Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-04-10

Í Siúd

 Duine eile a luaigh Réaltán san plé úd ná Siobhán Ní Shúilleabháin. Bhí cloiste agam fúithi, go deimhin tá cóip dá húrscéal faoi Baile Ghib Aistriú ar mo leabhragán agam, agus léigh mé Í Siúd thiar i 2009.
Spreag an comhrá mo spéis arís agus chuaigh mé ar thóir a saothar san leabharlann. Léigh mé Í Siúd arís - gearrscéalta chumhachtacha, go leor acu faoi chaidreamh mná lena bhfear agus an timpeallacht. Tá go leor de na scéalta lonnaithe sna 1960í agus 1970í agus an t-athrú saoil a bhí ag tosú an uair sin le feiceáil iontu. Mná láidre, uaireanta i coinbhleacht leis an saol thart orthu, uaireanta eile i dtreis. 
Marach an Phóg san lonnaithe san ré céanna, scéal grá idir ealaíontóir agus dochtúir. I n-aghaidh a dtola shílfeá a théann Cupid i bhfeidhm orthu agus is iomaí cor is casadh san scéal sula mbaineann siad amach deá-chríoch.
Scéal chumhachtach atá ann, agus tugann sí smaointe na beirte dúinn chomh maith le tuairisciú ar na heachtraí thart orthu. Tá pearsa an dochtúra mná fíor láidir agus an streachailt inmheánach a ghabhann sí tríd cionn is nach mian léi géilleadh don gcaidreamh, a bhláthaíonn gan coinne i bPáras; bíonn roinnt tubaistí fán mbealach aici sula bhfeiceann sí a leas. Mhothaigh mé ana bhá leis an dís acu, agus tuiscint dá meoin.

Mholfainn ceachtar leabhar, gan cheist.

Í Siúd
Siobhán Ní Shúilleabháin
Cló Iar-Chonnachta 1999
ISBN 1 902420 03 9

Marach an Phóg san
Siobhán Ní Shúilleabháin
Coscéim 2002