01 June 2015

Na Cnocadóirí i mBrú Bhealach Eabhra

B'é Brú Bhealach Eabhra i gCill Fhíonáin ceanncheathrú na Cnocadóirí do dheireadh seachtaine thaitneamhach siúlóide sna cnoic idir Luimneach, Tiobraid Árainn agus Corcaigh. Bhíomar san ionad sin de bharr gur chuir lucht an bhrú forrán r-phoist - as Gaeilge - ar duine den lucht eagar.

Bhí deis againn mar sin ár ngnó a dhéanamh tré Ghaeilge le lucht an bhrú. 

Tá an brú féin le moladh - tógtha as an nua agus machnamh déanta san tógáil. Seomraí fairsinge, leapacha compordacha. Ceathanna teo, chaon ceann acu ina sheomra ar leith. Cistin agus seomra proinne leordhóthanach.  Tá sauna ann fiú (ach níor bhain mé triail as an babhta seo)

Troscán cuanna adhmaid deartha ag fear an tí féin (ach comhartha ar saol ár linne, is san Indinéis a déantar an troscán atá ar fáil ó Bhatavia)

Seomra suite compordach. Tine breá adhmaid. (Tá teilifíseán ann, ach is féidir san a mhúchadh!)

Ceanncheathrú ana oiriúnach ab ea é, gar do na Gaibhlte agus Bealach Eabhra féin. De Satharn chuaigh muid ar fad ag tosú amach ar lúb mhór go Cnoc Mór na Gaibhlte. ó dhroichead Cloideach. Bhí an aimsir sách maith ag tosú amach ach bhí an sliabh clúdaithe le scamall faoin am a thrasnaigh  muid an Cois. Bheartaigh cuid againn dul anuas ag an bpointe sin, agus lean an chuid eile againn ar aghaidh, dreapadh géar isteach sa cheo suas Gaibhlte Beag. Óna mhullach sin bhí muid sa cheo ar fad. Bhí lón againn ar an mám idir an dá bheann, áit a raibh foscadh éigin. Suas in aghaidh an fhána ansin isteach i gceo agus gaoth nimhneach. Faraor, radharc dá laghad ní raibh againn. (Go deimhin bhain mé díom mo spéaclaí mar go raibh mé chomh caoch céanna leo is gan iad!) Bhí muid tamall maith eile san cheo sular tháinig muid anuas as arís. Siúlóid sách dian a bhí ann, 16 km san iomlán agus dreapadh 1100 méadar ar fad - codanna dé ana ghéar.

Táim féin as cleachtadh is baolach agus shocraigh mé é thógáil go réidh agus siúlóid éasca a dhéanamh ar an Domhnach. Thug ceathrar againn faoin siúlóid i nGleann an Áir atá ainmnithe as an údar cháiliúil Canon Sheehan. Bhí dea chomhairle faighte againn agus rinneamar é a shiúl malairt treo atá leagtha amach ar an mbileog sa chaoi is gur thosaigh muid amach ar bhóthar coille a bhí rud beag leadránach ainneoin go raibh corr radharc álainn; d'fhilleamar tríd mothar-choill cois abhainn.

Siúlóid breá réidh.

Thug an chuid eile faoi Ladhar an Chapaill agus bhain taitneamh as ainneoin go raibh sé nimhneach fuar.

Cé go bhfuil seacht cinn de thithe tábhairne i gCill Fhionnáin níl ach proinnteach amháin (maille greim gasta). Bhíos sásta leis na béilí a d'ith mé i Molly's Restaurant - príomh mias ar thart ar 10 €, gnáth béile Éireannach le feoil, glasraí agus fataí. Bhí na milseoga go deas freisin.

Bé tuairim ár saineolaithe ná gurbh Tí Cheilleachair rogha na tithe tábhairne, saor ó mhallacht an teilifíseáin. Bhí beoir ón grúdlann ceirde áitiúil acu - 8 Degrees - agus thaitin an leann griandóite agus an Boihéamach Costarnocht liom

Leis an rabhadh aimsire atá ann, d'fhill mé ar an ardchathair agus an baile maidin inniu.

Beidh fonn orm filleadh!