06 February 2015

Deireadh Ré:

Clochar na Toirbhearta Theas. Reilig na Siúracha. Uaigh úr, buailte suas le huaigh an bunaitheora. Ranganna na leacracha eile, siúracha imithe, a dtaisí gualainn ar ghualainn. Slua brúite idir na leacracha. Siúracha, gaolta, iar-dhaltaí. Sagart ar ais ó na misean - dalta bunscoile de chuid an té imithe - ag treorú na hurnaithe. Deichniúr den bpaidrín ón easpag. Iomann Laidine. Mise, mac mic deartháir. Cuimhne againn uilig ar bhean bheoga mionda. Gealgháire chaoin. Oide a d'fhág lorg saol agus grá domhain don gceol ar a lán. Ní goirt bás na sean le hais bás na n-óg, dáiríre - saol fhada fiúntach, imithe abhaile ag a Tiarna. Tocht mar sin féin nuair a chonac an clár ainmneacha sa chlochar - Istigh/Amuigh/As Láthair. As láthair lena hainm siúd.
An duine deiridh dá glúin imithe ón dteaghlach. Agus a hOird - go leor acu ann, ach iad uile anonn sna blianta, lóchrann carasma an Oird - teagasc - anois i lámha eile.

3 comments:

Mise Áine said...

Ní maith liom do thrioblóid, a Aonghuis.

Eoin Ó Riain said...

An phíosa, A Aonghusa, píosa filíochta i ndairíre! Is cosúil gur an bhean a bhí inti! Beannacht Dé léithí!

An i gCorcaigh an reilig seo? Más sea Iis ag an áit céanna atá reilg ársa Bráthaire na Toirbhearta leis ar Shráid Dhughlaise.

aonghus said...

Laistigh de chlochar na Toirbhearta Theas atá an reilig, ní fhaca mé ach uaigheanna siúracha ann, áit sách beag.

Uaigh Nano Nagle ann.