17 February 2015

Camchuairt Músgraíoch

Mar a dúirt mé thug cuid againn aghaidh ar Bhaile Bhúirne agus an Muileann don deireadh seachtaine ainneoin go raibh Imbolc ar sos. Peata lae a bhí ann ar an Satharn agus ainneoin leanna an Mhuileann (grúdlann dá gcuid féin acu anois) chuaigh muid amach breá luath ag siúl. Tá coill spéisiúil ar bhruach an tSuláin crainn faoi bhrat trom caonaigh. Tá cosán tríd an gcoill go dtí Reilig Gobnatan, áit a bhfuil Seán Ó Riada agus Seán Ó Ríordáin araon curtha.
Tá iarsmaí a bhaineann le Gobnait ann freisin, a huaigh mar shampla agus dealbh bhreá nua a tógadh sna 1950í. Maidin Domhnaigh bhuail muid le Peadar Ó Riada ann (tar éis dúinn Aifreann a éisteacht i gCúl Aodha leis an cór) agus thug sé lear mór seanchais dúinn - fillfidh mé ar ábhar ach a mbeidh tost an Charghais curtha díom agam!


Lean muid orainn síos go dtí an bpríomhbhóthair agus bhí cupán tae againn san Crúiscín Lán; ansin shiúl muid taobh eile an ghleanna, suas bóthar na gCeapacha gur tháinig muid trasna air Slí Ghaeltacht Mhuscraí, cuid de shiúlóid níos faide a rianaínn an slí a thóg Donal Ó Súilleabháin ag teitheadh ó Bheara go Breifne.
Tá an chaoi ar an gcosán cé go raibh sé garbh agus fliuch in áiteanna.


Bhí greim le n-ithe againn sa Mhuileann (molaim an Seabhdar) agus thugamar sciurd ar Ghuagán Barra. Bhí an loch ina léinseach, ag feidhmiú mar scáthán den gcéad ghrád; arís tá go leor le reic faoin áit agus beidh orm filleadh air anseo chun tuairisc a dhiongbhála a thabhairt!

Tríd is tríd táim fíor sásta gur chuaigh mé ó dheas - bhí aird deireadh secahtaine agam, agus lón machnaimh.

No comments: