29 April 2015

Scaradh na gCompánach

Cé gur siar i Mí na Nollaig a chuaigh Reiner Rolff ar shlí na fírinne, is le cúpla seachtain anuas a bhí seirbhís cuimhneacháin dó ag an teach a thóg sé sa Ghleann Mór. (Dóibh siúd a bhfuil Gearmáinis acu, tá breis eolais faoi anseo, lch 10ff). Bhí Reiner ar feadh a shaol ina bhall gníomhach den aos ar a dtugtar sa Ghearmáin Bündischen, dreama d'eascair as gluaiseacht na hóige sa Ghearmáin idir an dá chogadh; dream a raibh gaol éigin acu le gasógaíocht Bhaden Powell ach a raibh agus a bhfuil a gcuid traidisiún láidre féin acu ag dul siar go dtí na meánaoiseanna, dream siúlach machnamhach.
Saoi ag go leor ab ea Reiner, a rinne cuir síos ar an meon mar seo:

„ein Netzwerk zwischenmenschlicher Beziehungen; menschenbildnerisch wirksam; ganzheitlich im Denken, Fühlen und Wollen; gegründet auf verbindlichen, kleinen Gruppen, bezeichnet durch Dezentralisierung; offen für Sinn-Fragen und Wesens-Erkenntnis; bereit zur Entfaltung aller Sinne des Menschen; verpflichtet eher dem Sein als dem Haben; ein Weg, ein Prozeß eher als eine Organisation; zukunftsweisend in einer gestrigen Gesellschaft; die Bewegung eines Anfangs; Teil eines weltweiten Paradigmata-Wechsels . . ."
Mogalra gaoil idir dhaoine; éifeacht oiliúna ar dhaoine aige; uilíoch i smaoineamh, mothú agus mian; bunaithe ar ghrúpa beaga dlúithe, comhartha sóirt air an dílárú; oscailte do cheisteanna céille agus aithint éirime; réidh chun gach céadfa an duine a fhorbairt; dílis don bheith seachas don seilbh; Bealach, modh seachas eagraíocht; ag léiriú treo chun tosaigh i sochaí gafa san inné; gluaisteacht an túis; cuid de athrú paraidíme domhanda.
Idéalaí ab ea Reiner a mhair a idéil; a thóg teach as fothrach lena lámha féin agus a d'fháisc talamh as fásach. Bhí sé gníomhach i measc pobail éagsúla Corca Dhuibhne, an cleas ealaíonta thar baile isteach ach freisin muintir na háite; mór chara leis ab ea Micheál Ó Dubhshláine beannacht Dé lena anam, agus is tríd a chuir mise aithne air.
An siolla Om ag doras Jurte na scéalaíochta
Múrphictúir Bob Ó Cathail
Bhí go leor as na haicmí seo ar fad bailithe ag an teach sa Ghleann Mór, áit a raibh luaithreach a bhean Ingrid curtha agus áit atá a luaithreach féin curtha anois lena hais. Mar a bheifí ag súil leis bhí nósanna na Gearmáine sa dtreis, nósanna na Bündischen. Sheas a raibh i láthair, canadh amhráin, bhí deis ag an té arbh mian leis cúpla focal a rá, cuireadh an próca luaithrigh, canadh amhrán eile.
Bhí proinn - cácaí, caife agus Chai - cumasc de tae, torthaí tirime agus fíon - ar fáil sa Jurte. Bothán adhmaid seo a thóg cairde le Reiner blianta siar ag aithris ar phubaill na Bündischen, ar aithris é féin ar áitreabh soghluaiste pobail na Steip. Bhí deatach an tine ró láidir don gcuid is mó againn ámh, agus pé scéal é bhí an ghrian ag taitneamh. Bhí comhráití spéisiúla ann idir na dreamanna éagsúla, trí theanga sníofa tríthe.
Jurte na scéalaíochta
Uaigh Reiner agus Ingrid
Radharc ón teach sa Ghleann Mór
Diaidh ar ndiaidh scaip an slua go dtí nach raibh fágtha ach a mhac Heiko, dornán de na Bündischen (rinneadh píosa grinn as ar ball, duine ag fiafraí an anseo a bhí na "Bündischen Senioren", i. na seanóirí). Tharraing duine acu giotár chuige féin agus cromadh ar amhráin fánaíochta na gluaiseachta a chanadh. Níl guth agam féin, ach b'shin rud a thaitin riamh liom cé go raibh mé i gcónaí i mo thost; slua chanadh amhráin spreagúla na saoirse, na fánaíochta, na comrádaíochta. Meabhraigh arís laetha m'aosánachta i measc na ngasóg i mBeirlín. Is é an chineál airneáin a thaitneoidh go mór le Reiner freisin, muid ag suí sa ghrian lasmuigh dá thigín, ag amharc siar i dtreo na mBlascaod agus Tiaracht, ag ceiliúradh saoil le ceoil.
Feartlaoi a dhiongbhála - comrádaíocht idir dhaoine nach raibh an oiread sin aithne acu ar a chéile roimhe, grúpa nach raibh le chéile go díreach mar sin riamh, ach a thug Reiner le chéile i meon, mar a rinne a liachtaí uaireanta roimhe.
Ag meabhrú dom ar phictiúr Bob Ó Cathail a bhí mar adhaint comhrá cois teallaigh go minic aige, agus ag amharc siar amach sa bhóchna rithe sé liom go raibh aistear eile tosaithe aige; aistear ar shlí an Fírinne, chuig Tí Donn, seans.

Suaimhneas síoraí go raibh aige.

No comments: