Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-04-17

Leas an phobail nó fiosracht an phobail

Le déanaí bhí roinnt cásanna d'fhoréigean agus marú mná ag fir ós comhair na cúirteanna. Cuir an tráchtaireacht ar chás amháin ach go háirithe samhnas orm, trácht ar chleachtais foréigneacha collaíochta agus teacht i dtír ar dhuine leochaileach. Rinne mé tréan iarracht na sonraí a sheachaint, mar mhothaigh mé smálaithe acu.

Tuigim gur den riachtanas é go mbeadh cásanna cúirte oscailte don bpobal; nach féidir riar na córa a chinntiú gan sin. Agus tuigim gurbh iad na mórmheáin súile an phobail. Ach is gnólachtaí iad freisin, agus díolann collaíocht.

San eagrán is déanaí den iris Comhar tá athchló déanta acu ar aiste a scríobh Paul Drury, a fuair bás ar na mallaibh (suaimhneas síoraí aige). San aiste sin, a foilsíodh i dtosach i Scéal Scéil déanann sé cás láidir ar son na nuachtán tablóideacha agus a ról i gcaomhnú an daonlathais. Cinnte, tá an díolaíocht a thugann scaipeadh forleathan dóibh bunaithe ar chíocha agus mása - ach déanann siad sciúrsáil ar fhimíneacht an chinsil freisin, dar leis, agus cuid mhór den fhírinne aige. Cén dochar mar sin pit Mhadonna a úsáid chun an díolaíocht a ardú?

Tar éis an tsaoil ná dúirt eagarthóir éigin "Nuacht is ea an rud nach mian le duine éigin feiceáil i gcló. Fógraíocht gach rud eile".

Tá ról ag nuachtáin, fiú na cinn tablóideacha, san daonlathas.

Ach go minic gabhann siad thar fóir agus in áit "fírinne a labhairt le cumhacht" scriosann siad saol iomlán duine aonair. Is seacht measa an scéil i re seo an idirlíon. Ar bhealaí ba í Monica Lewinsky - a bhfuil aithne againn ar fad uirthi mar an bhean úd - céad íospartach an chineál seo mí-úsáid cumhachta. Í ina hairm ag dream amháin pholaitiúil chun dream eile a ionsaí. A saol scriosta ag conairt iriseoirí thar oíche. Thug sí píosa fíor mhaith cainte ag TED le déanaí ag cíoradh na ceiste.
(Dála an scéal, bhain mé feidhm as Google leis an nasc sin a aimsiú. Ach a raibh a hainm scríofa agam mhol Google "todóg" nó "gúna gorm" mar iomlánú. Smeartha arís atáim).

Ní ceist iomlán nua atá ann, ar ndóigh - chíor Heinrich Böll an cheist ina úrscéal Oineach chaillte Katarina Blum - scéal faoi bhean a shleamhnaigh isteach i gcás coiriúil agus a dhéanann na meáin tablóideacha grinniú ar a saol, ag foilsiú tuairiscí áibhéalacha le iarmhairtí thubaisteacha do gach duine bainte leis an scéal (An iriseoir ina measc - lámhachann sí é)

Is gá mar sin d'iriseoirí a bheith freagrach, gan príobháideacht an duine aonair a shárú san fiach ar díolacháin. Fiú má tá an duine sin i súile an phobail.

Ní hionann i dtólamh leas an phobail agus a fhiosracht.

Ach ní cinsireacht (ná féin cinsireacht) an réiteach - tá ról ann don fhírinne a nochtar. Maidir liom féin, áfach, leanfaidh mé orm ag roghnú an méid a léim, go cúramach!