08 February 2015

Cás leathair.

Cás leathair. Ceannlitreacha mo shin sheanathair air. Folamh anois. Ann a bhí an méid de mhaoin an tsaoil a thug aintín m'athair isteach sa chlochar léi. Fós aici, fad saoil duine ina dhiaidh. Í anois éagtha. Nasc le ré dearmadta. Is mó cor sa tsaoil ó líonadh agus folmhaíodh an cás. Finné?

4 comments:

Mise Áine said...

Is mó, go deimhin, a chara. Sin an saol.

Bhfuil an cás fós agaibh/agat?

aonghus said...

Tá sé ag mo dheartháir.

gasuirlegaeilge said...

Fileata--go hálainn.

Mise Áine said...

Iontach! Is maith an rud é greim a choinneáil ar nithe mar sin...gan na daoine a ligean i ndearmad, mar a déarfá.