Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-07-22

Bréanainn ó Scrín go Scrín

 Ainneoin go raibh tuar na haimsire fíor mhaith don 30 Meitheamh níor shroich an dea aimsir Corca Dhuibhne. I gceo trom a thrasnaigh muid Mám Conrach sa charr. Bhí an chuid eile ag tabhairt aghaidh ar Caisleáin Ghriaire agus an Machairí chun spóirt éagsúla uisce a chleachtadh. Bhí fúmsa siúl ar ais go dtí an Baile Breac thar Cnoc Bréanainn. Ní raibh sé dreaptha agam fós ón Leitriúch. 

Caitheadh amach as an gcarr mé mar sin ag bun na máma, ina aice le Loch a'Dúin agus shiúl mé ar an mbóthar i dtreo an sráidbhaile an Chlocháin. Bhí dóchas agam go nglanfadh an aimsir.

Ní raibh ar mo chumas siúl thar an mBácús san sráidbhaile, bhí boladh cumhra an aráin úr ag teacht as. Bhuail mé isteach agus chonaic rogha bhreá aráin mar a chífeá ar an Mór Roinn.
Ag amharc ó thuaidh ón scrín
 Níor shíl mé go mairfeadh bulóg ar aistear thar an sliabh i'm thiachóg mar sin ní dhearna mé ach dornán builíní - pain au chocolat agus gnáth arán bán a chrochadh liom mar phroinn ar an slí. (Chuaigh mo nuachar ar ais lá eile d'fhonn arán bhreá a fháil. Ní raibh díomá orainn).

Bhí mé anois ar slí Corca Dhuibhne ar feadh seal. Ag fágáil an bhaile chuaigh mé thar sean Eaglais agus Reilig suntasach. Seachas, mar is iondúil in Éirinn, uaigheanna san úir bhí másailéim ann, tithe beaga stroighne. Is dócha nach bhfuil an chré oiriúnach ann.

Lean an chonair ar aghaidh ansin tríd móinéar sách fliuch ina raibh magairlíní meidhreacha fairsing, trasna feadán ar dhroichead bheag agus suas tríd cluain sách bog agus amach ar an mbóthar arís. 
Scrín, An Fhaiche
 Casann Slí Chorca Dhuibhne ar dheis ansin, chas mise ar chlé i dtreo na scríne ag An Fhaiche.
Chonaic mé giorria sléibhe ag baint sult as léana súmhar teach saoire folamh, agus sciorr easóg trasna an bhóthair romham.
Ba léir anois nach raibh aon tuar le teacht faoi thairngire lucht aimsire,  agus thosaigh ceobhrán.
Lean mé orm mar sin féin tar éis paidir ghairid ag an scrín, agus tháinig chomh fada le dís eile ag siúl.  Fear as Meiriceá, agus a chliamhain as Béal Feirste. Bhí fear Mheiriceá tar éis a chuid taighde a dhéanamh, ina measc cúpla scannán ar Youtube!
Bhí luas maith fúmsa, agus d'fhág mé i mo dhiaidh iad.
Cosán oilithrigh atá san siúlóid seo, agus bhí sé deá mharcáilte le cuaillí agus saighid ar na carraigeacha. Ba mhithid, mar bhí an uain go hainnis. Gaoth agus ceobhrán. Bhain mé díom mo spéaclaí agus níor chuir orm arís iad go raibh an taobh eile bainte amach agam! Bhí ana díomá orm, mar bhí mé ag tnúth leis na locha Pater Noster a fheiceáil. Smid díobh ní fhaca mé.
An Cros ag barra an Chnoic

An Scrín ag an mBaile Breac
Shamhlóinn ana phleisiúir a bheith le baint as an turas seo ar lá breá. Shiúl mé liom ar aghaidh, an cosán ag leanadh ar aghaidh go soiléir, an dreapadh ag dul i ngéire de réir mar a dhruid mé Cnoc Bréanainn féin. 
I cúpla áit, mé anois ag siúl in aice le sruthán, bhí mé ag dreapadh dáiríre, lámha ag tacú leis na cosa. Bhí roinnt locha ag beathú an tsrutháin a bhí ag titim go meidhreach le fána. Ba diamhair an radharc iad i gciúnas an cheo, an ghaoth bactha anois ag an sliabh agus mé gar don gcuid is géire. Tá suaimhneas ar leith ar sliabh, ní haon ionadh go bhfuil an nós oilithrigh go sliabh buanaithe sa chine.
Os cionn na locha téann an cosán i bhfíor géire do dtagann an siúlóir amach arís ar an mullach sceirdiúil, roinnt céadta méadar siar ón mbarr. Níorbh fada go raibh an barr bainte amach agam. Meán lae a bhí anois ann, agus mé ar mo chosa óna hocht. Bhí mé buíoch den anraithe te a bhí liom i fleasc. Chaith mé mo phroinn i bhfothrach clocháin atá gar don cros ag barr, agus thug aghaidh ansin ar Chosán na Naomh anuas go Baile Breac. Arís, de bharr gur cosán oilithrigh atá ann tá sé marcáilte go maith le cuaillí bána agus tá sé chros déag san iomlán fán mbealach - péire sa bhreis ar an cheithre cinn déag i dTuras na Croise.
Ba mhithid, mar níor scaip an cheo go dtí go raibh an scrín ag barr an bhóthair sa mBaile Breac bainte amach agam. Thart ar leathuair tar éis a dó a bhain mé an teach amach, fliuch báite ach sásta go raibh an siúlóid déanta seachas curtha ar an méar fhada bliain eile. 
Fonn láidir orm mar sin féin é shiúl arís le súil na radharcanna a bhí ceilte sa cheo a bhlaiseadh.