13 June 2015

Náisiún Caitliceach?

'Is ar náisiúnachas caitliceach seachas ar náisiúnachas gaelach a tógadh an stáit nua '

Bhí an méid sin le rá, i measc go leor rudaí stuama eile, ag Peadar Kirby ina aiste Tábhacht na Gaeilge i dTodhchaí na Tíre - The Necessity for Re-Europeanising Ireland. Tá an rud céanna ráite roinnt uaireanta ina shaothair ag Earnán de Blaghd - Protastúnach (agus sinsir aige arbh Cruifearaigh1 iad)  as Uladh a bhí i dtús cadhnaíochta agus an stáit á bhaint amach. Chonaic seisean an náisiúnachas Chaitliceach seo ag borradh san feachtas um Imriail a bhí ag Feisirí an Pháirtí Éireannaigh i dtús an chéid seo chaite, agus chonaic sé an chaoi a raibh ding á chuir idir Protastúnaigh Uladh agus an gluaiseacht náisiúnta.

Is fíor dóibh beirt. Tá an scéal níos measa áfach. Mar ní náisiúnachas bunaithe ar smaointeoireacht Chaitliceach a bhí i gceist. Tá's ag léitheoirí an bhlag seo gur pápaire neamh-leithscéalach mé féin agus go gcreidim go bhfuil áit dlisteanach ag smaointe atá faoi anáil teagasc na hEaglaise sa chearnóg poiblí, ar an mbonn céanna le fealsúnacht saoránaigh ar bith eile; agus go bhfuil dualgas agus ceart ag aoirí na hEaglaise na smaointe sin a fhógairt gach eagla.

Ach is treibheachas idirdhealaitheach a bhí i gceist. Ró urraim do chliarlathas a bhí galldaithe agus piúratánach. Meánaicme santach a bhain feidhm as údarás na hEaglaise agus meas ar a cléirigh le smacht a choimeád ar an bpobal a raibh tábhacht ag a mballraíocht san treibh lárnach dá féin mheas.

Bhí buntáistí ann don stát nua, d'fheadfaí cúraimí go leor a leagann ar chléir a shaothraigh beag beann ar phá nó ar maoin; cuid mhór acu le flosc idéalach ar son Críost.

Liosta le háireamh na hoilc a d'eascair don pobal, don Eaglais agus don Stáit as an gcaidreamh mí-fholláin seo, a bhfuil an fhianaise doshéanta  ag pléascadh is ag brúchtadh aníos le blianta beaga anuas. N'fheadar áfach an bhfuil scagadh cheart á dhéanamh ar na fréamhacha: d'fhág an socrú teolaí seo modh éifeachtach ag an gcinseal an phobal a mhúnlú de réir a dtola.

Sílim go léiríonn cás an Scéim Máthair agus Leanaí, mar shampla, an dóigh ar úsáid na Dochtúirí mór le rá cumhacht na hEaglaise le scéim a chuirfeadh isteach ar a saibhreas is cumhacht féin a scrios. Tá marbhfháisc fós ag na Dochtúirí Comhairleacha ar an gcóras sláinte abhus.

Cé go bhfuil cumhacht an chliarlathais Caitliceach briste abhus, is fada fós muid ó res publicae ina bhfuil guth ag gach saoránach. Tharlódh go bhfeadfadh athbheochan Gaelach an cosán sin a ullmhú.

Ach tá cinseal is údarás fós láidir!

Caithfidh an stáit a bheith bunaithe ar urraim do dhínit gach duine faoi seach; ach freisin ar urraim ar na caidreamh idir dhaoine atá neamhspleách ar an Rialtas; an teaghlach, an pobal áitiúil, cumann áitiúla idir spóirt is eile.Tá coimhdeacht tábhachtach - go réiteofaí ceisteanna chomh gar dóibh siúd atá i ngleic leo agus is féidir.

Bhfuil ceachtanna foghlamtha againn mar stáit agus pobal?



1 Cruifearach an focal atá ag an mBlaghdach ar Preispitéireach. Tá an focal cruimther ar sagart le fáil in edil.

2015-06-15 Leasaithe de bharr tagairt Néidí thíos.

6 comments:

Vincent Morley said...

'Is ar náisiúnachas caitliceach seachas ar náisiúnachas gaelach a tógadh an stáit nua'.

Ná bac leis an stát: is ar bhonn an Chaitliceachais a bunaíodh an náisiún! Ba é an Caitliceachas an gliú a ghreamaigh na Gaeil agus na Sean-Ghaill le chéile i dtús an 17ú céad. Náisiún cumaisc ba ea é ón tús: cé gur líonmhaire iad na Gaeil, bhí stádas sóisialta níos airde ag na Sean-Ghaill - rud a d'fhág gur mhó an meas a bhí ag na hÉireannaigh ar an mBéarla ná ar an nGaeilge ó aimsir Chomhdháil Chill Chainnigh i leith.

aonghus said...

Pointe suntasach. Freagra níos iomláine de dhíth! Ar ball LCD.

Néidí said...

Ba Eaglais na hÉireann Earnán de Bhlaghd, D'iompaigh a mháthair agus tá focal spéisiúil aige do Phreibistéirigh di, ach ní chuimhin liomsa é...

http://www.census.nationalarchives.ie/pages/1911/Antrim/Magheragall/Magheraliskmisk/199668/

aonghus said...

Buíochas as an beachtú.

Cruifearach a thug sé ar Phreibistéirigh in a leabhar. Rinne mé talamh slán de gur ball den Eaglais sin é mar go raibh sé ar lóistín i mBÁC i mbrú dá gcuid. Sleamchúis arís!

Néidí said...

D'fhan sé sa lóistín céanna lena chol cheathrar, ar thaobh a mháthár. Bhí focal aige a thosnaíonn le u dá mháthair.

Tugann sé cruifearach air féin mar go dtagann sé sliocht Alba, seo an brí a bhí agam leis ón leabhar.

aonghus said...

Preispitéireach atá luaite leis sa Ghluais ar "Trasna na Bóinne".

Féach freisin: http://www.ainm.ie/Fulltext.aspx?SearchText=cruifearach&SearchMode=keywords

Is cuimhin liom é ag rá go ndeachaigh sé go seirbhísí éagsúla Protastúnacha lena sheanathair, ach tá an leabhar ar ais sa leabharlann anois.