Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-06-21

Réamhrá "Briseadh na Teorann"

Tá an Chríchdheighilt ann toisc gur éiligh Prodastúnaigh na tíre í, go mórmhór Prodastúnaigh an Tuaiscirt.
Go brách, ní imreoidh Sasana ná aon chumhacht eile éigníocht ar Aondachtóirí na Sé gContaetha d'fhonn a thabhairt orthu ceangal, dá n-ainneoin, leis an Phoblacht.
Muran féidir a áiteamh ar chúpla céad míle Prodastúnach sa Tuaisceart go mba chóir dóibh vótáil ar son athaontú na hÉireann, ní chuirfear deireadh leis an Teorainn go deo.
Ní éireoidh linn choíche dearcadh na nAondachtoirí a athrú le bagairt ná le fonóid ná le ciapadh.
Is as a gconlán féin a d'éiligh na Prodastúnaigh an Chríchdheighilt agus ní ar iarratas ná ar mholadh ó Shasanaigh ná ar mhaithe le Sasana.
Um thosach na haoise seo, bhíodar uilig ach, béidir, duine as an míle, i gcoinne féinriail a bhieth ag Éirinn; agus bhíodar amhlaidh toisc go raibh curtha ina luí orthu ag Caitlicigh na hÉireann, leis an slí inar thréigeadar-sin an Ghaeilge agus traidisiúin a sinsear, nach mar chuspóir náisiúnta a bhíothas ag iarraidh greim Shasana a bhogadh d'Éirinn ach ar mhaithe leis an chreideamh Caitliceach agus dada eile.
Ní bheifear in ann slua mór de Phrodastúnaigh an Tuaiscirt a thabhairt ar thaobh na Poblachta feasta gan dóthain athbheochana a dhéanamh ar ár náisiúntacht cultúrtha lena fhágáil ní hamháin follasach ach do-shéanta, fiú ag lucht an amhrais, go bhfuil aidhm níos leithne ag Náisiúntaigh na tíre ná Éire a iompú ina hIar-Bhreatain neamhspleách nach mbeadh ag deachráil a muintire ó na daoine thoir ach cúrsaí creidimh.
An té go mba mhian leis aon rud a dhéanamh ar mhaithe le hathaonú na hÉireann ní mór dhó, dá dheacracht leis é, na fíricí seo a ligint lena ais, agus a lán fíricí eile mar iad.