigh Arlen House,
Beidh mé ag dul i ngleic leo. Sé an trua áfach nach bhfuil mórán dá shaothar taifeadta ag Cathal; is don cluas filíocht sách minic agus tá milseacht ar leith i nguth agus canúint Chathail atá deacair ag mo leithéide de jeaicín a athchruthú i'm chloigeann.

2014-12-04

Ag Timireacht ar líne!

Táim i mo shíntiúsóir de chuid an Timire le traidhfil blianta, agus anois is arís tugaim lámh chúnta do na saorálaithe a bhíonn ag obair ar an Timire ⁊ ar leabhair de chuid Foilseacháin Ábhar Spioradálta - a bhfuil dornán dá leabhair ar mo leabhragáin freisin.

Sé an Timire an iris is sine as Gaeilge atá á fhoilsiú go leanúnach - eagrán gach ráithe ó 1911! Bíonn lón mhachnamh ann i gcónaí, idir ailt a scríobhadh dó agus ábhair aistrithe dó. Tá réimse leathan tuairimíochta ann - tá ailt léir agam a scríobh Joe Higgins, Trevor Ó Clochartaigh agus Rónán Mullen - clúdaíonn sin réimse leathan i bpolaitíocht na hÉireann! (Léiríonn freisin an rud a dúirt an Pápa nuair a fiafraíodh de an Daonlathaí Sóisialach é - go bhfuil lipéid mar míchuí, go chúngaíonn siad duine agus creideamh)

Bíonn stair, cráifeacht agus urnaí sna leabhair ó FS (bhí siad ró mhall ag glacadh seilbh ar an mbranda FÁS).

Aréir seoladh suíomh nua idirlíne agus athchló de leabhar thar a bheith tábhachtach - "An Bíobla do Pháistí"

Oíche thar a bheith taitneamhach a bhí. ann i Halla Foras na Gaeilge cé nach mór dom a admháil gur beag duine níos óige ná mé a bhí ann! (Tá sé i gceist ócáid eile a bheith ann amach anseo ag am oiriúnach do leanaí)

Chuir Máire Breatnach, Mick O'Brien agus muintir Mac Cába tús leis an oíche le roinnt ceoil. (Bhí mac liom ceapaithe seinm ach ghlac sé an seanfhocal úd faoi lúidín an phíobaire a bhíonn díomhaoin ró dháiríre, agus bhris an lúidín rud a chuir as an áireamh é)

B'í Bláthnaid Ní Bhrádaigh Bean an Tí, ag sníomh na míreanna le chéile go cliste.

Ray Mac Mánais is mó a labhair, cainteoir spreagúil a thug léargas cuimsitheach ar an suíomh agus a rinne ana chaint ar an mBíobla, le scéalta barrúla fite fuaite faoina thábhacht don creidmheach óg. (Fonn orm roinnt dá scéalta a reic. Amach anseo, seans).

D'aithris Aideen Mac Bride scéalta ón mBíobla. scéalta a insíonn sí ar scoil i mBaile Munna, bunaithe ar an leabhar a bhí á sheoladh - aistriúchán a rinne Donla Uí Bhraonáin sna 1980í ar "Lion Children's Bible". Buntáiste leis an gcur chuige sin ná go mbíonn na léaráidí ann; bhí Lion ag déanamh scata aistriúcháin an uair úd agus bhí na téacsanna le cuir sa leagan amach céanna. Bhí Donla ag rá go ndeirtear go mbíonn an Ghaeilge 11% níos faide más próis atá i gceist le hais an Béarla; gur fhág sin go raibh uirthi bheith gonta. Mar a tharlaíonn sé, tá cóip den gcéad cló agam a fuair mé (sílim) i siopa dara láimhe uair éigin. Tig liom dearbhú go raibh toradh a saothar fónta, fileata nádúrtha.

An Bíobla fotha saol an Chríostaí ar ndóigh; is ann a chuirtear aithne ar Íosa agus Dia. Deirtear go bhfuil an Tiomna Nua folaithe san sean Tiomna; agus an Sean Tiomna nochtaithe san Tiomna Nua. Tá réimse scéalta ón dá thiomna anseo agus iad feiliúnach don aois ghrúpa. Tá feidhm bainte agam astu cheana le'm iníon. (Ní raibh an leabhar agam agus mo mhic san aois cheart)

Fiú don ainchreidmheach tá tuiscint ar an mBíobla tábhachtach i gcultúr an Iarthar - is iomaí meafar as atá fite fuaite sa chaint. is fíor nach bhfuil an Bíobla chomh lárnach i litríocht na Gaeilge is atá sa Bhéarla nó sa Ghearmáinis, áit ar mhúnlaigh aistriú an Bhíobla an teanga scríofa.

Mar sin féin, sa bhreis ar an creideamh, is cuid de oidhreacht cultúrtha an Iarthair ar Bhíobla.

Is breá liom mar sin fáil éasca a bheith arís ar an eagrán seo!

2014-12-01

Eoghan Ruadh an Ghriannaigh

Chuir mé fios tríd Borrowbooks ar úrscéal stairiúil an Ghriannaigh Eoghan Ruadh Ó Néill.
Scéal chorraitheach faoi ré chorraitheach. Insint láidir ar chathanna agus léigir, Arras i 1640, bua mhór Eoghan Rua ag Beann Borb agus eachtraí nach iad. Cur síos bheacht ar an polaitíocht agus an camastaíl a tháinig idir na Gael agus a saoirse an tráth úd, siar agus aniar Comhdháil Chill Chainnigh, mioscais Iarla Urmhumhan. Scéal na nGael agus na hÉireann suite mar is ceart i saol na hEorpa agus Cogadh Chathardha na Breataine. 
Chuaigh an scéal chun fadálachta corr uair orm, ach bhí radharcanna leathana agus mionradharcanna den scoth ann.
Bhíos ag streachailt scaití leis an gcanúint agus go háirithe leis an sean litriú - ba mhithid leagan leasaithe de bheagán a chur ar fáil ar mhaith le léitheoirí neamh oilte na linne seo. 
Ach táim thar a bheith sásta gur chuir mé fios ar an seod seo as an bpluais i gContae an Chláir a bhí sé ag luí gan léamh ó sular rugadh mé, más iontaofa an dáta ar an lipéad leabharlainne.
Is trua gan na seoda seo ó na 1930í agus 1940í a bheith ar fáil go héasca do léitheoirí agus scríbhneoirí na linne seo. Tá go leor le foghlaim astu, mar a dúirt Antain Mac Lochlainn i dTuairisc.

Uisce faoi thalamh

Tá costas ar uisce ghlan inólta a chur ar fáil. Tá costas ar fáil réidh le séarachas go sábháilte. Tá bonneagar de dhíth, agus cothabháil de dhíth ar an mbonneagar sin. Agus i gcásanna mar sin, tá sé stuama go n-íocfaí as acmhainn de réir mar a bhaintear feidhm as. Níl aon fhadhb agam le táillí uisce i bprionsabal mar sin. Go deimhin, níl aon fhadhb agam lena leithéid de sheirbhís a bheith á chuir ar fáil ag dream atá ag gnóthú brabach réasúnta as, fad is atá seirbhís ar chaighdeán ard á chuir ar fáil, agus cothabháil cheart á dhéanamh ar bhonneagar. 

Ní hamhlaidh atá le hUisce Éireann. Monaplacht méith maorlathach.

Tá fadhb bhunúsach le seirbhísí stáit san tír seo. Is é sin go bhfuil an tír ró láraithe. Is fíor go bhfuil comhairlí contae ann, ach dáiríre is fo-oifigí iad de Roinn Stáit atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá teacht isteach áirithe acu ó rátaí gnó agus táillí, ach tagann mór-chuid dá maoiniú ón lárchiste. Tagann mórchuid den bpolasaí a chuirtear i bhfeidhm ón áit céanna. Mion bhainistíocht ón lár oifig.

Rinneadh faillí thar na blianta i gcothabháil bonneagar uisce agus séarachais na tíre, agus tá mór infheistíocht de dhíth. Chuige sin is gá airgead a fháil ar iasacht. Tá an Stáit báite i bhfiacha cheana, agus iarracht ab ea an Comhlacht leath stáit Uisce Éireann chun na fiacha seo a cheilt, amhail is nach fiacha de chuid an Stáit iad. Beidh le feiceáil an nglacfar leis an gcleas, an mbeidh Eurostat sásta é a fhaomhadh. Ag deireadh an lae áfach níl ann ach cur i gcéill, mar dóigh amháin nó dóigh eile is ar cháiníocóirí na tíre a thitfidh sé na fiacha a ghlanadh.

Mar sin is mithid dul i ngleic leis an bhfadhb struchtúrach. Is gá go mbeadh a leithéidí seo réitithe ar bhonn áitiúil, le tacaíocht ó na mórphobail tríd an  lár chiste do cheantair ar bheagán daonra. Go deimhin, i gcás grúpscéimeanna uisce, tá a leithéid i bhfeidhm i gceantair áirithe le fada. (Ach tá an Moloch úd Uisce Éireann ag slogadh roinnt acu).

Dá mbeadh nasc dhíreach, ghairid idir ioncam, caiteachas agus seirbhísí, dá mbeadh, lena chuir go garbh, boladh an chaca i bpollairí an dream a bhí ag déanamh na cinntí faoi uisce agus séarachas, bheadh na fadhbanna réitithe fadó.

Má táthar leis an bPoblacht a chur i gcrích san dlínse seo, is Rialtas áitiúil fuinniúil eochair na ceiste. Údarás agus freagracht dlúth, nasc dhíreach idir an pobal agus an dream atá ag cuir seirbhísí ar fáil.

Teach an Chustaim delenda est.